Paistis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Paistis (پښتو paʂto) | |
---|---|
Á labhairt: | An Phacastáin, An Afganastáin |
Réigiún: | An Áise Theas-Lár |
Cainteoirí san Iomlán: | 40-50 milliún |
Rang: | 82-92 |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Ind-Iaráinis Iaráinis Thoir Thuas Paistis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na hAfganastáine (Náisiúnta) na Pacastáine (sna cúigí) |
Rialaithe ag: | Rialtóir ar bith |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | ps |
ISO 639-2 | pus |
ISO/DIS 639-3 | pus |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an Phaistis teanga náisiúnta na hAfganastáine. Thairis sin, labhraíonn na treibheacha fáin sa Phacastáin, in aice le teorainn na hAfganastáine, canúintí Paistise. Níl sé soiléir cé mhéad daoine a labhraíonn ó dhúchas í, ach creidtear go bhfuil timpeall dhá scór milliún, nó leathchéad milliún, acu ann. Níl mórán caighdeánú ná saothrú liteartha déanta ar an bPaistis riamh, agus mar sin, is fearr le lucht a labhartha féin Peirsis nó Urdais a úsáid mar theanga scríofa. Tá gramadach na Paistise i bhfad níos casta agus níos seanársa ná gramadach na Peirsise.
Baineann an Phaistis leis an gcraobh Oir-Dheisceartach de na teangacha Iaránacha. Is iad na teangacha Iaránacha i Sléibhte Pamir is gaolmhaire léi, cosúil leis an teanga Sarikoli, an teanga Shughni, an teanga Wakhi agus an teanga Munji.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.