Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Rúisis - Vicipéid

Rúisis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rúisís (Русский язык Russkiy yazyk)
Á labhairt: An Rúis, An Bhealarúis, An Chasacstáin, An Chirgeastáin agus tíortha eile.
Réigiún: ar fud an domhain (Ach sa Rúis agus na stáit Iar-Shóivéadacha go mór mhór)
Cainteoirí san Iomlán: 147 milliún mar príomh teanga (113 milliún mar teanga eile)
Rang: 8
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais
 Balta-Slavais
  Slavais
   Slavach oirthireach
    Rúisís
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: An Rúis, An Bhealarúis, An Chasacstáin, An Chirgeastáin, srl.
Rialaithe ag: Rossiiskaya Akademiya Nauk
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 ru
ISO 639-2 rus
ISO/DIS 639-3 rus
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Teanga Shlavach is ea í an Rúisís (русский язык, ['ru.skʲi jɪ.'zɨk]) a bhfuil níos mó cainteoirí aici ná ag aon teanga eile san Eoraip.

Clár ábhair

[athraigh] Áit na Rúisise i measc theangacha an domhain

Ceann de na teangacha Ind-Eorpacha is ea í an Rúisis, agus mar sin tá gaol aici leis an tSanscrait, leis an nGréigis agus leis an Laidin, chomh maith leis na teangacha nua-aimseartha Gearmáinice, Rómánsacha agus Ceilteacha, an Béarla, an Fhraincis agus an Ghaeilge san áireamh. Dearbhaítear go bhfuil samplaí scriofa ann ón 10ú haois ar aghaidh.

[athraigh] Stádas na Rúisise

Cé go bhfuil cuid mhaith dá seanstruchtúr táite infhillte agus go leor focal ón bhFréamh-Shlavóinis ann fós, tá go leor focal idirnáisiúnta sa Rúisis nua-aimseartha a bhaineann leis an bpolaitíocht, an eolaíocht agus an teicneolaíocht. Bhí tábhacht pholaitiúil an-mhór ag an teanga san 20ú haois, agus tá sí ar ceann den sé theanga oifigiúil a úsáideann Eagraíocht na Náisiún Aontaithe.

[athraigh] An Rúisis mar theanga Shlavach

Scríobhtar an teanga san aibítir Choireallach. Is iad an Bhealarúisis agus an Úcráinis an dá theanga is cóngaraí don Rúisis, agus is minic a deir na Rúisigh nach bhfuil iontu ach canúintí de chuid na Rúisise féin. Tá an chuid sin den fhírinne acu nach bhfuil sé furasta teorainn shoiléir a shocrú idir canúintí na Rúisise agus canúintí an dá theanga seo. Nuair a bhí an tAontas Sóivéadach ann, b'é an meas a bhí ag muintir na tíre ar na teangacha seo nach raibh siad oiriúnach ach don bhéaloideas agus don amhránaíocht tíre. Inniu, tá an Úcráinis ag teacht chuici féin arís san Úcráin, ach fanann an Bhealarúisis sách lag ina tír dhúchais féin. An cineál teanga a labhraítear sa tsráid sna tíortha seo, is minic nach bhfuil sé éasca a rá cé acu Rúisis nó an teanga eile atá ann.

Ní mór a chuimhneamh, áfach, go bhfuil na teangacha Slavacha ar fad iontach cosúil le chéile, agus iad réasúnta intuigthe ag cainteoirí a chéile. Tá an Bhealarúisis agus an Úcráinis níos fusa le tuiscint ag an bPolannach ná an Rúisis.

Is iad an Rúisis, an Úcráinis agus an Bhealarúisis na teangacha Slavacha Oirthearacha, ach murab ionann agus an dá theanga eile acu, bhí an Rúisis go mór mór faoi thionchar na Sean-Slaivise Eaglasta. Is é an cineál teanga a bhí i gceist leis an tSean-Slaivis Eaglasta ná an caighdeán liteartha a cheap na manaigh Ghréagacha le haghaidh na Slavach ar fad, agus é bunaithe ar an tSean-Bhulgáiris. Mar sin, tá sí níos gaolmhaire leis an tSeirbea-Chróitis ná leis an Rúisis. Ina ainneoin sin, b'í an tSean-Slaivis Eaglasta an t-aon teanga liteartha amháin a bhí in úsáid sa Rúis go tús na hochtú haoise déag.

