Extremadura
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
![An tEarrach in Extremadura na Spáinne](../../../upload/b/ba/Extremadura.jpg)
Réigiún féinrialtach de chuid na Spáinne. Tá sé roinnte idir cúigí Badajoz agus Caceres. Is í Mérida an phríomhchathair. Daonra timpeall milliún duine atá ann. Tá sé ar theorainn na Portaingéile thiar, agus Andalucia ó dheas.
Ba as Extremadura a tháinig na conquistadores ba cháiliúla ón Spáinn. Rugadh Hernán Cortés, Francisco Pizarro, Pedro de Alvarado agus ceannairí cáiliúla eile ann agus tá go leor cathracha i Meiriceá Thuaidh agus Theas ainmnithe i ndiaidh a mbailte dúchais. Chuaigh an-chuid daoine as an áit ar imirce agus is dá bharr sin atá an daonra chomh híseal anois. Conaíonn na daoine i mbailte agus i gcathracha agus is annamh a fheictear tithe aonair feirme faoin tuath.
Ciallaíonn an t-ainm Extremadura 'an taobh thall den Duoro', agus tugadh é ar na tailte a bhí ar theorainn na gcríocha Críostaí nuair a bhí an Spáinn roinnte idir iad agus na Múraigh.
Tá Zafra, sa deisceart, ar cheann de na cathracha is áille sa Spáinn, agus tá raidhse caisleán agus eaglaisí ar fud na mbailte.
Is é Extremadura an réigiún is boichte sa Spáinn, ach le blianta beaga anuas tá an-chuid tógála ar bun agus mótarbhealaigh á ndéanamh idir cathracha móra na tíre.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.