Réalta Barnard
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í Réalta Barnard an ceathrú réalta ar an spéir is cóngaraí dúinn, nó an dara ceann is cóngaraí, má áirítear trí réalta Alpha Centauri mar aon réalta amháin. Tá Réalta Barnard suite faoi 5.96 solasbhliain dínn, nó 1.8 parsoic. Tá sí le feiceáil i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna, ach le fírinne, ní cuid súl í, ós rud é nach bhfuil inti ach abhacréalta dhearg.
Tá Réalta Barnard ainmnithe as an réalteolaí Meiriceánach Edward Emerson Barnard, a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1916.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.