Martin Luther King
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gníomhaí polaitiúil as Atlanta, Georgia, Stáit Aontaithe Mheiriceá ab ea Martin Luther King, Jr. (15 Eanáir, 1929 – 4 Aibreán, 1968). Ba cheannaire an-tábhachtach é King i rith Ghluaiseacht Chearta Sibhialta Mheiriceá sna 1950í agus sna 1960í. Bhuaigh King Duais Nobel, ach feallmharaíodh é ag James Earl Ray i 1968. Tar éis a bháis, bhronn An tUachtarán Jimmy Carter Bonn Uachtaránach na Saoirse air i 1977. Tá Lá Martin Luther King acu i SAM freisin.
[athraigh] Muintir agus Cúlra
Rugadh King in Atlanta, Georgia don tOirmhinneach Martin Luther King Sinsearach agus Alberta Williams King. Bhain sé céim amach i Socheolaíocht mar Baitsiléir Ealaíne ag Coláiste Moorehouse i 1948. Ag Moorehouse mhúin an tUachtaráin Benjamin Mays, ceannaire de cearta sibhialta, do King. Níos déanaí, bhain sé céim amach i Cliarscoil Diagachta Crozer le Baitsiléir Diaga i 1951. I 1955 fuair sé a chéim Ph.D. i Diagacht Chórasach ó Ollscoil Bhoston.
Phós King Coretta Scott ar 18 Meitheamh, 1953. Rinne athair King an searmanas na bainise i dteach tuismitheoirí Scott i Marion, Alabama.
Bhí ceathrar clainne ag King agus Scott:
- Yolanda Denise (17 Samhain, 1955, Montgomery, Alabama)
- Martin Luther III (23 Deireadh Fómhair, 1957, Montgomery, Alabama)
- Dexter Scott (30 Eanáir, 1961, Atlanta, Georgia)
- Bernice Albertine (28 Márta, 1963, Atlanta, Georgia)
Lean lán na ceathrar acu i gcoiscéimeanna a n-athair mar cheannairí de cearta sibhialta. Tá tuaraimí difriúla acu, áfach, ar ceist éagsúla.
Cailleadh bean King, Coretta Scott ar 30 Eanáir, 2006.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.