Penn-ar-Bed
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Penn-ar-Bed (Finistère as Fraincis) an contae is faide siar sa Bhriotáin.
Clár ábhair |
[athraigh] Suíomh
Tá cósta an Aigéin Atlantaigh ar thrí thaobh di. Tá Contae Aodoù-an-Arvor suite ar a teorainn oir-thuaiscirt agus tá Contae Mor-Bihan soir ó dheas di.
Ciallaíonn an t-ainm 'Ceann an Domhain' nó deireadh an domhain. Ar an dtaobh thuaidh di i sean-limistéar Leon, tá an cósta íseal den chuid is mó le tránna gainimhe. Tá aillte agus cuain doimhin ar an gcósta thiar agus theas agus is ann atá limistéir ársa Bro-Gerne, a ainmníodh ó na daoine a lonnaigh san áit fadó as Corn na Breataine.
Cruthaíodh Penn-ar-Bed i ndiaidh Réabhlóid na Fraince nuair a aontaíodh Leon leis an gcuid is mó de sean-limistéar Bro-Gerne.
[athraigh] Daonra
Sa bhlian 1999, bhí 852,418 duine ina gcónaí sa chontae, an 24ú líon is mó i measc départments na Fraince. Bhí 303,484 bailithe i mór-chathair Bhrest ag an am.
Is i bPenn-ar-Bed is mó a labhartar Briotáinis. Bíonn an-chuid féilte ann go háirithe i rith an tsamhraidh.
[athraigh] Bailte
Cé gurb í Brest an chathair is mó i bPenn-ar-Bed, is í Kemper (Quimper as Fraincis) príomhchathair an réigiúin agus tá an-cháil ar photadóireacht Faïence atá bunaithe inti. Is ón bhfocal kembraeg a thagann ainm na cathrach. Ciallaíonn sé 'cumar' agus is ann a thagann trí abhainn, an Steir, Odet, agus an Jet le chéile. Tá ardeaglais naomh Corentin, a bhfuil dhá thúr uirthi agus dealbh den rí Gradlon ar muin capaill idir eatarthu. Tá nasc idir Kemper agus Luimneach in Éirinn.
I dtuaisceart an régiúin tá Montroulez (Morlaix as Fraincis) a bhí tráth ina calafort tábhachtach d'fhoghlaithe mara, agus tá tarbhealach ollmhór don bhóthar iarainn crochta os cionn an bhaile ó tógadh é sa 19ú haois.
Siar ó thuaidh ó Kemper tá baile iascaireachta Douarnenez, agus de réir an tseanchais is i mbá Douarnenez a bhí cathair Ys mar a raibh Gradlon ina rí, suite.
[athraigh] Eacnamaíocht
Is í Brest ceann des na calafoirt is mó san Fhrainc agus tá ionad mór cabhlach na Fraince suite inti freisin. Ba lárionad d'fhomhuireáin na Gearmáine í le linn an Dara Cogadh Domhanda. Is inti a thógadh an t-iompróir eitleán Francach, an Charles de Gaulle, ceann de na longa cogaidh is mó ar domhan. Bíonn féilte móra seoltóireachta i mBrest gach bliain. Tá nasc idir í agus Dún Laoghaire in Éirinn.
Tá nasc farantóireachta idir Rosscoff agus Corcaigh, agus bailte i Sasana.
Talmhaíocht, próiseáil bia agus turasóireacht na tionscail eile is mó atá ann.