Uimhir adamhach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é is uimhir adamhach (Z) adaimh ann ná líon na bprótón i núicléas an adaimh sin. Baineann Uimhir Admhach dhifriúil le gach dúil, .i. is é uimhir adamhach ocsaigin ná a hocht (mar tá 8 bprótón sa núicléas) ach is é an uimhir adamhach Nitrigín na a seacht (mar tá 7 bprótón sa núicléas).
Ar dtús is í an bhumchiall a bhain leis an uimhir adamhach ná áit- uimhir na dúile san Tábla Peiriadach.
Nuair a chéad leag Mendeleev síos na dúile i nGrúpaí de réir a gcosúlachta cheimiceacha, tugadh faoi deara roinnt neamhrialtachtaí nó neanmh-chomhoiriúcháin.
Mar shampla, má liostáiltear Iaidín agus Teallúiriam in órd de réir a mais adaimh amharcann siad go bhfuil siad in órd mícheart! Go bhfuil siad druim ar aghaidh.
Nuair a rangníodh iad de réir chosúlachtaí a gcuid airíonna cheimciceacha b'é a n-uimhreacha adamhacha a n-áituimhir sa Tábla Peiriadach.
Bhí an cuma ar an scéal gur thaispeáin an uimhir seo comhréiteach le mais an adaimh, ach, mar a léiríodh sa neamhrialtacht thuas luaite, caithfidh airí eile a thabhairt san áireamh.
Míníodh na neamhrialtachtaí san órd-sheicheamh seo sa deireadh i ndiaidh taighde a rinne Henry Gwynn Jeffreys Mosley i 1913. Léirigh Mosley coibhneas docht idir díraonadh x-ghathach speictra na ndúl agus a n-áit suite sa Tábla Peiriadach.
Fuarthas amach níos déanaí arís go bhfuil comhfreagair idir an uimhir adamhach agus lucht leictreach an nuicléis — i bhfocail eile uimhir na bprótón. Is é an lucht a bheireann airíonna cheimeacha do phrótóin, ní an mais adamhach.
Tá dlúth-bhaint idir an Uimhir Adamhach agus an Mais Uimhir ( cé nach cóir duit iad a mheascadh). is é an mais uimhir adaimh ann ná suim an líon prótón agud neodrón. Go minictagann an Mais Uimhir i ndiaidh na dúile, .i. Carbon-14 ( in úsáid i ndátaithe carbóin)
[athraigh] Féach freisin
<
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.