Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Camógaíocht - Vicipéid

Camógaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Spórt Ceilteach is ea camógaíocht a imrítear in Éirinn don chuid is mó. Saghas iománaíochta do mhná atá inti.

Clár ábhair

[athraigh] An cluiche

Camán agus sliotar
Camán agus sliotar

[athraigh] Uirlisí agus cultacha

Imrítear camógaíocht le camán cosúil leis an iomáint, ach amháin gurb iad na mná a imríonn an chamógaíocht. Imrítear an cluiche le liathróid nó sliotar a mheánn idir 90 agus 110 gram.

Tá sé riachtanach do gach imreoir san fhoireann an geansaí céanna a chaitheamh murab ionann agus an iománaíocht, áit a gcaitheann an cúl báire geansaí difriúil. Ar ndóigh is sciorta a chaitheann na mná sa chluiche camógaíochta.

Caitheann na himreoirí clogaid ar a gcloigne. D'uireasa an chlogad is féidir leis an gcluiche a bheith contúirteach agus d'fhéadfadh imreoir droch-ghortú a fháil sa chloigeann. Níl aon riail docht daingean ann áfach, sa chaoi is go mbeadh ar chuile imreoir clogad a chaitheamh. Pléadh rún faoin ábhar seo ag comhdháil Chumann Camógaíochta na nGael in Éirinn cúpla bliain ó shin ach níor ghlac an tromlach leis nuair a cuireadh ar bhóta é.

[athraigh] Rialacha

Tá roinnt mhaith cosúlachta arís idir an chamógaíochta agus an iomáint. De bharr nádúr an chluiche a imrítear le camán caitear a bheith dian ar na rialacha . Faigheann imreoir cárta dearg má dhéanann sí drochfheall. Má bhronntar cárta dearg ar imreoir cuirtear an duine sin den pháirc agus déileálann an coiste smachta leis an gceist. Cárta buí a fhaigheann duine a dhéanann feall nach bhfuil baileach chomh tromchúiseach. Ciallaíonn dhá chárta bhuí, bata agus bóthar, ón bpáirc.

[athraigh] Cumann Camógaíochta na nGael

Cumann spóirt is ea Cumann Camogaíochta na nGael a chuireann an chamógaíocht chun cinn in Éirinn. Bunaíodh an Cumann i 1904, agus Máire Ní Chinnéide an chéad Uachtarán a toghadh air.

Imríodh an chéad chluiche poiblí camógaíochta faoin gCumann idir Craobh an Chéitinnigh agus Cúchulainn i gContae na Mí. Imríodh an chéad chluiche idir chontaetha sa bhliain 1912. Ba sa bhliain 1930 a himríodh Craobh Chamógaíochta na hÉireann den chéad uair; Baile Átha Cliath a bhuaigh an cluiche sin agus faoin mbliain sin bhí an cluiche camógaíochta á imirt ar fud na dtríocha dó contae in Éirinn. Faoin mbliain 1934 bhí Craobh na hÉireann sa chamógaíocht dá imirt i bPáirc an Chrócaigh. Neartaíodh an Cumann ar fud na tíre agus faoin mbliain 1974 ghlac an Cumann Camógaíochta páirt i bhFéile na nGael. Bunaíodh Comhairle na mBunscoileanna i 1977 agus ba í Sighle Nic an Ultaigh an chéad Uachtarán ar an gcomhairle. Tá Ardstiúrthóir fostaithe ag an gCumann ó 1980 i leith agus tá oifig acu i bPáirc An Chrócaigh. Faoi láthair tugann Foras na Gaeilge urraíocht do Chraobhchomórtas na hÉireann. Tá baint ag an gCumann le Cumann Lúthchleas Gael .

[athraigh] Uachtaráin

  • Is í Liz Howard , Uachtarán Chumann Chamógaíochta na nGael ó mhí Márta na bliana seo. Ba imreoir den scoth a bhí i Liz i gcónaí. Níor spáráil sí í féin ná an camán ná an sliotar ariamh. Táthar cinnte go mbláthóidh an cluiche faoina stiúir.
  • Leanann Liz Miriam Ní Cheallacháin a bhí sa chathaoir ar feadh trí bliana roimpi. Rinne Miriam obair éachtach ar son na camógaíochta ó cheann ceann na tíre.
  • Bean eile a rinne obair na gcapall ná Pat Rafferty le linn a tréimhse mar Uachtarán.
  • Ar ndóigh tá na céadta daoine eile ann a bhfuil obair íontach ceann ródaíochta déanta acu ar son an chluiche seo.

[athraigh] Go hidirnáisiúnta

Imrítear camógaíocht chomh fada ó bhaile leis an Astráil. Tá club bunaithe i Sydney agus sí Ruth Ní Challanáin, iarimreoir na Gaillimhe atá ina bhun agus ina bharr. Imrítear an cluiche san Eoraip agus i Meiriceá freisin.

Bíonn an-ghearán ag lucht na camógaíochta faoi na meáin chumarsáide. Is beag poiblíocht a fhaigheann cluichí na mban i gcomparáid le cluichí na bhfear. Is iad na meáin Ghaeilge is fearr a thugann poiblíocht do chluichí na mban. Tá raidio na Gaeltachta go maith agus déanann TG4 iarracht anois agus arís. Chomh maith leis sin is minic faillí dá dhéanamh ag tuismitheoirí mar gur fíorbheagán acu a thagann chun breathnú ar a gclann iníon ag greadadh na fuinseoige. Níor fhreastal ach 23,000 duine ar chraobh na hÉireann sa chamógaíocht anuraidh.

