Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Teangacha Ind-Eorpacha - Vicipéid

Teangacha Ind-Eorpacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Flannbhuí: tíortha ina bhfuil teangacha Ind-Eorpacha á labhairt ag fórmhór an daonraBuí: tíortha ina bhfuil teangacha Ind-Eorpacha á labhairt ag mionlach an daonra, agus stadás oifigiúil ag an teanga atá i gceistLiath: tíortha nach bhfuil ach mionlach sainbhríoch iontu a labhraíonn teangacha Ind-Eorpacha, agus níl stadás oifigiúil ag an teanga atá i gceist.
Flannbhuí: tíortha ina bhfuil teangacha Ind-Eorpacha á labhairt ag fórmhór an daonra
Buí: tíortha ina bhfuil teangacha Ind-Eorpacha á labhairt ag mionlach an daonra, agus stadás oifigiúil ag an teanga atá i gceist
Liath: tíortha nach bhfuil ach mionlach sainbhríoch iontu a labhraíonn teangacha Ind-Eorpacha, agus níl stadás oifigiúil ag an teanga atá i gceist.

Is iad na teangacha Ind-Eorpacha an fhine teangacha is fairsinge ar fud an domhain. Labhraítear na teangacha seo san India, san Iaráin, ar fud na hEorpa agus i lár na hÁise, ach, thairis sin, d'fhairsingigh teangacha áirithe na fine ar fud an domhain, agus úsáid fhairsing á baint astu mar fhrancbhéarlaí i gcumarsáid idir cainteoirí neamhdhúchais féin. Glactar leis go bhfuil teanga éigin de chuid na fine seo ó dhúchas ag trí bhilliún duine sa domhan inniu.

Roinntear an fhine ina hocht bhfoghrúpa, mar atá, na teangacha Ind-Iaránacha, na teangacha Airméanacha, na teangacha Gréagacha, na teangacha Albánacha, na teangacha Baltach-Shlavacha, na teangacha Gearmáinice (nó na teangacha Gearmánda), na teangacha Ceilteacha, agus na teangacha Iodálda.

Tá dhá theanga déag de chuid na fine seo le fáil i measc an fiche teanga is fairsinge a labhraítear sa domhan, mar atá, an Spáinnis, an Béarla, an Hiondúis, an Phortaingéilis, an teanga Bengali, an Rúisis, an Ghearmáinis, an teanga Marathi, an Fhraincis, an Iodáilis, an Phuinseáibis agus an Urdais. Tá níos mó ná 1.6 billiún cainteoir dúchais ag na teangacha seo go léir.

Agus, ar ndóigh, is teanga Ind-Eorpach í an Ghaeilge féin, ceann de na teangacha Ceilteacha.

Clár ábhair

[athraigh] Aicmiú

Is féidir na teangacha Ind-Eorpacha a dheighilt sna foghrúpaí seo leanas:

  • Na teangacha Anatólacha. Bhí na teangacha seo á labhairt san Anatóil sular tháinig na Turcaigh ansin. Is iad an chraobh de na teangacha Ind-Eorpacha is luaithe a bhfuil fianaise ina leith againn, nó téann a stair siar go dtí an ochtú haois déag roimh bhreith Chríost. Is í an Hitítis an teanga is tábhachtaí acu seo, ach chuaigh na teangacha seo in éag fadó.
  • Na teangacha Ind-Iaránacha. Tháinig siad go léir as an bPróta-Ind-Iaráinis. Fochraobhacha de chuid na dteangacha Ind-Iaránacha is ea iad:
    • Na teangacha Ind-Áiríocha. Is í an tSanscrait an teanga is sine acu seo a bhfuil eolas againn fúithi, ach inniu, is iad an Hiondúis agus an Urdais an dá theanga is tábhachtaí acu.
    • Na teangacha Dardacha. Is deacair a rá, an bhfuil an gaol atá ag na teangacha seo ag a chéile níos dlúithe ná an gaol atá acu leis na teangacha Ind-Iaránacha eile, agus tá go leor taighde le déanamh orthu go fóill. Grúpáil gheografach is mó atá i gceist leis na "teangacha Dardacha". Is iad an teanga Khowar agus an teanga Kashmiri na cinn is tábhachtaí acu seo. I dtuaisceart na hIndia agus na Pacastáine is mó a labhraítear na teangacha Dardacha.
    • Na teangacha Núrastánacha. Grúpa beag eile iad seo, agus iad á labhairt sa Phacastáin agus san Afganastáin. Is í an teanga Kamkata-viri an ceann is líonmhaire cainteoirí acu, timpeall is fiche míle ar fad.
  • Na teangacha Gréagacha, is é sin, an Ghréigis agus na leaganacha éagsúla den Ghréigis atá ann: an Ghréigis Mhicinéach ón gceathrú haois déag roimh bhreith Chríost; an Ghréigis Hóiméarach ón ochtú haois roimh bhreith Chríost ar aghaidh; canúintí éagsúla na Gréigise Clasaicí; an Ghréigis Ghinearálta nó koiné; agus an Nua-Ghréigis.
  • Na teangacha Iodálda. Ar dtús, ní raibh sa Laidin ach ceann de na teangacha éagsúla Iodálda a bhí á labhairt ar fud Leathinis na nAipiníní (Leathinis na hIodáile), nó bhí teangacha eile ann cosúil leis an Umbrais, an Oscais, an Volscais, agus an Fhalaiscis, mar shampla. Nuair a d'éirigh an Laidin coitianta ar fud na hIodáile, d'imigh na teangacha seo. Ón taobh eile de, chuir an Laidin féin tús le sraith de theangacha Rómánsacha: an Fhraincis, an Spáinnis, an Chatalóinis, an Iodáilis, an Rómáinis, agus a lán eile.
  • Na teangacha Ceilteacha: an Ghaillis, an Leapóintis agus a lán teangacha marbha eile a bhí á labhairt sa tseanársaíocht i Mór-Roinn na hEorpa, chomh maith leis na teangacha nua-aimseartha: Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, an Mhanainnis, an Bhreatnais, an Bhriotáinis agus an Choirnis.
  • Na teangacha Airméanacha, is é sin, an tSean-Airméinis ("Grabar") agus an dá chaighdeán Nua-Airméinise.
  • Na teangacha Tocáracha, is é sin, an dá chanúint Tocáirise a bhfuil a n-iarsmaí fágtha againn ón séú haois.
  • Na teangacha Baltacha (an Laitvis, an Liotuáinis, agus an tSean-Phrúisis) agus na teangacha Slavacha (an Rúisis, an Bhealarúisis, an Úcráinis, an Pholainnis, an tSorbais, an tSeicis, an tSlovaicis, an tSeirbis, an Chróitis, an tSlóivéinis, an Bhulgáiris, an Mhacadóinis). Níl na saineolaithe go léir den tuairim gur chóir an dá fhoghrúpa seo a aicmiú le chéile. Cuid acu, deir siad nach bhfuil gaol níos dlúithe acu le chéile ná aon dá chraobh eile i gcrann ginealais na dteangacha Ind-Eorpacha.
  • Na teangacha Albánacha, is é sin, an teanga Geg agus an teanga Tosk, a bhfuil traidisiún liteartha dá cuid féin ag ceachtar acu. Is í an teanga Tosk an leagan oifigiúil den teanga san Albáin inniu.

