Tamhlacht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is baile mór í Tamhlacht i gContae Bhaile Átha Cliath, a tríú baile is mó in Poblacht na h-Éireann tar éis Baile Átha Cliath agus Corcaigh. Roimh 1970 ní raibh ach cúpla céad duine ina gcónaí agus deireadh muintir chathair Bhaile Átha Cliath go raibh an ceantar faoin tuath. Tógadh a lán tithe ann le linn na seachtóidí agus d'fhás an baile go tapaidh ó shin amach. Ba é Club Peil and Iománaíocht Tomás Dáibhís ceann do na clubanna ba shine i dTamhlacht.
[athraigh] Stair
- 769 Bunaíodh Mainistir Naomh Maelruain
- 792 Bás Naomh Maelruain
- 811 Scrios na Lochlannaigh Mainistir Naomh Maelruain
- 1179 Tógadh Tamhlacht agus an ceantar máguaird isteach faoi Chathaoir Easpaig Bhaile Átha Cliath.
- 1310 Ghlac an rialtais le muintir Tamhlacht fál a cuir timpeall an baile
- 1324 Cuireadh tús le tógáil Chaisleán Tamhlachta.
- 1331/2 Scrios Ó Tuathail Caisleán Tamhlachta.
- 1378 Tagann Maitiú Mac Réimóind De Bermingham go Tamhlacht chun chuir i gcoinne Chlann Uí Bhrion.
- 1540 Ionsaigh na Tuathalaigh an ceantar agus scriosann siad Caisleán Tamhlachta agus na mainéir ina dtimpeall.
- 1635 Tógadh Teach an t-Sean Bhádún.
- 1729 Leagadh Caisleáin Tamhlacht.
- 1729 Thóg Ardeaspag Hoadley Pálás an Ardeaspaig.
- 1822 Leag Maor Palmer Pálás an Ardeaspaig agus thóg sé Teach Tamhlacht amach.
- 1829 Tógadh Paróiste Protastúnach ann.
- 1856 Díoladh Teach Tamhlacht don Ord Doiminiceach.
- 1864 Tógadh Séipéal Naomh Mhuire.
- 1867 Cogadh Tamhlachta.
- 1883 Tógadh séipéal nua sa bhaile.
- 1888 Cuireadh tús le seirbhís tram ó Bhaile Átha Cliath go Baile Coimín, ag dul tríd Sráidbhaile Thamhlachta.
- 1987 Déanann Alan Dukes cuir síos ar an Stráitéis Thamhlachta i dTamhlacht.
- 1990 Osclaíodh an lárionad siopadóireachta An Chearnóg.
- 1992 Osclaíodh Institiúd Teicneolaíchta Tamhlacht, coláiste tríú leibhéal.
- 1994 Cruthaíodh Comhairle Contae Átha Cliath Theas le ceanncheathrú i dTamhlacht.
- 1995 Tógadh Amharclann Thamhlachta i gCill na Manach, Tamhlacht.
- 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
- 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg don LUAS ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.