Duais Nobel
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sraith duaiseanna is ea iad Duaiseanna Nobel a bhunaigh cruthaitheoir na dínimíte, Alfred Nobel. Tugtar airgead mar chuid den duais do dhaoine a chuir an taighde nó an tsochaí chun cinn ar bhealach ar leith.
Bronntar duaiseanna Nobel ón mbliain 1901 anuas sna disciplíní a leanas:
- Fisic, agus an duais á gearradh ag Acadamh Ríoga na nEolaíochtaí sa tSualainn.
- Ceimic, agus an duais á gearradh ag Acadamh Ríoga na nEolaíochtaí sa tSualainn.
- Leigheas, agus an duais á gearradh ag Karolinska Institutet (Institiúid Leighis agus Máinliachta Shéarlais a Trí Déag) i Stócólm
- Litríocht, agus an duais á gearradh ag an Acadamh Sualannach
- Síocháin, agus an duais á gearradh ag coiste ar leith de chuid Phairlimint na hIorua, an Storting