Molière
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceann de phríomhdhramadoirí na Fraince ab ea Molière (15 Eanáir, 1622 - 17 Feabhra, 1673). Rugadh é faoin ainm Jean-Baptiste Poquelin i bPáras i 1622.
Rinne sé staidéar ar an dlí in Orléans ach dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh. Bhuail sé le clann aisteoirí, na Béjart, agus bhunaigh siad L’Illustre Théâtre i 1644. Is faoin am seo a thóg sé an t-ainm pinn Molière. Theip ar an ngrúpa sé mhí déag ina dhiadh siad, de bharr fadhbanna airgid. D'fhág siad Páras i 1646 agus chuaigh siad go Bordeaux. Bhí Madame Béjart faoi choimirce an Diúc d’Épernon agus bhunaigh siad grúpa eile faoi stiúradh Charles Dufresne, ag taistil ar fud Languedoc. Thosaigh Molière ag scríobh thart faoin am seo, ag tosnú leis na coiméidí La Jalousie du barbouillé agus Le Médecin volant.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.