Táidsícis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teanga Iaránach is ea í an Táidsícis a labhraítear sa Táidsíceastáin. Tá sí an-chosúil leis an bPeirsis, agus is féidir a rá gur canúint de chuid na Peirsise atá ann, go bunúsach. An teanga liteartha a shaothraítear sa Táidsíceastáin, áfach, tá sí bunaithe ar an gcineál Táidsícise is mó a bhí faoi thionchar na hÚisbéicise, agus dealraíonn sé go raibh cúiseanna polaitiúla leis an bpolasaí seo - is é sin, go ndearna na húdaráis Shóivéadacha iarracht d'aon ogham na Táidsícigh a choinneáil scartha ón Iaráin. Ar chúiseanna den chineál chéanna, chuir siad an aibítir Choireallach i bhfeidhm ar an Táidsícis.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.