Kemper
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is cathair agus chomh-phobal in iarthar na Briotáine í Kemper (Quimper as Fraincis, Corspotium as Laidin). Tá tuairim is 70,000 daoine ina gcónaí inti.
Clár ábhair |
[athraigh] Suíomh
Tá an chathair suite i ngleann ina thagann béal aibhne an Odet agus an Steir le chéile gar do chósta thiar-theas na Briotáine agus is príomh-chathair Contae Penn-ar-Bed í. Tá sí 55km siar ó thuaidh ó An Orient, 172km siar ó Roazhon agus 485km siar ó dheas ó Pháras.
Tagann a h-ainm ón bhfocal Briotánach kembraeg (mar an gcéanna leis an bhfocal cumar as Gaeilge) ar ghabhal dhá ghleann.
[athraigh] Stair
Bhí baile ann i aimsir na Rómhánaigh agus ba shuíomh easpaig í sa bhlian 495. Glaotar Bro-Gerne (La Cornuaille as Fraincis) ar an réigiún mor-thimpeall Kemper mar gurb as Corn na Breataine muíntear na h-áite a theith ó na Sacsannaigh i ndiaidh titim Impireacht na Róimhe sa 6ú aois.
Aontáiodh an deoise le Diúcacht na Briotáine san 11ú aois ach scriosadh Kemper le linn cogaidh cathartha na Fraince san 14ú aois agus ghabh Diúc Montfort í sa bhlian 1364.
I ndiaidh éirí amach tuathaigh Bro-Gerne sa bhlian 1490, thosnaigh Kemper, i dteannta leis an gcuid eile den Bhriotáin, ag teacht faoi thionchar na Fraince. Tar éis pósadh an Bhan-Dicúa Claude le Rí na Fraince sa bhlian 1518, bhí bunús dlithiúl ag éileamh Tí Valois ar an mBriotáin. Aithníodh go forleathan é nuair a tháinig Henri IV Navarre i réim le bunú Tí Bourbon sa blian 1584 agus nuair a ghéill rialtas sealdach na Briotáine Mercouer don rí sa bhlian 1598.
Bunáiodh tionscoil potadóireachta Faïence Quimper sa bhlian 1690. Rugadh René Laënnec, aireagóir an steatascóip i gKemper sa bhlian 1781.
Aistríodh ainm an bhaile go Montagne-sur-Odet ar feadh tamaill bhig i ndiaidh réabhlóid na Fraince sa bhlian 1789.
Tháinig an iarnród chuig an gcathair ar a slí go dti calafort Douarnenz sa bhlian 1863. aontaíodh na ceithre chomhphobail (Kemper, Ergué-Armel, Kerfeunteun agus Penhars) sa bhlian 1960 chun mor-chathair Kemper a chruthú.
[athraigh] Radharcanna
Is í Ardeaglais ar stíl Gotach Naomh Chorentin (a ainmníodh i gcuimhne an chéad easpag Kemper) an radharc is cáiliúla i gKemper. Tógadh í idir an 13ú agus an 16ú aois. Tá a dá thúr 80m ar airde agus tógadh stuanna ar an mbeirt díobh sa 19ú aois. Bunaíodh Séipéal Locmara ar stíl Rómháineisceach sa 11ú aois.
Tá sean-fhallaí an bhaile fós le feiscint gar do Sean-Phalás an Easpaig.
Tá cuma ar leith ar shean-bhaile Kemper agus tá a lán tithe leath-adhmad le feiscint fós ann. Tá fócas na cathrach dírithe freisin ar na céanna ar bhruach an Odet.
[athraigh] Cultúr
Tá bailiúcháin mór d'earraí ó shean-saol na Briotáine le feiscint in Iarsmalann Réigiúnach na Briotáine (Musée Departmental Breton) atá suite i Sean-Phalás an Easpaig.
Tá Iarsmalann na hEalaíona (Musée des Beaux Arts) in aice Palás an Easpaig, foirgneamh ón 19ú aois ina bhfuil bailiúcháin pictiúirí ón 14ú aois i leith. Ina measc, tá pictiúirí Bhoucher, Chorot, Oudey agus Rubens chomh maith le saothair scoil Pont-Aven ar nós Denis, Lacombe, Moufra agus Sérusior.
Tá an Bhriotáinis agus cultúr na Briotáine níos láidre i mBro-Gerne ná in aon limistéar eile. Bíonn Féile Rinnce Bhro-Gerne ar siúl i gKemper le linn seachtain deireannach Iúil gach blian.
Is féidir obair an photadóra cáiliúla Jean-Baptiste Bousquet le feiscint in Iarsmalann Faïence.
[athraigh] Nasc-Bhailte
Tá Kemper nascaithe le Luimneach in Éirinn, Remscheid sa Ghearmáin agus Falkirk in Alba.
|