Úránas (pláinéad)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Úránas an seachtú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. Ba é William Herschel a chonaic é den chéad uair i 1781. Ba é an réalteolaí Gearmánach Johann Bode a bhaist Úránas mar ainm air, dia na spéire anallód.
Tá trastomhas de 51,000 ciliméadar aige agus glacann sé 84 bliain de chuid an Domhain air turas amháin a dhéanamh timpeall na gréine. Bíonn sé beagnach 3,000 milliún ciliméadar ón Ghriain de ghnáth. Maireann an lá seacht n-uair an chloig déag. Tá 22 gealach ar a laghad aige. Hidrigin is mó atá san atmasféar agus léiríonn na pictiúir a tógadh le teileascóp ardchumhachta Keck II go mbíonn stoirmeacha fíochmhara ar an phlainéad . Tá fáinní timpeall ar an phlainéad mar atá ar Satarn. Tá Úránas claonta ar a thaobh timpeall 90 céim.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
athraigh Grianchóras |
---|
Pláinéid: Mearcair - Véineas - an Domhan - Mars - Iúpatar - Satarn - Úránas - Neiptiún |
Abhacphláinéid: Ceres - Plútón - Eris |
Eile: An Ghrian - An Ghealach - Crios astaróideach - Cóiméad - Crios Kuiper - Scamall Oort |