Vítneam
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tír in oirdheisceart na hÁise í Poblacht Shóisialach Vítneam. Tá teorannacha aici leis an tSín, Laos, an Chambóid agus Murascaill Tonkin. Vítneaimis an teanga náisiúnta. Is í Ha Noi, i dtuaisceart na tíre, an phriomhchathair, ach is í Cathair Ho Chi Minh sa deisceart an chathair is mó sa tír.
De réir traidisiúin tá muintir Vítneam sa tír le breis is ceithre mhíle bliain, agus meastar gurb as an tSín a tháinig siad ar dtús. Bhí an limistéir faoi cheannas na Síne ar feadh i bhfad ach sa bhliain 939 bhain Vítneam neamhspleáchas amach. D'éirigh leo cosc a chur le hionradh na Mongal rud a threisigh an neamhspleáchas go mór nuair a bhí formhór na hÁise á chreachadh ag Ghenghis Khan agus a shliocht. Leathnaigh a gcumhacht ó dheas agus chuir siad ríocht Champa agus an chuid ba mhó d'Impireacht na Khmer faoina smacht. Sa naoú haois déag tháinig na Francaigh agus chuir siad Vítneam agus a comharsana, an Chambóid agus Laos, faoina smacht. Ghabh na Seapánaigh seilbh ar an tír le lin an Dara Cogadh Domhanda.
|
|||||
Mana: Ðộc lập, tự do, hạnh phúc (Vítneaimis: Neamhspleáchas;, Saoirse, Sonas) |
|||||
![]() |
|||||
Teangacha Oifigiúla | Vítneaimis | ||||
Príomhchathair | Hanoi | ||||
An Chathair is mó | Ho Chi Minh City | ||||
Uachtarán | Tran Duc Luong | ||||
Príomh-Aire | Phan Van Khai | ||||
Achar - Iomlán - % uisce |
Ag uimh. 65 329,560 km² 1.3% |
||||
Daonra - Iomlán (2004) - Dlús |
Ag uimh. 13 82,689,518 264/km² |
||||
Neamhspleáchas - Fógraithe - Glactha leis |
ó an Frainc September 2, 1945 1954 |
||||
Airgeadra | Dong | ||||
Críos ama | UTC +7 | ||||
Amhrán náisiúnta | Tien Quan Ca | ||||
Réimse idirlín | .vn | ||||
Cód teileafóin | 84 |
[athraigh] Polaitíocht
Tá rialtas Cummanach i réim i Vítneam. Ach, cé go bhfuil an rialtas bunaithe ar fhealsúnacht Chumannach, tá fiontair ghnó go leor ar fud na tíre, go háirithe i limistéir Chathair Ho Chi Minh.
Ní cheadaíonn an páirtí Cumannach freasúra ar bith. Tá riarachán an-lárnaithe sa tír mar is dual d'fhealsúnacht na gcumannach. Tá pionós an bháis ann chomh maith, agus gearrtar é ar dhaoine a chiontaítear i gcoireanna tromchúiseacha, (smugláil drugaí mar shampla).
Tá an tír roinnte i naoi gcúige agus caoga, agus tá sí beagnach chomh mór leis an Ghearmáin.
[athraigh] Reiligiúin
Cé go bhfuil an chuid is mó de mhuintir Vítneam ina mBúidigh, tá níos mó ná 10% de na daoine ina gCaitlicigh, freisin. Tá líon beag Moslamach sa tír chomh maith.