[athraigh] Féile na nGael

Is Féile náisiúnta don óige é Féile na nGael a dhéanann freastal ar an gcamógaíocht chomh maith leis an iománaíocht agus an liathróid láimhe. Cailíní faoi 14 a ghlacann páirt sa chamógaíocht san Fhéile. Bhunaigh triúr fear, Séamus Ó Riain, Éamonn De Stafford agus Tommy Barrett an Fhéile chomh fada siar le 1971. Thosaigh an Fhéile i dTiobraid Árann ach reachtáiltear i gcontaetha eile anois chomh maith é. Beidh sé ar bun i gCorcaigh i mí Meithimh na bliana seo. Anuraidh d'fhreastail 25,000 idir chailíní agus bhuachaillí as na 32 condae ar an bhFéile. Bhí club cailíní as Londain agus Warwickshire Shasana páirteach chomh maith. Bíonn réamhbhabhtaí sa Chondae baile agus téann an fhoireann a bhuann ar aghaidh go dtí an Fhéile. Fanann na hiomaitheoirí ar fad le clanna áitiúla atá páirteach sa chlub camógaíochta sa cheantar sin. Tugann Coco Cola urraíocht bhliantúil don Fhéile ó bunaíodh í.

Cuireann an Fhéile an-tábhacht le páirtíocht fheiliúnach, cur i láthair, spóirtiúlacht agus dea-thréithe an chluiche. Baineann an Fhéile leis an bpobal ar fad ar fud an náisiúin agus déantar iarracht clubanna, scoileanna, grúpaí sóisialta, grúpaí cultúrtha, na gárdaí, bannaí ceoil áitiúla, an chléir agus na clanna a bheith lárnach san Fhéile. Cabhraíonn sé le traenáil agus ceannasaíocht mhaith a thabhairt don óige chun mórtas a spreaghadh iontu ó thaobh a gceantar agus a gcondaetha féin.

[athraigh] Blianta tábhachtacha sa chamógaíocht in Éirinn

  • 1904 Cuireadh tús oifigiúil leis an gcamógaíocht mar chluiche sainiúil i gcontae na Mí mí Iúil 1904.
  • 1905 Toghadh Máire Ní Chinnéide mar chéad Uachtarán ar Chumann Chamógaíochta na nGael.
  • 1913 Bunaíodh Club na gColáistí i gColáiste na hOllsoile Baile Atha Cliath.
  • 1915 Cuireadh tús leis an gcomórtas camógaíochta idir ollscoile nuair a himríodh ar son corn Ashbourne.
  • 1930 Cuireadh tús le cumann camógaíochta i Meiriceá.
  • 1932 Imríodh cluiche craoibhe uile Éireann agus bhuaigh Baile Átha Cliath.
  • 1956 Cuireadh tús le comórtas idirchúige Ghael Linn .
  • 1964 Bhí ceiliúradh seasca bliain a mbunaithe ag lucht leanúna an chluiche.
  • 1966 Cuireadh tús le clár traenála do thraeneálaithe.
  • 1968 Cuireadh tús le comórtas uile Éireann dona sóisír agus bhuaigh contae an Dúin.
  • 1974 Ghlac an cumann páirt i bhFéile na nGael.
  • 1977 Bunaíodh Comhairle na mBunscoileanna agus ba í Sighle Nic an Ultaigh a bhí mar Uachtarán.
  • 1979 Bhí ceiliúradh 75 bliain ag an gcumann.
  • 1980 Osclaíodh oifig i bPáirc an Chrócaigh]].
  • 1986 Cuireadh clár traenála ar fáil.
  • 1999 Imríodh an cluiche le 15 imreoir ar gach taobh ar pháirc iomlán.
  • 2000 Tosaíodh ar Chraobh na Mionúr B agus bhuaigh Laois.
  • 2004 Bhí ceiliúradh 100 bliain a mbunaithe ag lucht na Camógaíochta


Páirc an Chrócaigh, an áit a n-imrítear Craobh na hÉireann gach bliain
Páirc an Chrócaigh, an áit a n-imrítear Craobh na hÉireann gach bliain

[athraigh] Buaiteoirí Craobh na hÉireann

Condae Buaiteoirí Blianta
Baile Átha Cliath
26
1932, 1933, 1937, 1938, 1942, 1943, 1944, 1948, 1949, 1950, 1951, 1952, 1953, 1954, 1955, 1957, 1958, 1959, 1960, 1961, 1962, 1963, 1964, 1965, 1966, 1984
Corcaigh
22
1939, 1940, 1941, 1970, 1971,1972, 1973, 1978, 1980, 1982, 1983, 1992, 1993, 1995, 1997,1998, 2002, 2005, 2006
Cill Chainnigh
12
1974, 1976, 1977, 1981, 1985, 1986, 1987, 1988, 1989, 1990, 1991, 1994
Aontrom
6
1945, 1946, 1947, 1956, 1967, 1979
Tiobraid Árainn
5
1999, 2000, 2001, 2003, 2004
Loch Garman
4
1968, 1969, 1975, 2007
Gaillimh
1
1996

[athraigh] Buaiteoirí Léig na hÉireann

Condae Buaiteoirí Blianta
Corcaigh
14
1984, 1986, 1991, 1992, 1995, 1996, 1997, 1998, 1999, 2000, 2001, 2003, 2006, 2007
Cill Chainnigh
8
1980, 1982, 1985, 1987, 1988, 1989, 1990, 1993
Baile Átha Cliath
3
1979, 1981, 1983
Gaillimh
3
1984, 2002, 2005
Tiobraid Árainn
2
1977, 2004
Loch Garman
1
1978

[athraigh] Féach ar

[athraigh] Naisc sheachtracha

Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com