Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Ceimic - Vicipéid

Ceimic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í an cheimic an brainse eolaíochta a dhéanann taighde ar an damhna ar leibhéal na n-adamh agus na móilíní. Is é is príomhábhar taighde don cheimic na dúile ceimiceacha agus an dóigh a dtéann siad le chéile in imoibrithe le comhdhúile ceimiceacha a dhéanamh.

Clár ábhair

[athraigh] Brollach

Is gnách an "eolaíocht lárnach" a thabhairt ar an gceimic, nó ceanglaíonn sí dá chéile na brainsí eile eolaíochta, is é sin, an fhisic, an bhitheolaíocht, an mhíochaine agus an gheolaíocht. Is é is cúis leis an gcomhcheangal seo ná go mbíonn fo-dhisciplíní na mbrainsí seo eolaíochta ag baint úsáide as coincheapa de chuid na mbrainsí eile. Mar sampla, téann an cheimic fhisiceach i dtuilleamaí na tuisceana atá ag an bhfisic ar an damhna ar leibhéal na n-adamh agus na móilíní.

Ba é Antoine Laurent Lavoisier a chuir tús leis an gceimic nua-aimseartha. Mar shampla, mhínigh sé an dóchán mar imoibriú na hocsaigine leis an mbreosla. Ba mhór an dul chun cinn é sin i gcomparáid le teoiric an fhlógastóin, a bhí coitianta roimh a lá féin
Ba é Antoine Laurent Lavoisier a chuir tús leis an gceimic nua-aimseartha. Mar shampla, mhínigh sé an dóchán mar imoibriú na hocsaigine leis an mbreosla. Ba mhór an dul chun cinn é sin i gcomparáid le teoiric an fhlógastóin, a bhí coitianta roimh a lá féin

[athraigh] Stair na Ceimice

Is deacair a rá cathain a thosaigh stair na ceimice dáiríre. I measc na gceimiceoirí is luaithe, is féidir na mná Bablónacha a bhí ag driogadh cumhrán a lua. I bhfad roimhe sin, áfach, fuair na daoine amach go raibh ábhair áirithe indóite agus ábhair eile dodhóite. Fórsa rúndiamhair ab ea an tine, a bhí in ann ábhar a chlaochlú go hábhar eile, rud ba dhúspéis leis na daoine. Ba í an tine a chabhraigh leis an duine iarann nó gloine a dhéanamh an chéad uair riamh. Nuair a d'éirigh sé coitianta dearcadh ar an ór mar mhiotal luachmhar, chuir na daoine suim san ailceimic. Is é is ailceimic ann ná na hiarrachtaí a rinneadh leis an ór a dhéanamh go sintéiseach, gan é a bhaint as an talamh. Ní raibh i gceist leis an ailceimic go fóill ach réamheolaíocht nó próta-eolaíocht, ach mar sin féin, d'fhoghlaim agus d'fhorbair na hailceimiceoirí modhanna oibre a chuaigh chun tairbhe na bhfíorcheimiceoirí i ndiaidh thréimhse na hailceimice.

