Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard is an Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor (GNU Free Documentation License an teideal Béarla, le GNU FDL nó GFDL mar ghiorrúcháin) ná ceann de na ceadúnais is coitianta don ábhar saor. Is macadamhail é leis an gCeadúnas GNU Ginéarálta Poiblí, a bhaineann le ábhar oscailte. Foilsítear ag an Free Software Foundation é, an grúpa a stiúrann an tionscadal GNU.
Ceapadh an ceadúnas le haghaidh úsáid le lámhleabhair, téacsleabhair, ábhair thagartha agus theagasacha eile, agus doiciméadúcháin den tsaghas sin a ghabhann le bogearraí GPL de ghnáth. Is féidir é a úsáid le saothar téacs ar bith, áfach, gan trácht ar an ábhar atá i gceist. Déanann an ceadúnas coinníoll de go gabha an ceadúnas céanna le cóip ar bith den ábhar, fiú má athraítear é. Ceadaítear na cóipeanna sin a dhíoladh, ach má dhéantar na cóipeanna ina mhórcodanna, caithfear iad a chur ar fáil i bhfórmáid atá éasca le hathrú.
An Vicipéid an tionscadal is mó i measc na dtionscadal faoin GFDL.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.