Web Analytics

https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Teilifís - Vicipéid

Teilifís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Braun HF 1, an Ghearmáin, 1959.
Braun HF 1, an Ghearmáin, 1959.

Is é an rud atá i gceist leis an teilifís ná córas teileachumarsáide le pictiúir ghluaiste a chraoladh, ionas gur féidir iad a ghlacadh i bhfad ar shiúl ó áit a gcraolta leis an ngléas ar a dtugtar teilifíseán. Tagraíonn an focal teilifís do na cláir, don chraoltóireacht agus don tarchuradóireacht, mar ghníomhaíocht. Teilí a thugtar ar an dá rud sa ghnáthchaint Gaeilge go minic: chonaic mé ar an teilí é. Focal é sin atá bunaithe ar ghnáthchaint an Bhéarla. Is féidir an bosca, nó an bosca draíochta, a thabhairt ar an teilifíseán agus, go meatonaimeach, ar an gcraolachán teilifíse freisin.

Is iad na comhpháirteanna atá ag teastáil le craolachán teilifíse a dhéanamh ná:

  • Foinse na híomhá. Is éard atá ann ná comhartha leictreach a sheasann don íomhá. Más íomhánna beo atá á gcraoladh, tá an comhartha seo á sholáthar ag an gceamara a iompaíonn an t-imprisiún físe (is é sin, na himeachtaí infheicthe) ina bhíoganna leictreacha. Is féidir, áfach, gur íomhánna taifeadta atá againn ansin, agus an comhartha á sholáthar ag an taifeadán fístéipe. Is féidir freisin scannán den tseanchineál a léamh le scanóir ar leith.
  • Foinse na fuaime. Ar bhealach cosúil le foinse na híomhá, is éard atá i gceist leis seo ná comhartha leictreach a sheasann don fhuaim. Más fuaim bheo atá ann, tagann na bíoganna leictreacha ón micreafón a iompaíonn an fhuaim - guth an duine, abair, nó an ceol, nó eile - ina leictreachas. Ar ndóighe, úsáidtear fuaim taifeadta chomh maith.
  • An tarchuradóir. Iompaíonn an gléas seo an comhartha físe agus an comhartha fuaime ina dtonnta raidió, is é sin, ina radaíocht leictreamhaighnéadach. Tá bannaí minicíochta na radathonnta níos airde ar scála an tonnfhaid, agus dá réir sin, níos ísle ar scála na minicíochta, ná an radaíocht infridhearg.
  • An aeróg leis na radathonnta a tharchur.
  • An aeróg leis na radathonnta a ghlacadh.
  • An glacadóir sa chiall chúng, is é sin, an tiúnóir, a aithníonn na comharthaí radathonnta agus a iompaíonn ar ais ina mbíoganna leictreacha iad.
  • An gléas taispeána. Go traidisiúnta, bhí feadán ga-chatóideach á úsáid leis na craolacháin teilifíse a thaispeáint. San fheadán ga-chatóideach, tá leictreoid dhiúltach - catóid - suite i gcúl an fheadáin, agus í ag tabhairt leictreon uaithi. Tá cornaí leictreacha timpeall an fheadáin agus anóid taobh istigh de, agus iad ag stiúradh shruth na leictreon de réir an chomhartha físe a fhaightear ón aeróg. San áit ina mbuaileann sruth na leictreon an scáileán fluaraiseach, feictear ponc solais ag lasadh suas, agus nuair a athraíonn an comhartha físe treo na leictreon, tarraingíonn an ponc solais seo íomhá i ndiaidh íomhá ar an scáileán fluaraiseach chomh sciobtha is nach féidir le súil an duine na pictiúir seo a aithint thar a chéile. Mar sin, téann siad i bhfeidhm ar an bhféachadóir díreach mar a bheadh gluaiseacht leanúnach ann.

Ní hé an feadán ga-chatóideach an t-aon teicneolaíocht is féidir a úsáid le híomhánna teilifíse a thaispeáint a thuilleadh. Is féidir úsáid a bhaint as cúlteilgeoirí teilifíse (RPTV) freisin, agus inniu, tá na teilifíseáin phlánacha, cosúil leis na teilifíseáin phlasma agus na teilifíseáin leachtchriostail, ag dul i bhfairsinge. Is féidir úsáid a bhaint as gléas taispeántais atá bunaithe ar na dé-óidí astaithe solais (na LEDanna) freisin, le haghaidh taispeántas mórphictiúir amuigh faoin spéir.

  • An gléas fuaime, is é sin, an t-aimplitheoir fuaime agus an callaire, leis an gcomhartha fuaime a iompú ina fhuaim inchloiste.

In Éirinn, is é RTÉ an príomhchraoltóir náisiúnta, agus é faoi smacht an Rialtais. Gearrtar suim airgid de na féachadóirí mar thaille ceadúnais leis an gcraolachán a mhaoiniú.

Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com