Meath radaighníomhach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é is meath radaighníomhach ann ná ceann de na próisis éagsúla a bhíonn ar siúl i núicléis na n-adamh radaighníomhach le núicléis níos cobhsaí a dhéanamh díobh. Nuair atá an núicléas radaighníomhach ag iompú ina núicléas níos cobhsaí, nó ag glacadh céime i dtreo na cobhsaíochta de réir an mheathshlabhra, astaítear cáithnín nó candam radaíochta de cheann de na cineálacha a bhfuil an radaíocht ianaitheach (an radaíocht radaighníomhach) comhdhéanta astu.
Próiseas randamach is ea é an meath radaighníomhach go hiomlán. Is é sin, cé gur féidir an dóchúlacht a oibriú amach do mheath na núicléas, ní féidir a rá cá ham a thiocfaidh an meath ar an núicléas áirithe seo nó siúd.
Clár ábhair |
[athraigh] Cineálacha éagsúla an mheatha radaighníomhaigh
[athraigh] Astú na núicléón
Sna cineálacha seo den mheath radaighníomhach, astaítear núicléóin - prótóin agus neodróin - as an núicléas.
[athraigh] An t-alfa-mheath
San alfa-mheath, astaíonn an núicléas alfa-cháithnín, arb ionann é agus núicléas an iseatóip is coitianta de chuid an héiliam. Is é sin, tá dhá neodrón agus dhá phrótón san alfa-cháithnín. Ní bhíonn mórán fuinnimh i gceist leis an alfa-mheath. Le fírinne, de réir na fisice clasaicí, ní fhéadfadh an t-alfa-cháithnín an núicléas a fhágáil ar aon nós, chomh híseal agus atá a fhuinneamh, agus an fórsa núicléach á choinneáil siar. Is gnách an fórsa núicléach seo a ghléiniú mar bhalla - balla poitéinsiúil a thugtar air - timpeall an núicléis, nach féidir leis an alfa-cháithnín dreapadh thairis. San fhisic chandamach, áfach, glactar leis go bhfuil saintréithe na toinne ag an alfa-cháithnín chomh maith le saintréithe an choirpín. Mar sin, tá muid i dteideal dearcadh ar an alfa-cháithnín mar thonn a thagann tríd an mballa poitéinsiúil de réir dóchúlachta áirithe. Seo an feiniméan ar a dtugtar tollánú - díreach mar a bheadh an t-alfa-cháithnín ag gearradh tolláin tríd an mballa poitéinsiúil.
Bíonn an t-alfa-mheath sách coitianta ag na núicléis throma, cosúil leis an úráiniam, agus sin é an fáth go mbíonn pócaí héiliam le fáil sna mianraí úráiniam. Ós rud é go bhfuil an alfa-radaíocht chomh bocht i bhfuinneamh, bíonn sí sách neamhurchóideach, a fhad is a fhanann foinse na radaíochta taobh amuigh den orgánach daonna. Taobh istigh de, áfach, tá na halfa-núiclídí an-dainséarach.
[athraigh] Astú an phrótóin
Ní bhíonn astú an phrótóin chomh coitianta agus an t-alfa-mheath. Is é is minicí a tharlaíonn sé i ndiaidh an bhéite-mheatha, agus an núicléas fágtha ar leibhéal ard fuinnimh i ndiaidh don bhéitea-chaithnín imeacht.
[athraigh] Astú an neodróin
Cineál neamhchoitianta eile den mheath radaighníomhach is ea é astú an neodróin, is é sin, aon neodrón amháin a bheith ag éalú ón núicléas. Ní bhíonn ach núiclídí saorga le farasbarr neodrón ag astú neodróin aonair mar sin.
[athraigh] Eamhnú spontáineach
San eamhnú spontáineach, scoilteann an núicléas as a stuaim féin, ionas go gcruthaítear dhá núicléas is lú ná é. Ní bhíonn an t-eamhnú seo coitianta ach ag dúile troma trasúránacha, cosúil leis an meindiléiviam, an láirinciam, agus an rudarfóirdiam. Scéal eile é an t-eamhnú sna himoibritheoirí núicléacha, nó is próiseas spreagtha é.
