Quaoar
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceann de na réadanna is mó i gCrios Kuiper é Quaoar. Tá sé míle trí chéad ciliméadar ar trastomhas, agus é ar an réad is mó dár fionnadh sa Ghrianchóras ó fuarthas amach faoi Phlútón. Tá sé ag timpeallú na Gréine ceart go leor, ach má tá, tá sé ceithre huaire agus dhá scór (!) níos faide uaithi ná an Domhan. Is beag eile is eol dúinn faoin réad rúndiamhrach seo, chomh fada amach uainn is atá sé.
Tháinig an t-ainm sin "Quaoar" as teanga na mbundúchasach i gCailifornia Theas, agus seasann sé don dia cruthaitheora ina reiligiún siúd. Creideann siad gurb é Quaoar an chéad dia a tháinig ar an bhfód i dtús ama, an dia a thosaigh ag rith damhsa agus ag rá amhrán leis na déithe eile a scairteadh chun saoil.
B'iad Michael Brown agus Chad Trujillo, agus iad ag obair in Institiúid Teicneolaíochta Chailifornia (Caltech) i bPasadena a tháinig trasna ar Quaoar thar aon duine eile. Cupla bliain ina dhiaidh sin, is é sin, i bhFeabhra na bliana 2004, a tháinig siad ar réad níos mó fós i gCrios Kuiper, réad nach bhfuil d'ainm air i láthair na huaire ach uimhir.
athraigh Grianchóras |
---|
![]() |
Pláinéid: Mearcair - Véineas - an Domhan - Mars - Iúpatar - Satarn - Úránas - Neiptiún |
Abhacphláinéid: Ceres - Plútón - Eris |
Eile: An Ghrian - An Ghealach - Crios astaróideach - Cóiméad - Crios Kuiper - Scamall Oort |