Cogadh Fuar
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é atá i gceist leis an gCogadh Fuar ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar an taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile. Bhailigh an bheirt acu a gcuid comhghuallithe féin chucu le tacaíocht a fháil, ach ba mhinic a chaithfidís an tacaíocht sin a mhealladh uathu le lámh láidir. Deirtear gur tosaíodh an cogadh timpeall na bliana 1947, ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, agus mhair sé go dtí na 1990idí, a fhad is a mhair an tAontas Sóivéadach.
Ní raibh an dá mhórchumhacht féin ag cur mórán troda ar a chéile go díreach, ach ba mhinic a bhí siad ag tabhairt tacaíochta do thaobhanna éagsúla i gcoimhlintí áitiúla go háirithe sa Tríú Domhan, rud a mhéadaigh ar an gcruatán inar fágadh na gnáthshibhialaigh ina leithéid de chás. B'í an ghné ba dainséaraí den Chogadh Fhuar ná go raibh airm núicléacha ag an mbeirt, agus bhí sé incheaptha go mbrisfeadh cogadh núicléach amach eatarthu - fiú de thaisme. Cúpla uair, ba dhóbair nár bhris, is é sin, le linn ghéarchéim na ndiúracán i gCúba agus i bhFómhar na bliana 1983. Ar ámharaí an tsaoil, seachnaíodh an cogadh núicléach sin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.