[athraigh] Tionchar na dTeangacha Eile

D'imir an tSean-Slaivis Eaglasta an-tionchar ar an Rúisis. Is minic a úsáidtear focal iasachta as an teanga seo sa Rúisis le tagairt a dhéanamh do choincheap teibí, agus leagan dúchasach den fhocal chéanna sa chiall nithiúil. Níl sé deacair samplaí a bhailiú:

  • Sean-Slaivis Eaglasta: власть/vlast' "cumhacht", Rúisis: волость/volost' "paróiste"
  • SSE: глава/glava "caibidil", R: голова/golova "ceann, cloigeann"
  • SSE: хранить/khranit' "cosaint, taisciú", R: хоронить/khoronit' "adhlacadh"

Bhí an tSean-Slaivis Eaglasta go mór faoi thionchar na Gréigise ó thaobh an struchtúir de. Na focail eaglasta nó ardnósacha a tháinig isteach an bealach seo, focail chomhshuite ab ea iad a bhí bunaithe ar réamhshamplaí Gréigise. Ní cheadaíonn struchtúr na dteangacha Slavacha, go bunúsach, focail chomhshuite a chruthú, ach amháin i gcásanna áirithe - aidiachtaí comhshuite thar aon chineál eile (is é sin, aidiachtaí cosúil le "lámhfhada" na Gaeilge, nó aidiachtaí bahuvrihi mar a deir an teangeolaí). Tá an Rúisis breac le focail chomhshuite inniu, áfach, agus is minic a fhaigheann lucht labhartha na dteangacha Slavacha eile go bhfuil sí cineál "trom" mar theanga, go háirithe nuair a bhítear ag plé coincheapanna teibí. An té nach bhfuil Rúisis aige, níl a fhios aige céard is brí le tromchúiseach.

Sular tháinig na Slavaigh go dtí an Rúis, bhí teangacha Fionn-Úgracha á labhairt i gcuid mhór de na tailte arb iad croí na Rúise iad inniu. Ghlac lucht labhartha na dteangacha seo leis an teanga Shlavach, ach is léir gur fhág siad a mblas féin ar an teanga. Mar sin, is féidir a rá go raibh tionchar ag a dteangacha siúd ar fhorbairt na Rúisise, cé nach bhfanann mórán focal dá gcuid i Rúisis an lae inniu.

Thairis sin, bhí an Rúisis iontach fáiltiúil roimh fhocail ó theangacha Iartharacha. Cé go mbíonn na náisiúnaithe Rúiseacha ag maíomh as an teanga s'acu mar an teanga Shlavach is glaine amuigh, níl aon chuid den cheart acu ar aon nós. A mhalairt ar fad, bhí an Rúisis in ann a cuid féin a dhéanamh de na céadta focal iasachta ón Ollainnis, ón nGearmáinis, ón bhFraincis, agus ón mBéarla:

  • Ón Ollainnis: фарватер/farvater "cúrsa farraige"
  • Ón nGearmáinis масштаб/masshtab "scála an mhapa"
  • Ón bhFraincis бульвар/bul'var "búlbhard"
  • Ón mBéarla компьютер/komp'yuter "ríomhaire"

[athraigh] Litríocht na Rúisise

Glactar leis go bhfuil an Rúisis ar theangacha móra cultúrtha an domhain, a bhuí leis an traidisiún millteanach scríbhneoireachta a bhaineann léi. An té a chromfaidh ar an teanga seo a fhoghlaim, ní rachaidh sé choíche in anás lón léitheoireachta.

Is gnách glacadh leis gurb í an Laoi faoi Fheachtas Igor (Слово о Полку Игореве/Slovo o Polku Igoreve) an saothar liteartha is sine atá ar fáil i dteanga ar féidir Rúisis a thabhairt uirthi. Scéal eile go hiomlán é go raibh an tSean-Slaivis Eaglasta á saothrú go coitianta mar theanga liteartha san am céanna sa Rúis, ar ndóigh. Dán fada eipiciúil is ea í an Laoi seo, agus í ag tabhairt cur síos ar na heachtraí a ndeachaigh an laoch Igor agus a chuid fear tríothu nuair a bhí siad ag cur cogaidh ar na Polovtsy. Is í an treibh atá i gceist leis na Polovtsy - ciallaíonn an focal Rúisise "muintir an mhachaire mhóir" - ná na Cúmánaigh, treibh Thuirceach a raibh cónaí uirthi i nDeisceart na Rúise sa dóú haois déag. Tá an Chríostaíocht agus an Phágánacht shean-Slavach measctha trí chéile sa laoi, agus cur síos dúisitheach inti ar nádúr na Rúise agus ar an dóigh a gcuireann fórsaí an nádúir cor i gcinniúint an duine.

