Eris (abhacphláinéad)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Abhacphláinéad is ea í Eris (nó 136199 Eris) atá suite ar imeall an ghrianchórais, níos faide ón ghréin ná Plútón. Ceann de réadanna an diosca scaipthe atá inti, nó ní féidir í a aicmiú go sásúil mar réad de chuid Chrios Kuiper ná mar cheann de chuid Scamall Oort, ach an oiread. Nuair a thángthas trasna ar Eris, b'éigean aicmiú nua a fháil do Phlútón, ós rud é nach raibh aon chúis cheart le "pláinéad" a thabhairt ar Phlútón a thuilleadh, agus an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil cuid mhaith réadanna eile amuigh ansin ar féidir dóibh a bheith ar aon mhéid le Plútón. Go bunúsach, is é an t-aon ábhar a bhí ann le Plútón a aicmiú mar "phláinéad" ná gur fionnadh é i bhfad roimh na réadanna tras-Neiptiúnacha eile, chomh luath leis an mbliain 1930. Mar sin, cheap Cumann Idirnáisiúnta na Réalteolaithe coincheap nua - abhacphláinéad - leis an bhfadhb a fhuascailt.
B'iad Mike Brown, Chad Trujillo, agus David L. Rabinowitz, a chuir an chéad sonrú in Eris, agus is é an chéad ainm a thug siad ar an réad ná Xena - ag tagairt do bhanphrionsa na gcogaithe ar an teilifís! Ar ndóigh, nuair a thug siad faoi deara gealach bheag ag timpeallú "Xena", bhaist siad "Gabrielle" uirthi. Is é an t-ainm atá uirthi inniu ná Dysnomia. Tá an dá ainm ag tagairt do chonspóid agus d'easaontas, nó ba mhór an t-ábhar easaontais do shaol na réalteolaíochta é an catagóir ceart réalteolaíoch a cheapadh d'Eris. B'í Eris bandia an easaontais i gcreideamh na sean-Ghréige, agus ciallaíonn Dysnomia "aindlí". Is féidir tagairt do Xena a aithint san ainm seo, freisin, ós rud é gurb é an focal Béarla ar "aindlí" ná "lawlessness", agus páirt Xena á déanamh ag aisteoir mná arb ainm di Lucy Lawless.
Tá foireann Mike Brown ag obair in Ollscoil Teicneolaíochta California, nó Caltech, i bPasadena, agus ní hí Eris an chéad fhionnachtain den chineál seo a rinne siad ar aon nós. Roimhe seo, tháinig Brown agus Trujillo trasna ar Quaoar, agus bhí Rabinowitz ag comhoibriú leo cheana nuair a d'fhionn siad Sedna agus Orcus.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
athraigh Grianchóras |
---|
![]() |
Pláinéid: Mearcair - Véineas - an Domhan - Mars - Iúpatar - Satarn - Úránas - Neiptiún |
Abhacphláinéid: Ceres - Plútón - Eris |
Eile: An Ghrian - An Ghealach - Crios astaróideach - Cóiméad - Crios Kuiper - Scamall Oort |