George W. Bush
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
||
Ord: | 43ú Uachtarán | |
Leasuachtarán: | Dick Cheney | |
I bhfeidhmeannas: | 20 Eanáir, 2001 – anois | |
Réamhtheachtaí: | William J. Clinton | |
Comharba: | In oifig anois | |
Dáta breithe: | 6 Iúil, 1946 | |
Áit bhreithe: | New Haven, Connecticut | |
Bean an Uachtaráin: | Laura Welch Bush | |
Páirtí polaitíochta | Poblachtach |
Is é George Walker Bush (6 Iúil, 1946 a rugadh é) 43ú hUachtarán na Stát Aontaithe, agus is é an t-uachtarán reatha chomh maith. Tháinig sé i gcomharbacht ar Bill Clinton i 2001. Beidh an chéad tréimhse feidhmeannais caite aige i 2005. Toghadh don dara tréimhse, a thiocfaidh chun deiridh i 2009, é i mí Dheireadh Fómhair, 2004.
Ba é Bush 46ú Gobharnóir Texas ó 1995 go 2000, agus is ball saoil den Pháirtí Poblachtach é. B'uachtarán a athair roimhe, George H. W. Bush, agus is Gobharnóir deartháir leis, Jeb Bush, i bhFlorida.
[athraigh] Saol
Rugadh i New Haven, Connecticut i 1946 é. Is iad George H. W. Bush agus Barbara Bush a thuismitheoirí. D'fhás sé suas i Midland agus Houston, Texas lena dheartháireacha Jeb, Neil, agus Marvin agus a dheirfiúr Dorothy. Bhí deirfiúr eile aige, Robin, ach fuair sí bás agus í trí bliana d'aois.
D'fhreastail sé ar an ardscoil Phillips Academy, agus fuair sé a chuid oideachais tríú leibhéal in Ollscoil Yale.
Bhí Bush ciontaíodh le tiomáint ólta i Maine i 1976 [1]. Phós sé Laura Welch i 1977. Rugadh cúpla d'iníonacha, Barbara agus Jenna, i 1981 díobh. I 1986, agus é 40 bliain d'aois, d'fhág sé an Eaglais Easpagóideach agus chuaigh isteach san Eaglais Mheitidisteach, sainchreideamh a mhná.
Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá |
---|
Washington | J. Adams | Jefferson | Madison | Monroe | J.Q. Adams | Jackson | Van Buren | W.H. Harrison | Tyler | Polk | Taylor | Fillmore | Pierce | Buchanan | Lincoln | A. Johnson | Grant | Hayes | Garfield | Arthur | Cleveland | B. Harrison | Cleveland | McKinley | T. Roosevelt | Taft | Wilson | Harding | Coolidge | Hoover | F.D. Roosevelt | Truman | Eisenhower | Kennedy | L.B. Johnson | Nixon | Ford | Carter | Reagan | G.H.W. Bush | Clinton | G.W. Bush |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.