Sa seachtú haois déag, scríobh Avvakum Petrov, ard-sagart Ceartchreidmheach nach raibh sásta leis na leasuithe eaglasta a bhí á gcur i gcrích san am céanna, sraith leabhar faoi ábhar eaglasta agus reiligiúnda, chomh maith le scéal a bheatha féin. Go bunúsach, paimfléid pholaitiúla ab ea iad na leabhair seo agus iad ceaptha mar bholscaireacht i gcoimhlint inmheánach na heaglaise. Scríobh sé na leabhair seo i gcaint na ndaoine - Rúisis - cé go raibh an tSean-Slaivis Eaglasta go paiteanta aige. Tá teanga nádúrtha, chumhachtach aige, go háirithe nuair a bhíonn sé ag caitheamh anuas ar a chuid naimhde. Chuir na húdaráis chun báis é sa deireadh, ach mar sin féin, rinne sé cion fir le litríocht na Rúisise a fhorbairt - i nganfhios dó féin.

Sna sálaí ag an Impire Peadar Mór, agus na hiarrachtaí a bhí ar siúl aige leis an Rúis a thabhairt chun Iartharachais agus teanga liteartha shibhialta a dhéanamh den Rúisis, tháinig an chéad ghlúin de scríbhneoirí Rúisise: Antioch Kantemir, Vasiliy Trediakovskiy, Mikhail Lomonosov, agus, ina ndiaidh sin, Nikolay Karamzin.

Ní raibh mórán maithe in Kantemir mar fhile, ach, ar a laghad, chuir sé an dúshraith ar ar thóg na scríbhneoirí a tháinig ina dhiaidh. Ní raibh, fiú, an teanga ó dhúchas aige, nó b'as an Moldóiv dó. Maidir le Lomonosov, fear mór Renaissance agus ileolaí a bhí ann, agus rinne sé staidéar ar go leor brainsí léinn agus eolaíochta. B'eisean a thuig go raibh an-tábhacht leis an mbéim do véarsaíocht na Rúisise, agus scríobh sé dánta inar choinnigh sé béim gach focal ar a gnátháit, le go mbeadh blas nádúrtha na cainte ag dul leis an dán, in áit gach siolla a labhairt amach ar aon bhéim.

Karamzin (1766-1826), arís, scríobh sé saothar or millteanach faoi stair na Rúise, mar atá, "Stair an Stáit Rúisigh", nó История государства Российского/Istoriya gosudarstva Rossiyskogo. Leabhar soléite suimiúil atá ann ag léitheoir an lae inniu féin, cé go bhfuil dearcadh Karamzin an-dáimhiúil leis an anlathas impiriúil. Scríbhneoir maith a bhí ann a chuir athrú cuma ar nósanna scríbhneoireachta na Rúisise ar fad. Chaith sé tréimhse san Eoraip nuair a bhí an réabhlóid ar coipeadh san Fhrainc, rud a d'imir a thionchar féin ar fhorbairt a dhearcaidh choimeádaigh, agus d'fhoilsigh sé leabhar taistil inar chuir sé síos ar a chuid eacthraí, "Litreacha an taistealaí Rúisigh". Chum sé freisin cupla gearrscéal maoithneach, go háirithe "Éilís bhocht" (Бедная Лиза/Bednaya Liza), ina ríomhann sé scéal tragóideach an chailín óig de phór íseal a thit i ngrá le fear óg de phór uasal.

Lenár linn féin, chuala an saol iomrá ar na scríbhneoirí Rúiseacha a caitheadh i dtóin an phríosúin i ndiaidh dóibh leabhair a scríobh a chuir míchompord ar an lucht rialtais. B'é Aleksandr Radishchev an chéad easaontóir den chineál seo, is dócha. Sa bhliain 1790, d'fhoilsigh sé leabhar taistil, Путешествие из Петербурга в Москву/Puteshestviye iz Peterburga v Moskvu ("Turas ó Chathair Pheadair go Moscó"), inar thug sé cur síos réadúil ar chruatan na ndaoine faoin tuath. Bhain an leabhar seo a leithéid de scanradh as an mBanimpire Caitríona Mhór agus gur theilg sí an scríbhneoir chun báis. Sa deireadh, níor básaíodh Radishchev, áfach. Díbríodh go dtí an tSibéir é. Scairt comharba Chaitríona, an tImpire Pól a hAon, ar ais ón díbirt é, ach má scairt féin, ní raibh sonas ná sástacht i ndán do Radishchev. Chuir an scríbhneoir lámh ina bhás féin sa bhliain 1802.

