Castilla-La Mancha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is Comhphobal Féinrialaithe é Castile-La Mancha (Spáinnis Castilla-La Mancha) sa Spáinn. Tá teorainn aige le Castilla y León, Comhphobal Maidrid, Aragón, Comhphobal Valencia, Murcia, Andalucía, agus Extremadura. Tá dlús daonra an-bheag aige.
Is é Toledo an príomhchathair. Do bhí Castile-La Mancha mar chomphobal le Maidrid darbh ainm Castilla Nua ("Castilla la Nueva"), ach le córas nua-aimseartha, féinrialaithe, scoilt siad é de bhár na difríochtaí eacnaimíochta idir an príomhchathair agus na chúigí eile.
Tá clú agus cáil ar an áit, de bhár eachtraí an leabhar cáiliúl Don Quixote le Cervantes a tharlaíonn anseo. Cé go bhfuil La Mancha áit gaofar, le ardchlár seanchaite, (cíallaíonn manxa, cré spalta in Araibis; áit a tháinig an ainm La Mancha, níl siad cinnte faoi an ghaol idir an focal mancha, nó smál, a thagann ón Laidin macula, agus La Mancha) is siombail é de cultúr na Spáinne, lena luis na Gréine, muileann gaoithe, Cáis Manchego agus, ar ndóigh, El Quijote.
Tá Stair La Mancha's callánach. Comh fada siar agus ceannas na muslamaigh sa Spáinn, bhí La Mancha mar áit cogaidh idir forsaí na Críostaí agus Muslamaigh. Freisin bhí an áit seo pairteach i gcoimhlintí, nuair a d'aontaigh Castilla, le Aragón sna 14ú agus 15ú aoiseanna, (1492) faoi Rí Ferdinand agus Banríon Éilis.
Tá Castile-La Mancha roinnte i cúig cúigí ainmneatha tar eis na príomhchathracha:
- Albacete
- Ciudad Real
- Cuenca
- Guadalajara
- Toledo
Cathracha eile a bhfuil tabhachtach (sé sin, le níos mó ná 25 000 daoine) ná:
- Talavera de la Reina, Toledo
- Puertollano, Ciudad Real
- Tomelloso, Ciudad Real
- Hellín, Albacete
- Alcázar de San Juan, Ciudad Real
- Valdepeñas, Ciudad Real
Comhphobail féinrialaitheacha na Spáinne |
||
Andalucía | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bailéaracha | An Tír Bhascach Theas | Navarra | Na hOileáin Chanáracha | Cantabria | An Chatalóin | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Extremadura | Galicia | La Rioja | Comhphobal Maidrid | Murcia | Comhphobal Valencia |