Seicis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í an tSeicis an teanga Shlavach a labhraítear sa tSeic agus i measc lucht imirce ón tSeic sna tíortha eile, go háirithe san Oileán Úr agus san Ostair. Ar fud an domhain, tá sí ag dhá mhilliún déag de dhaoine ó dhúchas. Is í an tSlóvaicis an teanga is gaolmhaire léi, agus an dá theanga sách intuigthe ag cainteoirí na teanga eile acu. Mar sin féin, tá caighdeán scríofa agus litríocht dá gcuid féin ag na Slóvacaigh, agus difríochtaí suntasacha ag baint leis an gcóras díochlaonta.
Tá caighdeán scríofa na Seicise bunaithe ar theanga Chlasaiceach an Bhíobla, is é sin, Bible Kralická nó Bíobla Kralice, a bhaineann leis an séú haois déag. Bhí teanga an aistriúcháin seo sórt seanfhaisiúnta lena lá féin, gan aon trácht ar an lá inniu, agus mar sin, tá Seicis labhartha ár linne an-difriúil leis an teanga a scríobhtar. Is féidir a rá, fiú, go bhfuil sórt débhéascna ag baint leis an tSeicis.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
![]() |
athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh |
---|---|
Béarla | Danmhairgis | Eastóinis | Fionlainnis | Fraincis | Gaeilge | Gearmáinis | Gréigis | Iodáilis | Laitvis | Liotuáinis Máltais | Ollainnis | Polainnis | Portaingéilis | Seicis | Slóivéinis | Slóvaicis | Spáinnis | Sualainnis | Ungáiris |
|
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE |