ADN
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Saghas aigéid núicléasaigh is ea aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) a choinníonn na treoracha géiniteacha a shainíonn an fhorbairt bhitheolaíoch den saol i riocht cealla (chomh maith le mórán víreas freisin). Tagraítear go minic don ADN mar mhóilín na h-oidhreachta, mar bhíonn sé freagrach as iomadú den chuid is mó de na tréitheanna ó oidhreacht. I rith atáirgthe, macasamhlaítear an ADN agus tarchuirtear é don sliocht.
Ní móilín amháin atá ann i bpíosa ADN. Is péirí móliíní iad, atá casta le chéile i bhfoirm héilics dúbalta, cosúil leis an samhail ar dheis. Tá ceithre núicléitíd le fáil i ADN:
- Adainín (A)
- Guainín (G)
- Cíotóisín (C)
- Tímín (T)
Is cuid de fhine na bpúiríní iad adainín (A) agus guainín (G). Is cuid de fhine na bpirimidíní iad tímín (T) et la cíotóisín (C).