D'aimsigh na hailceimiceoirí go leor próiseas ceimiceach, rud a chuidigh le forbairt na ceimice nua-aimseartha. I gcaitheamh na staire, thréig na hailceimiceoirí ab fhearr an rúndiamhracht agus na piseoga a bhí ag roinnt leis an ailceimic, agus iad ag fáil eolais ar fhíornádúr an damhna, ionas gur tháinig dearcadh ní b'eolaíochtúla chucu dá n-ainneoin. I measc rogha na n-ailceimiceoirí, is fiú Geber, nó Abu Musa Jabir ibn Hayyan, agus Paracelsus, nó Philippus Theophrastus Aureolus Bombastus von Hohenheim, a lua. Ba é Robert Boyle, áfach, a d'oscail an geata ón ailceimic go dtí an cheimic. Léiriú maith ar a dhearcadh is ea teideal an tsaothair ba tábhachtaí dár scríobh sé, mar atá, The Skeptical Chymist, is é sin, An tAilceimiceoir Sceiptiúil. Mar sin féin, bhí an Baoilleach ina ailceimiceoir i gcónaí. Ba é Antoine Laurent Lavoisier an chéad cheimiceoir nua-aimseartha, ámh. B'eisean a leag amach Dlí Imchoimeádta na Maise sa bhliain 1783, agus b'eisean ba thúisce a tháinig ar an tuiscint cheart ar an dóchán mar phróiseas ceimiceach. Roimh a lá féin, chreid na heolaithe gurbh ionann an dóchán agus an breosla a bheith ag tabhairt uaidh "flógastón", dearcadh a bhí bunaithe, ar bhealach, ar an míthuiscint sheanársa gur cineál damhna nó dúile atá sa teas. Thaispeáin Lavoisier nach amhlaidh a bhí, ach gurbh é an rud a bhíonn ag titim amach le linn an dócháin ná go bhfuil an breosla ag cumasc leis an ocsaigin.

Ceann de na dúile ceimiceacha ab ea an ocsaigin, agus thóg sé na blianta fada ar na heolaithe na dúile go léir a aithint, a aonrú, a ainmniú agus a aicmiú. Ba mhór an cuidiú san obair seo an tuiscint a tháinig chuig Dmitrí Meindeiléiv, John Newlands, agus Lothar Meyer timpeall na bliana 1870 - is é sin, nuair a ordaíodh na dúile ceimiceacha de réir a meáchan adamhach, go raibh na saintréithe céanna á nochtadh go tráthrialta. D'oibrigh Meindiléiv amach an chéad tábla peiriadach, agus na dúile curtha taobh le chéile de réir a meáchan adamhach agus na saintréithe comhchosúla. Ó bhí an tábla seo mantach in áiteanna, bhí Meindiléiv ábalta tuairim a thabhairt i dtaobh na ndúl a bhí ag fanacht lena bhfionnachtain i gcónaí. Nuair a aonraíodh an chéad uair iad, fíoraíodh a chuid tairngreachtaí.

[athraigh] Fodhisciplíní na Ceimice

  • An Cheimic Neamhorgánach: déanann an fodhisciplín seo taighde ar na comhdhúile neamhorgánacha, is é sin, na comhdhúile nach bhfuil slabhraí d'adaimh an charbóin iontu.
  • An Cheimic Orgánach: Fadó, b'ionann an cheimic orgánach agus an bhithcheimic. Sa lá atá inniu ann, áfach, tugtar ceimic orgánach ar cheimic na gcomhdhúl carbónacha. Tá an carbón in ann slabhraí móra fada a dhéanamh nach bhfuil teorainn ná críoch leo, agus an dúrud de chomhdhúile éagsúla ann a bhfuil slabhraí den chineál sin iontu. is ábhar taighde ann féin, mar sin, na slabhraí seo agus na struchtúir éagsúla mhóilíneacha a gcuireann siad bun leo.
  • An Bhithcheimic: Sin é an t-ainm a thugtar sa lá atá inniu ann ar cheimic na neacha beo agus ar an dóigh a n-úsáidtear coincheapa agus modhanna oibre na ceimice sa bhitheolaíocht.


