Suvaisis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suvaisis (Чăвашла) | |
---|---|
Á labhairt: | An Rúis |
Réigiún: | An tSuvais |
Cainteoirí san Iomlán: | 1,330,000 (Daonáireamh na Rúise, 2002) |
Rang: | ~ |
Líne ghinealaigh: | Altaeis Tuircic |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na Suvaise |
Rialaithe ag: | Níl údarás teanga ann |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | cv |
ISO 639-2 | chv |
ISO/DIS 639-3 | chv |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Teanga Tuircice is ea í an tSuvaisis a labhraítear taobh thiar de na Sléibhte Úralacha i lár na Rúise. Tá sí ina teanga oifigiúil i bpoblacht fhéinrialaitheach na Suvaise, arb í Cheboksary a príomhchathair, agus í suite idir Kazan agus Nizhniy Novgorod. Tugann lucht a labhartha Чăвашла nó Čăvašla ar a dteanga féin. Níl na tuairiscí ag teacht le chéile faoi líon na gcainteoirí, ach is féidir glacadh leis go bhfuil an tSuvaisis ag níos mó ná aon mhilliún duine. Tá stór focal na Suvaisise breac le hiasachtaí ón Rúisis, ó na teangacha Finne-Úgracha agus ó na teangacha Iaránacha, agus is í an aibítir Choireallach a úsáidtear le hí a bhreacadh síos. Tá an tSuvaisis an-difriúil leis na teangacha Tuircice eile, agus í dothuigthe ag a gcainteoirí. An chuid eile de na teangacha Tuircice, bíonn siad sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, agus mar sin, is féidir a rá nach teanga Tuircice í an tSuvaisis sa ghnáthchiall, ach gur chóir grúpa níos sine a phostaláidiú a mbeadh an tSuvaisis agus an tSean-Tuircic ina mbaill de. Is é sin, d'fhorbair na teangacha Tuircice eile as an tSean-Tuircic, ach cé go bhfuil an tSuvaisis gaolmhar leis an tsean-Tuircic, ní aisti a d'fhorbair sí. D'fhéadfá a rá, más deirféaracha dá chéile iad na teangacha Tuircice eile, gurb í an tSuvaisis an aintín.
Críostaithe is ea iad na Suvaisigh de ghnáth, má tá aon chreideamh ar leith acu. Mar sin, ní raibh gá acu leis na téarmaí Muslamacha a bhíonn le fáil sna teangacha Tuircice eile. Agus an méid sin ráite, tá cuid mhaith focal Araibise agus Peirsise i ngnáthúsáid sa tSuvaisis.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.