[athraigh] Cogadh
Bhí trí chogadh mór in Vítneam sa 20ú céad: An Chéad Cogadh Ind-Síneach inar throid muintir Vítneam i gcoinne na gcoilíneach as An Fhrainc a bhí i gceannas na tíre ar feadh timpeall céad bliain. Rinne an Fhrainc iarracht Vítneam a chur faoina smacht arís tar éis do na Seapánaigh seilbh a ghlacadh ar an tír sa Dara Cogadh Domhanda. Mhair an cogadh ar feadh naoi mbliana go dtí go raibh an bua ag náisiúnaithe Vítneam ar na Francaigh faoi dheireadh i gcath Dien Bien Phu i 1954. Cé go raibh tacaíocht an phobail ag buaiteoirí an chogaidh, Ho Chi Minh agus an ginearál Giap, níor theastaigh ó thíortha an iarthair go mbeadh rialtas Cumannach i gceannas ar thír chomh tábhachtach agus rinneadh críochdheighilt ar an tír. Faoi bhrú ón Rúis agus ón tSín ghlac Ho Chi Min leis an gcríochdheighilt mar gur chreid sé go mbeadh an bua ag a lucht leanúna i dtoghchán sa Deisceart agus go bhféadfaí an tír a athaontú go mear. Ach chruthaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá Poblacht Vítneam Theas agus chuir siad Ngo Dinh Diem i gceannas. Chuir sé siúd i leith an tuaiscirt go raibh sé ar intinn acu an deisceart a chur faoi chois agus chuir sé tús le frithionsaí in éadan na gcumannach. De réir mar a mhéadaigh an cos ar bolg d'impigh cumannaigh an deiscirt ar rialtas an tuaiscirt airm a thabhairt dóibh chun dul i mbun treallchogaíochta. Ba sa dóigh sin a thosaigh An Dara Cogadh Ind-Síneach (idir Vítneam Thuaidh agus Vítneam Theas). Bunaíodh Fronta Saoirse Náisiúnta agus troideadh cogadh géar fuilteach ar feadh cúig bliana déag eile. Ghlac na Meiriceánaigh, agus comhghuallaithe eile ar nós na hAstráile, páirt sa chogadh ar thaobh an deiscirt, rinneadh buamáil throm ar chathracha, scriosadh bailte, sráidbhailte agus feirmeacha agus cuireadh na milliún i ngéibheann. Deirtear go raibh na céadta míle saighdiúirí as an tSín páirteach i gcosaint an Tuaiscirt ar ionsaithe eitleán na Meiriceánach. Áirítear gur maraíodh os cionn trí mhilliún duine sa chogadh, timpeall 50,000 díobh as Meiriceá. Ní raibh ag éirí le ceachtar taobh an lámh in uachtar a fháil, ach le hionsaí Tet i 1968 léirigh fórsaí an tuaiscirt agus an Fronta Saoirse nach bhféadfaí iad a chloí, agus mhéadaigh ar léirsithe i gcoinne an chogaidh ar fud an domhain, agus go háirithe i Meiriceá. De réir a chéile tharraing fórsaí Mheiriceá amach as an tír, agus ar feadh dhá bhliain rinne rialtas an Deiscirt iarracht fórsaí na gcumannach a choinneáíl siar. Chríochnaigh an cogadh nuair a thit cathair Saigon i mí Aibreáin 1975. 1975).
Cé gur cumannaigh a bhí i gceannairí Vítrneam go hoifigiúil, agus gur le tacaíocht ón Aontacht Shóivéideach agus ón tSín a d'éirigh leo an cogadh a bhuachaint, níorbh fhada gur thit siad amach leis na Sínigh. Tugtar An Tríú Cogadh Ind-Síneach ar an gcogadh (idir Vítneam agus An tSín, 1978 – 1979). Rinne na Sínigh ionradh thar teorainn Vítneam ach ní raibh seans dá laghad acu in éadan saighdiúirí dea-oilte a raibh taithí na mblianta de chogaíocht acu.
I 1979, tar éis do shaighdiúirí na Cambóide ionsaithe a dhéanamh thar teorainn, rinne Vítneam ionradh ar an tír sin agus ruaig siad an deachtóir Pol Pot. Cé go raibh réimeas Pol Pot ar cheann de na rialtaisí ba uafásaí a bhí sa domhan riamh, rinne SAM cáineadh géar ar ionradh Vítneam agus cuireadh smachtbhannaí i bhfeidhm in aghaidh na tíre a d'fhág nach raibh sí ábalta forbairt eacnamaíoch a dhéanamh go ceann i bhfad.
Le tamall de bhlianta anuas, tá múnla forbartha na Síne á leanúint sa tír, margadh saor don rachmas, ach córas diansmachta cumannach, agus tá fás mear ag tarlú anois, cé go raibh stailceanna sa tír le gairid in aghaidh na gcoinníolacha oibre sna monarchain nua a chuir comhlachtaí eachtannacha ar bun.