  • An Cheimic Fhisiceach: Shoiléirigh an Teoiric Candam-mheicnice sa bhliain 1926, go raibh bunús fisice taobh thiar den cheimic. Go bunúsach, déanann an ceimiceoir fisiceach taighde ar an mbaint atá ag an gceimic leis an bhfisic. Mar shampla, is suim leis teirmidinimic na ceimice, cinéitic na n-imoibrithe ceimiceacha, an leictriceimic, an mheicnic staitisteach, agus an speictreascópacht. Is deacair an cheimic fhisiceach a aithint go soiléir ón bhfisic mhóilíneach. Tá an gá mó ag an gceimiceoir fisiceach leis an gcalcalas agus é ag fréamhú a chuid cothromóidí. Baineann an cheimic fhisiceach go dlúth leis an gceimic theoiriciúil agus le ceimic an chandaim.
  • An Cheimic Theoiriciúil: Is é atá i gceist leis an gceimic theoiriciúil ná réasúnaíocht theoiriciúil na fisice agus na matamaitice a chuirtear i bhfeidhm ar cheisteanna na ceimice. Go háirithe, tugtar ceimic chandamach ar an dóigh a bhfeidhmítear an fhisic chandamach sa cheimic. Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh na ríomhairí an oiread sin i bhfeabhas gur féidir a rá go bhfuil a leithéid de bhrainse ann agus ceimic ríomhaireachta, is é sin, forbairt agus feidhmiú na ríomhchlár le freastal ar shainriachtanais na ceimice. Tá dlúthbhaint ag an gceimic theoiriciúil le fisic an damhna chomhdhlúite agus leis an bhfisic mhóilíneach. Níl i gceist go bunúsach leis an gceimic theoiriciúil ach fisic, ar an gcaoi chéanna nach bhfuil sa bhitheolaiocht theoiriciúil ach ceimic agus fisic.
  • Is í an cheimic núicléach an brainse den cheimic a phléann leis an radaighníomhaíocht: an úsáid a bhaintear as an radaighníomhaíocht le taighde a dhéanamh ar ghnáthimoibrithe ceimiceacha (radaiceimic), an tionchar atá ag mais na n-iseatóp éagsúil ar na himoibrithe ceimiceacha (ceimic iseatópach), agus speictreascópacht an athshondais mhaighnéadaigh núicléigh - is é sin, brainse speictreascópachta a théann i dtuilleamaí saintréithe maighnéadacha na núicléas le móilíní a aithint. Is féidir "ceimic núicléach" a thabhairt ar an dóigh a n-úsáideann fisiceoirí núicléacha modhanna oibre nó coincheapa na ceimice le taighde a dhéanamh ar eamhnú agus ar chomhleá na núicléas.

Brainsí eile de chuid na ceimice is ea: an réaltcheimic, an cheimic atmaisféarach, an innealtóireacht cheimiceach, an fhaisnéisíocht cheimiceach, an leictriceimic, ceimic an chomhshaoil, an cheimic shreabhach, an gheocheimic, an cheimic ghlas, stair na ceimice, eolaíocht na n-ábhar, ceimic na míochaine, an bhitheolaíocht mhóilíneach, an nanaitheicneolaíocht, an cheimic orgánaimhiotalach, an pheitriceimic, an chógaseolaíocht, an fhótaiceimic, an fhíticeimic, an cheimic pholaiméarach, an cheimic soladstaide, an tsonaiceimic, an cheimic fhormhóilíneach, an cheimic dhromchlach, agus an teirmiceimic.

[athraigh] Bun-choincheapa na ceimice

[athraigh] Ainmníocht

Tá córas dian ainmníochta in úsáid ag na ceimiceoirí a cheadaíonn dóibh ainm neamh-dhébhríoch a thabhairt ar gach comhdhúil cheimiceach. Mar shampla, i gcomhdhúile neamhorgánacha, cuirtear -íd le hainm na dúile is leictridhiúltaí:

NaCl = clóiríd sóidiam

NO2 = dé-ocsaíd nítrigine. Anseo, is í an ocsaigin is leictridhiúltaí, agus dhá adamh ocsaigine ceangailte d'aon adamh nítrigine amháin - mar sin, tugaimid -ocsaíd nítrigine ar an gcomhdhúil seo.

SO3 = trí-ocsaíd sulfair. Anseo, arís, is í an ocsaigin is leictridhiúltaí, agus trí adamh ocsaigine ceangailte le gach adamh sulfair - trí-ocsaíd sulfair a thugtar ar an gcomhdhúil, mar sin.