Níl sna teangacha seo thuas ach cuid de na teangacha Ind-Eorpacha a bhí ann i rith na staire agus na réamhstaire. Is léir gurb iomaí teanga san fhine seo féin a d'imigh gan rian ar bith a fhágáil ina diaidh, agus tá a fhios againn a lán acu nár fhág ach a n-ainmneacha ar annálacha na staire.

An chuid is mó de na teangacha saorga a cruthaíodh le freastal ar an gcumarsáid idirnáisiúnta, tá siad bunaithe ar theangacha Ind-Eorpacha, agus is féidir a rá gur teangacha Ind-Eorpacha iad féin. Samplaí is ea iad na teangacha Interlingua, Occidental, agus Latino sine Flexione. Agus ar ndóigh, tagann an chuid is mó de stór focal na teanga Esperanto as na teangacha Ind-Eorpacha.

[athraigh] Teangacha Satem agus teangacha Kentum

Is iomaí saineolaí a aithníonn na teangacha Satem agus na teangacha Kentum thar a chéile. Is iad na teangacha Satem na cinn a chaill an difríocht idir na consain choguasacha agus na cinn liopach-choguasacha, agus a d'iompaigh na coguasaigh charballacha ina siosaigh. Maidir leis na teangacha Kentum, chaill siad an t-idirdhealú idir na gnáth-choguasaigh agus na coguasaigh charballacha. Ó thaobh na geograife de, ritheann an teoirlíne idir na teangacha Satem agus na teangacha Kentum trasna na hEoráise ionas go bhfágann sí na teangacha Kentum suite taobh thiar, na teangacha Satem taobh thoir. Teangacha Kentum iad an Béarla agus an Ghaeilge, mar shampla. Cé go gcreideann cuid mhór saineolaithe go bhfuil gaol réasúnta dlúth ag an nGréigis agus an Airméinis le chéile, is idir an dá theanga seo a ritheann an líne. Teanga Kentum í an Ghréigis, cé go bhfuil gnéithe áirithe den Ghréigis níos cosúla leis na teangacha Satem, ach is teanga Satem í an Airméinis. Tá teangacha ann nach furasta a aicmiú le ceachtar den dá ghrúpa, ar nós na dteangacha Anatólacha, na Tocáirise agus na hAlbáinise, agus níl teangeolaithe an lae inniu chomh tugtha don teoirlíne Satem-Kentum mar phríomhlíne dheighilte agus a bhí a sinsir sa naoú haois déag. Is féidir nach bhfuil ann, i ndiaidh an iomláin, ach ceann de na línte deighilte ar féidir aird a thabhairt orthu agus na teangacha Ind-Eorpacha á n-aicmiú ina bhfoghrúpaí.

