Sanscrait
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sanscrait (संस्कृतम् saṃskṛtam) | |
---|---|
Á labhairt: | An India, Neipeal |
Réigiún: | An Áise Theas |
Cainteoirí san Iomlán: | 49,736 |
Rang: | ~ |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Ind-Iaráinis Ind-Airiainis Sanscrait |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na hIndia |
Rialaithe ag: | Rialtóir ar bith |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | sa |
ISO 639-2 | san |
ISO/DIS 639-3 | san |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an tSanscrait (संस्कृत) teanga léannta na hIndia. Ceann de na teangacha Ind-Eorpacha í. Tá sí ar an gceann is sine de na teangacha Ind-Eorpacha is eol dúinn, agus nuair a fuair na teangeolaithe Iartharacha amach faoin ngaol a bhí aici leis an Laidin agus leis an tSean-Ghréigis, ba mhór an spreagadh é d'fhorbairt na teangeolaíochta stairiúla.
Baineann lucht leanúna an Hiondúchais, an Bhudachais, an tSaíceachais agus an Jaineachais úsáid na teanga naofa aisti, agus tá sí ina teanga Chlasaiceach ag muintir na hIndia cosúil leis an Laidin san Eoraip. Tá sí go líofa ag ceithre mhilliún duine ar a laghad, agus iarrachtaí athbheochana ar obair i Mattur i stát Karnataka: is féidir, ansin, teacht ar pháistí a d'fhoghlaim Sanscrait óna dtuismitheoirí agus í ó dhúchas acu anois. Tugann bunreacht na hIndia aitheantas don tSanscrait mar cheann de na teangacha oifigiúla.
B'é Panini, thiar sa chúigiú haois RC, a chum an chéad ghramadach don tSanscrait Chlasaiceach. Tá litríocht mhór ann sa tSanscrait réamh-Chlasaiceach, go háirithe na Véidí, agus is gnách tagairt don chineál sin Sanscraite mar Shanscrait Véideach. Níl mórán difríochta ann idir an tSanscrait Véideach agus an tSanscrait Chlasaiceach, ach nuair a thosaigh litríocht na Sanscraite Clasaicí ag forbairt, bhí an teanga féin ag dul as úsáid mar chaint bheo, agus í ag éirí ina caighdeán righin liteartha. Na canúintí a tháinig ina háit i mbéal na ndaoine, is é an t-ainm a thugtar orthu ná Praicrit. Is as na Praicrití a d'fhorbair an Hiondúis, an Urdais, an Phuinseáibis agus a lán teangacha eile a labhraítear san India inniu.
[athraigh] Naisc sheachtracha
- http://www.unics.uni-hannover.de/nhtcapri/sanskrit-alphabet.html Aibítir Sanscraite
- http://encyclopediaofauthentichinduism.org/articles/30_the_six_unmatched.htm Leathanach a chaitheann súil ar an tSanscrait de réir thuiscint reiligiúnda an Hiondúchais
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.