OF2 = dé-fhluairíd ocsaigine. Is é an fluairín an t-aon dúil cheimiceach amháin a sháraíonn an ocsaigin maidir le leictridhiúltacht, agus mar sin tugaimid fluairíd ar an gceann seo.

In ainmníocht na n-ian coimpléascach, is gnách na lioganna a ainmniú ar dtús agus an t-adamh lárnach a ainmniú ina dhiaidh sin. Cuirtear ó fada i ndeireadh ainm na liogainne. Sa deireadh, tugtar uimhir ocsaídiúcháin an adaimh lárnaigh le fios idir lúibíní:

AuCl4- = ian teitreaclóró-óráite (III). Ian coimpléascach, nó "slánaonad comhordúcháin", is ea í an teitreaclóró-óráit, ina bhfuil ceithre ian clóiríde ceanglaithe d'ian an óir a bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +3 aige. Mar sin, tugaimid "teitreaclóróráit (III)" ar an ian seo.

SO42- = ian teatrocsósulfáite (VI). Ar ndóigh, is é an gnáth-ian sulfáite é, ach is féidir an t-ainm córasach seo a thabhairt air freisin. Is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an sulfar san ian áirithe seo ná +6, agus is iain ocsaíde iad na lioganna.

[athraigh] Adaimh

Léaráid a léiríonn an t-adamh Héiliam
Léaráid a léiríonn an t-adamh Héiliam

Is é an t-adamh (Gréigis άτομον ó ά: do- nó neamh- agus τομον: roinnte) aonad bunaidh gach dúile ceimicí. Is as adaimh atá an damhna uile déanta. I ngach adamh tá núicléas faoina lucht deimhneach i lár baill agus, mórthimpeall air sin, leictreoin (nó leictreon) le lucht diúltach.

[athraigh] Dúile

Is éard atá i ndúil cheimiceach ná substaint a bhfuil a adaimh go léir mar an gcéanna maidir le líon protóin. Cuirtear na dúile seo taobh le taobh i dtábla a dtugtar An Tábla Peiriadach air. Ba é an t-eolaí Dmítrí Meindeiléiv a chuir an chéad bhonn leis an tábla peiriadach seo sa bhliain 1869.

[athraigh] Iain

Is éard is ian ann ná adamh nó móilín luchtaithe nó grúpa luchtaithe.

Nuair a chailleann nó nuair a gnóthaíonn adamh neodrach nó móilín neodrach leictreon amháin nó níos mó tugtar nasc ianach air. Sa chás seo déantar iain i gcónaí.

Is éard is nasc ianach ann ná an fórsa aomtha i gcomhdhúil idir iain le luchtanna urchomhaireacha.

Tugtar caitiain ar iain dheimhneacha agus ainiain ar iain dhiúltacha.

Nuair a dhóitear an miotal sóidiam Na+ i ngás clóirín Cl fabhraítear clóiríd sóidiam NaCl ( náthshalann neodrach).

Bíonn cruthú naisc ianaigh nó aistriú iomlán leictreoin ó adamh sóidiam go hadamh clóirín i gceist san imibriú seo.

[athraigh] Comhdhúile

Is éard is comhdhúil ann ná aon substaint cheimiceach a chruthaítear de thoradh imoibriú ceimiceach ina n-aontaítear dhá dhúil éagsúla, nó níos mó, de réir comhshuíomh seasta idir na dúile.

Mar shampla is comhdhúil an t-uisce ina mbíonn hidrigin agus ocsigin i gcóimheas 2:1.

Tá an t-adamh ocsigin idir an dá adamh hidrigine, agus uillinn 104.45° eatarthu.Tá an cruth seo ar mhóilíní uisceTá an cruth seo ar mhóilíní uisce.


I gcomhdhúil cheimiceach, bíonn adaimh na ndúl éagsúil ceangailte lena chéile le naisc cheimiceacha - ianacha nó chomhfhiúsacha.