[athraigh] Ré Órga na Litríochta Rúisise

Inniu féin, is ábhar spéise don tsaol mhór ar fad iad na clasaicigh a scríobhadh i ré órga na litríochta Rúisise. Áirítear gur thosaigh an ré sin nuair a chuaigh Vasily Zhukovsky agus Aleksandr Pushkin i mbun pinn. Aistritheoir filíochta ab ea é Zhukovsky thar aon rud eile, ach d'éirigh leis stíl agus idéil na rómánsúlachta a thabhairt isteach i litríocht na Rúisise lena chuid aistriúchán. Is minic a mhaireann a leagan féin de dhán coimhthíoch éigin i mbéal an phobail sa Rúis, agus an buntéacs ligthe i ndearmad le fada sa tír inar scríobhadh an chéad uair é.

Maidir le Pushkin, is eisean file náisiúnta na Rúise thar aon fhile eile. Chruthaigh sé stíl éasca nádúrtha atá an-chosúil le caint uasalaicme a linne féin. D'fhéadfá a rá, fiú, gurbh eisean, thar aon duine eile, a chaighdeánaigh an Rúisis liteartha. Chum sé na céadta de dhánta, ach b'iad na laoithe móra eipiciúla - na húrscéalta faoi rím agus rithim - a thuill a chlú dó. Ní raibh an oiread sin ratha ar a chuid próis. Chríochnaigh sé úrscéal stairiúil amháin i stíl Walter Scott, mar atá, Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka ("Iníon an Chaptaein"), agus chum sé roinnt ghearrscéalta.

File tábhachtach eile sa chéad leath den naoú haois déag ab ea é Mikhail Lermontov. Saighdiúir a bhí ann a throid sna cogaí a chuir an Rúis sa Chugais leis na treibheacha áitiúla a chur faoi chois. As na heachtraí sin a fáisceadh rogha a chuid filíochta. Scríobh sé úrscéal freisin, mar atá, Герой нашего времени/Geroy nashego vremeni ("Laoch ár Linne"), a bhí suite sna Sléibhte Cugasacha.

B'é Fyodor Tyutchev an tríú mórfhile rómánsúil sa Rúis. Saolaíodh i dtús na naoú haoise déag é chomh maith le Lermontov, ach bhí sé réasúnta fadsaolach, nó ní bhfuair sé bás sula raibh sé beagnach seachtó bliain d'aois. D'éag Pushkin agus Lermontov sula raibh an dá scór bliain slánaithe acu, agus cailleadh an bheirt acu i gcomrac aonair. Má bhí claonadh áirithe chun ceannairce agus réabhlóide - sa chiall mheafarach, ar a laghad - i bPushkin agus i Lermontov, bhí Tyutchev ina thaidhleoir i seirbhís an Impire, agus dearcadh coimeádach aige. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol taobh amuigh den Rúis, agus phós sé mná coimhthíocha nach raibh focal Rúisise ina bpluc. Bhí an Fhraincis ní ba líofa aige féin ná an Rúisis, ach theastaigh uaidh friotal a lorg sa theanga dhúchasach dá chuid smaointí meitifisiciúla, agus b'í an fhilíocht an friotal ab fhearr a thiocfadh leis. Ní raibh mórán measa aige féin ar a chuid dánta, agus níor cuireadh suim cheart iontu sula raibh an file tar éis bháis.

B'iad na scríbhneoirí próis, áfach, ba mhó a thabhaigh a clú do litríocht chlasaiceach na Rúise ar an gcoigríoch, ós rud é go mbíonn sé deacair filíocht a aistriú. B'é Nikolay Gogol an chéad scríbhneoir den chineál sin, agus mhair sé sa chéad leath den naoú haois déag freisin. Úcráineach a bhí ann go bunúsach, ach b'í an Rúisis teanga a chuid saothar. Níor mhothaigh sé é féin riamh ar a shuaimhneas i gCathair Pheadair, agus scríobh sé gearrscéalta faoi shaol na cathrach a raibh an-sceimhle ag baint leo. Bhí sé den bharúil gur áit uafásach ab ea í Cathair Pheadair, áit neamhshaolta fiú. Bhí néaróisí agus siabhráin éagsúla ag luí air, agus saoldearcadh frithghníomhach reiligiúnda aige. Is iad na saothair is clúití dár scríobh sé ná an t-úrscéal Мертвые души/Mertvye dushi ("Anamacha Marbha") agus an dráma Ревизор/Revizor ("An Cigire").

[athraigh] Naisc sheachtracha


Vicipéid
Vicipéid le fáil as Rúisis freisin


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


athraigh Teangacha oifigiúla na Náisiún Aontaithe
Araibis | Béarla | Fraincis | Rúisis | Sínis | Spáinnis
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil na NA
Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com