Mark David Chapman
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Mark David Chapman (rugadh 10 Bealtaine, 1955 i Fort Worth, Texas, SAM) an fear a mharaigh an ceoltóir cáiliúl John Lennon as an mbanna The Beatles i mí na Nollag 1980. D'admhaigh Chapman go raibh sé ciontach, agus tá sé anois i bpríosún Attica State, in aice le Buffalo, stát Nua-Eabhrac. Diúltaíodh parúl dó i 2000, 2002 agus 2004.
Ag 10:50 san oíche ar 8 Nollaig 1980, mharaigh Chapman Lennon le gunnán taobh amuigh de fhoirgneamh Dakota, i Manhattan, Nua Eabhrac. Bhí Lennon ag teacht abhaile ón stiúideo lena bhean chéile Yoko Ono ag an am. Bhí galair intinne éagsúla ar Chapman.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.