Isaac Newton
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fisiceoir Shasanach ba ea an Ridire Isaac Newton (4 Eanáir, 1643 - 31 Márta, 1727). D'fhoilsigh sé a mhórshaothar Philosophiae Naturalis Principia Mathematica i 1687. Chuir na dlíthe a nocht sé sa saothar seo bonn faoi dhul chun cinn na fisice is na meicnice go dtí an lá atá anois ann. Mhínigh a chuid dlíthe, ar nós dlíthe na gluaiseachta is dlí na himtharraingthe, fithis na reann timpeall na gréine agus fithis na gealaí timpeall an domhain.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.