Cuirtear coibhneas na ndúl agus struchtúr inmheánach na comhdhúile in iúl le foirmlí éagsúla ceimiceacha.

Mar shámpla, tugann an fhoirmle seo a leanas d'uisce (H2O) le fios dúinn go bhfuil uisce ina chomhdhúil agus go bhfuil dhá adamh hidrigine nasctha d'aon adamh ocsaigine amháin.

[athraigh] Móilíní

Móilíní
Móilíní

Is éard is móilín ann ná an chuid is lú de dhúil nó de chomhdhúil is féidir a bheith ann go neamhspleách.

Tugtar ceimic mhóilíneach nó fisic mhóilíneach ar na heolaiochtaí a bhaineann leis an ábhar seo, ag brath ar chlaonadh an fhócais.

[athraigh] Substaint

Is éard atá i substaint ná dúil nó comhdhúil.

[athraigh] Nascadh Ceimiceach

Gintear móilíní as imoibriú idir adaimh agus is é idir-oibriú na leictreon sna fithisí is seachtraí is cúis leis.

De réir Riail na nOchtréad bíonn claonadh in adaimh, agus iad ag imoibriú le cheile, leictreoin a chailleadh, a ghnóthú nó a chomhroinnt ionas go mbeidh ocht leictreon sna fithisí is seachtraí iontu.

[athraigh] Athruithe Staide

Tá an damhna uile comhdhéanta d'adaimh nó de móilíní agus braitheann an staid ina mbíonn siad ar fhuinneamh nó ar ghluaisne na gcáithníní ( féach Teoiric Chinéiteach an Damhna).

Níl in athrú staide ach athruithe ficiceacha agus ní dhéantar aon substaint nua dá bharr.

Is athruithe fisiceacha amháin a thagann ar dhamhnaí sna cásanna seo a leanas; reo, leá, galú agus tuaslagadh. Cibé méid uaireanta a thagann athrú staide ar damhna íonghlan, ní chlaochlaítear é.


Bíonn na hathruithe staide seo inchúlaithe. I gcás an móilín H2O mar shampla, is féidir na hathruithe seo a léiriú mar seo a leanas;

                            Téigh             Téigh
                 Oighear     \leftrightarrow        Uisce      \leftrightarrow       Gal
                            Fuaraigh          Fuairigh
Learáid ag taispeaint na céimeanna seo a leanas; an pas soladach, an pas leachtach, agus an pas gásach i gnáth ábhar simplí
Learáid ag taispeaint na céimeanna seo a leanas; an pas soladach, an pas leachtach, agus an pas gásach i gnáth ábhar simplí

[athraigh] Athruithe Ceimiceacha

In athruithe ceimiceacha, tagann athruithe bunúsacha i bhfeidhm a athraíonn damhnaí go damhnaí de ghné eile.

[athraigh] An Cheimic Chandamach

Thug an t-eolaí Max Planck Candaim ar na toirteanna fuinnimh a sheoltar ó adaimh. Bíonn radaíochtaí agus miníochtaí éagsúla ag cinealacha éagsúla adaimh agus bíonn méideanna éagsúla sna toirteanna fuinnimh a sheoltar uathu. Is brainse í an Cheimic Chandamach den chemic theoiriciúil. Cuireann sí an Mheicnic Chandamach agus an Reimsetheoiric Chandamach i bhfeidhm ar cheisteanna agus ar fadhbanna na ceimice.

Feidhm amháin den cheimic chadamach is ea iompraíocht leictreonach adaimh agus móilíní a thuairisciú i gcomhthéacs a n-imoibríochta.

Luíonn an Cheimic Chandamach ar an teorann idir an Cheimic agus an Fhisic agus tá inchur suntasach déanta ag eolaithe ón dá thaobh uirthi.