[athraigh] An Nostrátachas agus hipitéisí eile

Tá saineolaithe ann a chreideann gur féidir sárfhine teangacha a aithint a chuimsíonn na teangacha Ind-Eorpacha chomh maith le roinnt finte teangacha eile. Is í an hipitéis den chineál seo is minicí a chuirtear chun tosaigh ná an hipitéis Nostrátach. Is éard atá i gceist leis an bhfine teangacha Nostrátach ná fine atá comhdhéanta as na teangacha Ind-Eorpacha, na teangacha Cugasacha Deisceartacha (is é sin, an tSeoirsis agus an cupla teanga neamhscríofa a bhfuil gaol aici leo), na teangacha Altaecha (is é sin, na teangacha Tuircice, an Mhongóilis agus na teangacha beaga Mongólacha ar fud na hÁise), na teangacha Úralacha (is é sin, na teangacha Fionnúgracha agus na teangacha Samóideacha), na teangacha Dráivideacha (na cinn a labhraítear i nDeisceart na hIndia), agus na teangacha Afráiseacha. B'é an teangeolaí Danmhargach Holger Pedersen ba túisce a chuir an hipitéis seo chun tosaigh, thiar sa bhliain 1903, ach b'iad an bheirt Sóivéadach Aharon Dolgopolsky agus Vladislav Illych-Svitych ba mhó a rinne forbairt ar an mbunsmaoineamh.

Tá teoiricí eile den chineál chéanna ag dul timpeall, go háirithe hipitéis na "Próta-Phontaise", a rith leis an teangeolaí John Colarusso sa bhliain 1997, agus hipitéis na teanga "Próta-Dhomhanda", nó Proto-World, a samhlaítear le hainm Joseph Greenberg. Bhí Greenberg ina shaineolaí tábhachtach ar na huilithe teangeolaíocha, is é sin, na prionsabail theangeolaíocha a bhíonn fíor faoi gach aon teanga a labhraíonn na daoine, ach is iomaí teangeolaí a deir go ndeachaigh sé ar strae go hiomlán nuair a chrom sé ar an teanga Phróta-Dhomhanda a thaighde. Is é an locht is mó a fhaigheann na teangeolaithe eile ar mhodh oibre Greenberg ná go mbíonn sé ag cur theangacha an lae inniu i gcomparáid le chéile le comhchosúlachtaí ócáidiúla a aithint, in áit a bheith ag déanamh staidéir ar chomhchosúlachtaí córasacha na dteangacha agus ar a bhforbairt stairiúil, mar ba chóir. Nó is féidir comhchosúlachtaí ócáidiúla a aithint idir dhá theanga, cuma cé acu atá siad gaolmhar nó nach bhfuil; is iad na comhchosúlachtaí córasacha caighdeán na gaolmhaireachta sa teangeolaíocht.

Is fánach teangeolaí a thugann creidiúint do hipitéis Phróta-Dhomhanda Greenberg, ach bíonn an chaint níos tuisceanaí i leith na hipitéise Nostrátaí. Is é an locht is mó a fhaightear ar an hipitéis seo ná nach bhfuil an teangeolaíocht stairiúil in ann dul siar san am chomh fada in Éirinn agus is mian leat. Mar sin, cibé cé acu a bheadh an hipitéis Nostrátach fíor nó nach mbeadh, is éadócha go bhféadfaimis an fhírinne a fháil amach choíche.

[athraigh] An Fhionnachtain

B'é Marcus Zuerius van Boxhorn, teangeolaí agus fear léinn ón Ísiltír, ba túisce a chuir sonrú sna cosúlachtaí idir teangacha áirithe Ind-Eorpacha, chomh fada siar leis an mbliain 1647. Thug sé "na teangacha Scitiacha" ar an bhfine teangacha a d'aithin sé, agus ar dtús, luaigh sé an Ísiltíris, an Ghearmáinis, an Laidin, an Pheirsis, agus an Ghréigis mar bhaill den fhine seo. Níos déanaí, d'aicmigh sé na teangacha Baltacha, na teangacha Slavacha agus na teangacha Ceilteacha mar "theangacha Scitiacha" freisin. Níor chuala an saol mór iomrá ar a chuid oibre riamh, áfach, agus mar sin, níor thug torthaí a shaothair spreagadh ar bith do lucht a chomhaimsire chun tuilleadh taighde a dhéanamh ar an gceist seo.

Sa bhliain 1786, áfach, thug Sior William Jones léacht faoi na cosúlachtaí a d'aithin sé idir ceithre theanga na seanársaíochta: an Laidin, an tSanscrait, an Ghréigis agus an Pheirsis. Threisigh Franz Bopp leis an tuiscint nuair a chuir sé teangacha i gcomparáid le chéile de réir modhanna córasacha oibre, agus sna blianta 1833-1852, d'oibrigh sé amach a mhórshaothar, Vergleichende Grammatik des Sanskrit, Zend, Griechischen, Lateinischen, Litauischen, Gotischen und Deutschen, is é sin, "Gramadach Chomparáideach na Sanscraite, na hAivéistise, na Gréigise, na Laidine, na Liotuáinise, na Gotaise agus na Gearmáinise". B'í an Ghramadach Chomparáideach sin a chuir tús leis an léann Ind-Eorpach mar dhisciplín acadúil.



Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com