Úcráinis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úcráinis (українська мова ukrayins'ka mova) | |
---|---|
Á labhairt: | An Úcráin, an Rúis, an Rómáin, an Chasacstáin, an Bhrasaíl, Ceanada agus tíortha eile. |
Réigiún: | Oirthear na hEorpa |
Cainteoirí san Iomlán: | 39.4 milliún mar phríomhtheanga |
Rang: | 26 |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Balta-Shlavais Slavais Slavais Oirthearach Úcráinis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | An Úcráin, Transnistria |
Rialaithe ag: | Національна академія наук України Natsional’na akademiya nauk Ukrayiny (Acadamh Náisiúnta Léinn agus Eolaíochta na hÚcráine) |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | uk |
ISO 639-2 | ukr |
ISO/DIS 639-3 | ukr |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Teanga Shlavach Oirthearach is ea í an Úcráinis a labhraítear go coitianta san Úcráin agus mar theanga mhionlaigh sna tíortha atá ag críochantaíocht leis an Úcráin. Tá pobail mhóra Úcránacha i dtíortha an Bhéarla chomh maith, go háirithe i gCeanada. Glactar leis go bhfuil Úcráinis ag timpeall is 40 milliún duine. Úsáidtear an aibítir Choireallach leis an Úcráinis a scríobh, ach tá litreacha áirithe in úsáid san Úcráinis nach bhfuil le fáil in aibítir na Rúisise - є, і, ї, ґ.
Tá trí phríomhchanúint ann, mar atá, an ceann tuaisceartach, atá níos cosúla leis an mBealarúisis, an ceann iardheisceartach, agus é tar éis cuid mhór focail iasachta a fháil ón bPolainnis, agus an ceann oirdheisceartach, atá níos cosúla leis an Rúisis ná an bheirt eile acu. Is í canúint an oirthir a bhí mar dhúshraith leis an gcaighdeán oifigiúil i laethanta an Aontais Shóivéadaigh, ach tá traidisiún liteartha dá cuid féin ag an gcanúint iartharach, ós rud é go raibh iardheisceart an limistéir ina labhraítear an teanga dealaithe ón Úcráin Shóivéadach sna blianta idirchogaidh, agus é curtha leis an bPolainn. Inniu, is é iarthar na hÚcráine an chuid den tír is láidire ó thaobh na teanga dúchasaí de, agus creidtear go mbeidh an caighdeán liteartha ag éirí níos cosúla leis an gcanúint iartharach de réir mar atá an teanga ag teacht chuici féin i ndiaidh bhlianta an tSóivéadachais.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.