An Tír Bhascach Theas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is comhphobal féinrialaitheach í an Tír Bhascach (nó Euzkadi as Bascais) atá suite i deisceart na Thír Bhascach (in oirthuaisceart stáit na Spáinne). Is í Gasteiz-Vitoria (is í Gasteiz an t-ainm as Bascais, agus Vitoria as Spáinnis) an príomhchathair.
Is iad seo na cúigí sa réigiún;
- Araba (as Spáinnis Álava), príomhchathair Vitoria-Gasteiz (as Spáinnis Vitoria-Gasteiz)
- Bizkaia (as Spáinnis Vizcaya), príomhchathair Bilbao (as Spáinnis Bilbao)
- Gipuzkoa (Spáinnis Guipúzcoa), príomhchathair Donostia (as Spáinnis San Sebastián)
Tá stair iontach suimiúil ag an gceantar seo, tá an cúltúr iontach difriúil ón Spáinn é féin. Tá teanga na Bascaise go hiomlán difriúil ní hámhain ó Spáinnis, ach na teangacha Eorpacha go forleathan. Creideann a lán de mhuintir na háite go mba cheart gur tír neamhspleách é. Tugann ETA tacaíocht míleata don aidhm seo. Faoi láithir tá rialtas na Spáinne ag déanamh idirbheartaíocht leo rud nár tharla riamh roimhe. Fuair siad a lán neamhspleáchais tar éis na dtoghchán i 1935, agus throid chuid mhaith dóibh i gcoinne arm Francisco Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne.
Is tír aláinn glas é. Léiriú den áilleacht seo is ea iad na sléibhte arda idir An Fhrainc agus an tír Bhascach, a thrasnaíonn slí oilithreachta an camino de Santiago go rialta. Tá daonra de 2,124,846 daoine, agus is ceann des na réigiúin is saibhre sa Spáinn é.
Comhphobail féinrialaitheacha na Spáinne |
||
Andalucía | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bailéaracha | An Tír Bhascach Theas | Navarra | Na hOileáin Chanáracha | Cantabria | An Chatalóin | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Extremadura | Galicia | La Rioja | Comhphobal Maidrid | Murcia | Comhphobal Valencia |