Rudolf Virchow
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lia ab ea Rudolf Virchow (rugadh ar an tríú lá déag de mhí Dheireadh Fomhair 1821 i Schivelbein, Pomerania é agus fuair sé bás ar an cúigiú lá de mhí Mhéan Fomhair, 1902 i mBeirlín) ón Ghearmáin, a bhí ina bpaiteolaí, réamhstairí, bitheolaí agus polaiteoir.
Oiliú é i leigheas ins an acadamh míleata i mBeirlín, agus bronnadh a chéim air sa bhliain 1843. Rinneadh ollamh de sa bhliain 1847. Bhog sé go Wurzburg dhá bhliain ina dhiaidh sin ar cúiseanna a bhain le polataíocht. D’fhill sé ar Bherlin sa bhliain 1856.
Deirtear go ndearna sé go leor fionnachtain ina shaol. Dúradh gurb eiseann an céad duine a rinne cur síos ar leukaemia. Sé an dlí eolaíochta is cáiliúla a rinne sé cur síos ar ná Omnis cellula e cellula (is ó chill a thagann chuile cill) a fhoilsíodh sa bhliain 1855.Tá an coincheap seo bainteach leis an smaoineamh nach n’éirionn an torgánach i lug tinn ach gurb iad na chilliní iad fhéin a n'éiríonn tinn. Rinne Virchow soiléiriú ar embolism sna scabhógaí agus b’eiseann a thug an tainm embolus dúinn. Thug sé cúntas ar tinneas ar a ghlaoítear Virchows Triad a bhaineann le cruthú thrombus.
Ba pholaiteoir é freisin (Ball de Comhairle Cathrach Beirlín, An Pharlamint Prúisseach ó 1861 agus an Reichstag 1880-1893). Rinne sé sárobair ar son sláinte an cosmhuintir ag iarraidh feabhas a chuir ar a bhfoinsí uisce agus leasú cursaí séarachais. Chreid sé go raibh dlúthbhaint ag cursaí sóiseálta le sláinte agus chuir sé an smaoineamh sin chun chinn. Bhí sé ina bhunaitheoir den phartaí politiciúla, na Liobáralaigh, agus sheas sé go daingeann in agaidh Bismarck.
D’obair sé lámh as lámh le Bismarck ar shlí amháin, áfach, agus b’in sa Kulturkampf (focal a chum sé fhéin is é ag tagairt do na Maigesetz, ie Dlíthe Bhealtaine) in agaidh an chléir Chaitleachach.
Ba scríbhneoir torthúil é. Rinne sé cur síos ar modh chun scrúdú iarbháis a dhéanamh a bhfuil á núsaid go forleathan síos go dtí an lá atá inniu ann. B’é Virchow duine de bhunathóirí leigheas mar eolaíocht agus tá a thionchar fós le fheiscint i chuile gné de chleactadh an leighis chomhaimseartha.