Criostóir Colambas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba loingseoir agus taiscéalaí Iodálach é Criostóir Colambas nó Cristoforo Colombo as Iodáilis (Genova [?] 25 Lúnasa nó 31 Deireadh Fómhair 1451 - Valladolid, An Spáinn, 20 Bealtaine 1506). Nílimid cinnte faoina áit bhreithe nó an dáta. Tá clú bainte amach aige mar gheall ar a thuras trasna an Aigéin Atlantaigh sna longa la Niña, la Pinta agus la Santa Maria i 1492, ar thóir bealach nua go dtí an t-Oirthear.Rugadh é sa bhlian 1451 i Genoa san Iodáil. Ar 5, 1492, tháinig Críostóir Columbus go Meiriceá i seirbhís Rí na Spáinne. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil, mar shampla Naomh Breandán, agus Lochlannaigh, ann roimhe ón Eoraip. Ar oileán Easpáinneoil (atá arna roinnt anois idir Háítí agus an Phoblacht Dhoiminiceach) a tháinig sé i dtír ar a chéad turas.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.