1 Ceres
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Abhacphláinéad is ea í Ceres, nó 1 Ceres, mar a thugtaí uirthi nuair ba nós í a áireamh ar ceann de na hastaróidigh. Tá sí ag timpeallú na Gréine laistigh den phríomhchrios astaróideach, idir Iúpatar agus Mars, agus is í an réad is mó sa chrios sin. Tá sí beagnach sféarúil (ar déanamh liathróide), murab ionann agus an chuid is mó de na hastaróidigh, agus mar sin, tá sí níos cosúile le pláinéad beag ná le gnáthastaróideach. Le fírinne, is i measc ghealacha Shatarn is mó a bheadh súil agat le Ceres, ó thaobh na méide de ar a laghad. Tá sí beagáinín níos lú ná míle ciliméadar ar trastomhas, agus mar sin, tá sí beagáinín níos lú ná Tethys agus Dione, ach níos mó ná Mimas agus Enceladus.
Bhí sé ina ábhar diospóireachta ag Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta, ar chóir dóibh Ceres, Plútón agus na réadanna is mó i gCrios Kuiper a athaicmiú mar phláinéid. Sa deireadh thiar, bhí siad sásta catagóir an abhacphláinéid a bhunú le haghaidh réadanna "idir eatarthu" mar seo.
B'é an réalteolaí Iodálach Giuseppe Piazzi a chuir an chéad sonrú riamh in Ceres, ar an chéad lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1801.
athraigh Grianchóras |
---|
Pláinéid: Mearcair - Véineas - an Domhan - Mars - Iúpatar - Satarn - Úránas - Neiptiún |
Abhacphláinéid: Ceres - Plútón - Eris |
Eile: An Ghrian - An Ghealach - Crios astaróideach - Cóiméad - Crios Kuiper - Scamall Oort |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.