[athraigh] Dlíthe Ceimiceacha

Cinntíodh ó thurgnaimh a rinne Robert Boyle (1627–1691), Antoine-Laurent de Lavoisier agus John Dalton le linn an seachtú agus an t-ochtú aois déag go raibh damhnaí rialaithe ag dlíthe áirithe.

Is coincheap bunusach sa cheimic é Dlí Imchoimeád na Maise/ an Damhna (nó Dlí Lomonosov-Lavoisier).

Is é rud a deir sé ná nach loitear agus nach gcruthaítear mais in athruithe fisiceacha nó ceimiceacha. Mar sin, nuair a imoibríonn substaintí ( nó imoibreáin ) le chéile le substaintí ( nó táirgí ) nua a dhéanamh, is ionann mais iomlán na n-imoibreán agus mais iomlán na dtáirgí.

[athraigh] Cumainn Cheimiceacha



[athraigh] An Cheimic Idirphearsanta

[athraigh] Sanasaíocht

  1. Ailceimic na hÉigipte [5,000 BC – 400 BC], Leabharlann Chathair Alastair
  2. Ailceimic na Gréige [332 BC – 642 AD], na Greigigh i réim i gCathair Alastair
  3. Ailceimic na nArabach [642 AD – 1200], na HArabaighs i réim i gCathair Alastair, e.g. Is é Jabir an príomh-cheimiceoir.
  4. Ailceimic na hEorpa [1300 – Inniu], Gerber a thóg ar Cheimic na nArabach
  5. Ceimic [1661], Boyle The Sceptical Chemist
  6. Ceimic [1787], Lavoisier Élémentaire de Chimie
  7. Ceimic [1803], Dalton Atomic Theory

[athraigh] Féach freisin

[athraigh] Tagairtí

[athraigh] Leitheoireacht sa bhreis

  • Atkins, P.W. Galileo's Finger (Oxford University Press)
  • Chang, Raymond. Chemistry 6th ed. Boston: James M. Smith, 1998. ISBN 0-07-115221-0.
  • MacCann, Diarmuid . Ceimic. An Chláir Nua don Mheánteistiméireacht. An Gúm 1985.
  • Hussey, Matt. Nod don Eolach, Gasaitéar Eolaíochta.An Gúm 1999
  • Kennedy, Porter, Scott. Eolaíocht Bhunúsach. An Gúm 1990.
  • Pauling, L. The Nature of the chemical bond (Cornell University Press) ISBN 0-8014-0333-2
  • Pauling, L., and Wilson, E. B. Introduction to Quantum Mechanics with Applications to Chemistry (Dover Publications) ISBN 0-486-64871-0
  • Pauling, L. General Chemistry (Dover Publications) ISBN 0-486-65622-5

[athraigh] Liosta léitheoireachta do mhicléinn ollscoile

  • Atkins,P.W. Physical Chemistry (Oxford University Press) ISBN 0-19-879285-9
  • Atkins,P.W. et al. Molecular Quantum Mechanics (Oxford University Press)
  • Ó Cinnéide, Seán. Ceimic Bhunusach 1. An Chéad Chló, Rialtas na hÉireann.
  • McWeeny, R. Coulson's Valence (Oxford Science Publications) ISBN 0-19-855144-4
  • Stephenson, G. Mathematical Methods for Science Students (Longman)ISBN 0-582-44416-0
  • Smart and Moore Solid State Chemistry: An Introduction (Chapman and Hall) ISBN 0-412-40040-5
  • Atkins,P.W., Overton,T., Rourke,J., Weller,M. and Armstrong,F. Shriver and Atkins inorganic chemistry(4th edition) 2006(Oxford University Press) ISBN 0-19-926463-5
  • Clayden,J., Greeves,N., Warren,S., Wothers,P. Organic Chemistry 2000 (Oxford University Press) ISBN 0-19-850346-6
  • Voet and Voet Biochemistry (Wiley) ISBN 0-471-58651-X

[athraigh] Naisc Sheachtracha

I dteangacha eile
Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com