Tram
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá tábhacht le leis an tram i go leor cathracha sa domhain fós, cé gur baineadh de na sráideanna iad sa chuid is mó de mhór chathracha an domhain. Ritheann sé ar ráillí iarann ar nós traenach, ach go bhfuil na ráillí sáite faoi bharr an bhóthair. Mar sin tugtar streetcar sa Bhéarla nó Strassenbahn sa Ghearmánais orthu. Tá córas breá tram ag Heilsincí, ar é an príomhchóras taisteal i bpríomhchathair na Fionlainne é. Tá córas tram i San Francisco is California le hos cionn céad blian, agus éiríonn go geal leis ag tarraingt daoine suas a chuid sráid cnocacha. Baineadh na tramanna as sráideann Bhaile Átha Cliath in Éirinn sna 1950í. Ach táthar arís ag cur na dtramanna chun cinn, agus thosaigh an seirbhís nua "Luas" i 2003, ag iompar paisnéirí ó lár Bhaile Átha Cliath go dtí an Tamhlacht agus imeallbhailte eile na príomhcathrach.
- Imeasc buntáistí tramanna tá:
- Tá siad ciúin agus mear
- Tá siad an-ghlan nuair a ritheann siad ar aibhléis
- Ritheann siad ar spás ar leith i lár cathrach, áit a bhfuil an-chuid tráchta, rud a chuidíonn leo gluaiseacht leo, ach baineann siad úsáid as an gcuid chéanna den bhóthar le carranna ina áiteanna nach bhfuil an oiread brú iontu.
- Iompraíonn siad an oiread daoine le busanna, agus ní gá dóibh fanacht chomh fada óna chéile le mearthraen fothalamh, mar go mbíonn radharc níos fearr ag an dtiománaí.
- Imeasc na míbhuntáistí, tá:
- Tá contúirt timpiste ann nuair a ghluaiseann an tram ar aon bhóthar le carranna
- Tá gá le lánaí speisialta i lár na cathrach, rud nach bhfuil mórán cathracha sásta a chur ar fáil nuair nach ngluaiseann an ollmhéad carranna go maith cheana féin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.