[athraigh] Cnuasmheath
Níl san alfa-mheath go bunúsach ach an cineál is coitianta den chnuasmheath. Is é is brí leis an gcnuasmheath ná go scarann núicléas beag ar leith ón núicléas mór. Ní hionann an cnuasmheath agus an t-eamhnú spontáineach, nó san eamhnú spontáineach, ní fios roimh ré an dá núicléas a chruthaítear dá thoradh. Sa chnuasmheath, is é an cáithnín céanna a astaítear gach uair. Cáithníní tipiciúla cnuasmheatha iad núicléis an charbóin (an gnáthiseatóp chomh maith leis an radacarbón 14-C) agus núicléas an neoin. Na hiseatóip a bhfuil claonadh iontu chun cnuasmheatha, bíonn na modhanna eile meatha i bhfad níos coitianta acu féin. Núiclídí troma a bhíonn iontu, iseatóip de chuid an úráiniam, an tóiriam nó an chiúiriam, mar shampla.
[athraigh] Béite-mheath
Tugtar béite-radaíocht ar an gcuid den radaíocht ianaitheach atá comhdhéanta as leictreoin agus as posatróin. Mar sin, is é an béite-mheath an cineál meath radaíghníomhach ina n-astaítear - nó ina ngabhtar - leictreoin agus posatróin.
[athraigh] Béite-mheath diúltach
Is é an rud a tharlaíonn anseo ná go n-iompaíonn ceann de na neodróin sa núicléas ina phrótón. Ní féidir, áfach, lucht leictreach deimhneach an phrótóin a chruthú as neamhní, agus mar sin, astaítear cáithnín a bhfuil lucht diúltach aige - leictreon - in éineacht le cáithnín beag ar a dtugtar frithneoidríonó. An radaíocht atá comhdhéanta as leictreoin den chineál seo, is gnách béite-radaíocht a thabhairt uirthi.
[athraigh] Béite-mheath deimhneach (astú an phosatróin)
Sa bhéite-mheath deimhneach, iompaíonn ceann de na prótóin ina neodrón, agus astaítear posatrón, arb é frithcháithnín an leictreoin é - is é sin, cáithnín a bhfuil a shaintréithe bun os cionn leis an leictreon cé go bhfuil sé cosúil leis ó thaobh na méide de. Tá lucht leictreach deimhneach ag an bposatrón, ar ndóigh. Sa teagmháil chéanna, astaítear neoidríonó freisin - frithcháithnín an fhrithneoidríonó a hastaíodh sa bhéite-mheath diúltach. Ní bhíonn an béite-mheath deimhneach róchoitianta ag iseatóip radaighníomhacha nádúrtha - le fírinne, is é 40-K, nó potáisiam-40, an t-aon núiclíd amháin den chineál seo atá ar fáil sa dúlra go nádúrtha. Iompaíonn an t-iseatóp seo den photáisiam go 40-Ar, nó argón-40, arb é an t-iseatóp is coitianta den argón. Iseatóp cobhsaí atá ann nach dtagann meath radaighníomhach ar bith air.
[athraigh] Leictreonghabháil, K-ghabháil
Tugtar béite-mheath inbhéartach ar an gcineál seo meatha fosta. Is é an rud atá i gceist ná go ngabhann an núicléas ceann de na leictreoin ina leictreon-néal féin - ós é an K-sceall, nó an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas, is minicí a bhíonn i gceist, tugtar K-ghabháil ar an meath seo freisin - agus neodraíonn lucht diúltach an leictreoin seo ceann de na prótóin sa núicléas, ionas go n-iompaíonn sé ina neodrón. Cruthaítear neoidríonó sa chineál seo béite-mheatha freisin, chomh maith leis an ngnáth-bhéite-mheath. Fágann an leictreonghabháil an leictreon-néal i staid fhlosctha, nó caithfear an folúntas a líonadh a d'fhág an leictreon gafa ina dhiaidh, agus nuair a thiteann leictreon ó cheann de na scealla is faide thuas isteach san fholúntas sin, astaítear fuinneamh i bhfoirm radaíochta - is é sin, fótón a bhfuil a thonnfhad agus a mhinicíocht i raon na n-x-ghathanna. Uaireanta, fágann leictreon nó cupla ceann acu an t-adamh chomh maith faoi thionchar an fhuinnimh. Tugtar "leictreoin Auger" ar na leictreoin seo.
[athraigh] Béite-mheath dúbailte
[athraigh] Leictreonghabháil dhúbailte
[athraigh] Leictreonghabháil in éineacht le hastú an phosatróin
[athraigh] Astú dhá phosatrón
[athraigh] Trasdul nach n-athraíonn comhdhéanamh an núicléis
Ní athraíonn uimhir na bprótón ná na neodrón sa núicléas, ach tarlaíonn atheagrú taobh istigh den núicléas, agus fuinneamh á astú i bhfoirm gáma-radaíochta.
- Gáma-mheath
- Tiontú inmheánach
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.