Rosa Parks
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rosa Parks (4 Feabhra 1913 - 24 Deireadh Fómhair 2005), bean fúala den chine ghorm sna Stáit Aontaithe ab ea í. Bhain sí clú agus cáil amach di féin san fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach don chine gorm. Rugadh in Alabama í agus tógadh í ar fheirm lena seantuismitheoirí, a máthair agus a deartháir.
Ag tús na gcaogaidí bhí sí ag obair leis an NAACP ar son cearta sibhialta don mhionlach i Montgomery, Alabama. Bhí oiliúint á fáil aici i gcúrsaí a bhí bainteach le cearta sibhialta.
Ar an chéad lá de mhí na Nollag 1955, dhiúltaigh Parks dul go cúl an bhus le háit a fhágaint ar shuíochán d’fhear den chine geal. Bhí Parks tuirseach traochta den mhíchothromaíocht agus sheas sí an fód. Gabhadh í agus fuarthas ciontach as mí-iompar í, in agaidh an dlí áitiúil. An oíche dár gcionn, chruinnigh caoga taoisigh den chine gorm le chéile chun an eachtra a phlé, agus labhair sagart anaithnid, den ainm Martin Luther King leo. Shocraigh siad baghcat a eagrú in aghaidh an chórais bus i Montgomery. Níor thaistil fiú duine amháin den chine gorm ar na busanna ar feadh 381 lá. Spreag an agóid seo an mionlach go mór agus thosaigh an troid in aghaidh an chiníochais sna Stáit Aontaithe i ndáiríre.
Chuir gaisce Parks ceist chearta sibhialta an chine ghoirm os comhair phobal na Stát Aontaithe. Réitíodh cás Rosa Parks san chúirt uachtarach i 1956 agus rialaíodh go raibh an dlí a dúradh a bhris sí in aghaidh an bhunreachta.
Duine iomráiteach san fheachtas le haghaidh cearta sibhialta ab ea í. Bhí cónaí uirthi i Detroit go dti a bás ar an 24 Deireadh Fómhair, 2005.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.