Peirsis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peirsis (فارسی (fársí) پارسی (pársí)) |
|
---|---|
Á labhairt: | An Iaráin (An Peirse), An Afganastáin, An Táidsíceastáin agus tíortha ina dtimpeall. |
Réigiún: | Meán-Oirthear. |
Cainteoirí san Iomlán: | 61 miliúin ó chliabhán. 110 miliúin in iomlán |
Rang: | 19 |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Ind-Iaránach |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na hIaráine, na hAfganastáine, na Táidsíceastáine. |
Rialaithe ag: | Acadamh na Teanga agus na Litríochta Peirsí Acadamh Eolaíochtaí na hAfganastáine. |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | per |
ISO 639-2 | fa |
SIL | fas, prs, pes, tgk, aiq, bhh, deh, drw, haz, jpr, agus phv. |
ISO/DIS 639-3 | fas
(cód ginearálta) |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an Pheirsis an ceann is tábhachtaí de na teangacha Iaránacha, a bhaineann leis an gcrann ginealais Ind-Eorpach. Teanga oifigiúil is ea í an Pheirsis san Iaráin, áit a dtugtar fársí uirthi, agus san Afganastáin, áit a dtugtar darí uirthi. I dtréimhse na hImpireachta Mogalaí, bhí an Pheirsis ina teanga oifigiúil san India féin, agus fanann cuid mhaith daoine á foghlaim mar theanga iasachta san India agus sa Phacastáin sa lá atá inniu ann. Tá teangacha nua-aimseartha na dtíortha seo breac le hiasachtaí Peirsise freisin.
Inniu, tá an Pheirsis ó dhúchas ag 61 mhilliún duine, agus oiread eile in ann í a labhairt mar theanga choimhthíoch. Cé gurb í an Phaistis an teanga náisiúnta san Afganastáin, is í an Pheirsis is mó a labhraítear ansin mar fhrancbhéarla i gcumarsáid idir na treibheacha éagsúla, agus tá an Pheirsis níos tábhachtaí mar theanga liteartha agus chultúrtha, ós rud é nach bhfuil mórán saothrú ná caighdeánú déanta ar an bPaistis.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.