Ór
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é is ór ann ná an naoú dúil cheimiceach déag is trí scór i dtábla peiriadach na ndúl. Miotal bog buí trom somhúnlaithe atá ann, agus meas mór ag na daoine air toisc é a bheith chomh gann. Is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Au. Miotal lómhar atá ann, agus é le fáil ina dhúil sa dúlra féin, ina chnapáin bheaga taobh istigh de chlocha. Seoltóir maith leictreachais atá ann. Sa seodra, sna boinn airgid agus san eacnamaíocht is mó a úsáidtear é, ach thairis sin, baintear leas as san fhiaclóireacht agus sa leictreonaic.
Mar is dual do na miotail lómhara, is dúil sách triath é an t-ór. Is é sin, níl sé araiciseach chun imoibriú a dhéanamh le ceimiceáin. Mar sin féin, is féidir é a thuaslagan in imoibreáin áirithe, go háirithe san aqua regia - an t-"uisce ríoga", ós rud é go dtuaslagann sé "rí na miotal", an t-ór. Is é is aqua regia ann ná meascán as aigéad hiodraclórach agus aigéad nítreach. Thairis sin, is féidir leis an gclóirín, leis an bhfluairín agus le tuaslagáin chiainídeacha ór a chreimeadh.
Ocsaídíonn an t-aqua regia an t-ór go hian teitreaclóróráite, is é sin, AuCl4-, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an ór san ian seo ná +3. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta aige, agus tugtar óra-chomhdhúile ar na comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin seo ag an ór. Thairis sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +1 ag an ór i gcuid mhaith comhdhúl, is é sin, na h-óró-chomhdhúile. Is féidir don ór uimhir ocsaídiúcháin níos airde fós a shroicheadh faoi thionchar ocsaídeoirí láidire, go háirithe gás fluairín.
[athraigh] Tréithe fisiceacha
- Uimhir adamhach: 79
- Sraith cheimiceach: Na miotail thrasdultacha
- Grúpa, peiriad, bloc: 11, 6, d
- Cosúlacht: miotal buí
- Mais adamhach: 196.966569(4) g/mol
- Cumraíocht leictreonach: [Xe] 4f14 5d10 6s1
- Leictreoin de réir an scealla: 2, 8, 18, 32, 18, 1
- Pas: soladach
- Dlús le teocht an tseomra: 19.3 g·cm−3
- Leáphointe: 1337.33 K, 1064.18 °C
- Fiuchphointe: 3129 K, 2856 °C
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.