Teangacha Afráiseacha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grúpa tábhachtach teangacha is ea iad na teangacha Afráiseacha a labhraítear sa Mheán-Oirthear agus i dTuaisceart na hAfraice. Is iad na foghrúpaí tábhachtacha ná:
- na teangacha Séimíteacha, ar nós na hAraibise, na hEabhraise, na hAramaise, na hAmairise, na Tigrinise agus roinnt mhaith teangacha a labhraítí sa Mheán-Oirthear sa tseanársaíocht.
- na teangacha Cúisiteacha, cosúil leis an tSómáilis.
- na teangacha Seadacha, a labhraítear timpeall Loch Sead (Lake Chad) in iarthar na hAfraice. Is í an teanga Hausa an ceann is tábhachtaí acu seo, agus í ina francbhéarla i gcuid mhaith den réigiún.
- na teangacha Beirbreacha. Is iad seo teangacha nó canúintí dúchasacha na bhfánaithe Saháracha. Tá gaol sách dlúth acu le chéile, agus comhthuiscint mhaith eatarthu go minic. Is í an teanga Tamazight, nó teanga na dTuareg, an ceann is tábhachtaí acu.
- an Éigiptis, is é sin, teanga na hÉigipte seanársaí, agus an Chóiptis, nach bhfuil inti ach an leagan is deireanaí den Éigiptis.
- an teanga Beja.
- na teangacha Ómótacha, a labhraítear in Iar-Dheisceart na hAetóipe.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.