Cuarc
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar cuarcanna ar na codanna a bhfuil na hadróin - grúpa de cháithníní a chuimsíonn na núicléóin, is é sin, an prótón is an neodrón - déanta astu. (Is gá a phointeáil amach nach bhfuil na leaptóin, ar nós an leictreoin, déanta as cuarcanna!) An focal cuarc féin, tháinig sé as an úrscéal úd Finnegan's Wake le James Joyce.
Is iad na cuarcanna atá de dhíth leis an neodrón is an prótón a dhéanamh ná an t-uaschuarc is an t-íoschuarc. Thairis sin, tá an barrchuarc (nach ionann é agus an t-uaschuarc), an bunchuarc (nach ionann é agus an t-íoschuarc), an briochtchuarc is an cuarc aduain ann. Deirtear go bhfuil blas ar leith ag gach cineál cuarc. Níl ann ach iarracht le tréithre na gcuarcanna a dhéanamh intuigthe, nó déanta na fírinne, is beag lorg díreach a fhágann na cuarcanna is a saintréithre ar an saol laethúil. Tá na hadaimh agus a gcuid comhábhar, mar atá, na prótóin, na neodróin agus na leictreoin, i bhfad níos cóngaraí dár réaltacht féin.
Is í an airí is tábhachtaí atá ag na cuarcanna ná an braighdeanas ina bhfanann siad taobh istigh de na hadróin, agus an t-idirghníomhú láidir á gcoinneáil le chéile. Mar sin, ní féidir sonrú a chur iontu ach go hindíreach. Sin fíric atá bunaithe ar na breathnuithe praicticiúla, níos mó ná ar aon teoiric. Déanta na fírinne, níl braighdeanas na gcuarcanna mínithe go sásúil go fóill. Creidtear gur toradh é do chrómaidinimic an chandaim, an teoiric is nua-aimseartha atá ann leis an idirghníomhú láidir a mhíniú. Ní féidir, áfach, an braighdeanas a chur in iúl go matamaiticiúil mar thátal a bhainfeá as an gcrómaidinimic. Caithfear dul i dtuilleamaí na teoirice ar a dtugtar teoiric tomhais na laitísí leis an mbraighdeanas a mhíniú ar bhealach na matamaitice.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.