Satarn (pláinéad)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Satarn (dia na talmhaíochta ag na Rómhánaigh) an séú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras agus an dara ceann is mó. Tá trastomhas de 119,300 ciliméadar aige agus ní mhaireann an lá ach deich n-uair a chloig go leith, rud a dhéanann cothromú ar na poil. Hidrigin is mó atá san atmaisféar agus bíonn stoirmeacha fíochmhara le feiceáil ón domhan. Cuireadh suntas ó thús i gcóras fáinní Satarn agus san iliomad gealach atá ag an bplainéad. Tá 31 díobh ainmnithe agus is é Titan an ceann is mó, é níos mó ná cuid de na plainéidí.
Tá ceann de laethanta na seachtaine ainmnithe ó Satarn (Dá Satharn).
Thug na spásárthaigh Pioneer ii (1979) agus Voyager 1 agus 2 cuairt ar Satarn agus tá an t-árthach Cassini ag timpeallú an phlainéid faoi láthair (ón 1 Iúil 2004).
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
athraigh Grianchóras |
---|
Pláinéid: Mearcair - Véineas - an Domhan - Mars - Iúpatar - Satarn - Úránas - Neiptiún |
Abhacphláinéid: Ceres - Plútón - Eris |
Eile: An Ghrian - An Ghealach - Crios astaróideach - Cóiméad - Crios Kuiper - Scamall Oort |