New Immissions/Updates:
boundless - educate - edutalab - empatico - es-ebooks - es16 - fr16 - fsfiles - hesperian - solidaria - wikipediaforschools
- wikipediaforschoolses - wikipediaforschoolsfr - wikipediaforschoolspt - worldmap -

See also: Liber Liber - Libro Parlato - Liber Musica  - Manuzio -  Liber Liber ISO Files - Alphabetical Order - Multivolume ZIP Complete Archive - PDF Files - OGG Music Files -

PROJECT GUTENBERG HTML: Volume I - Volume II - Volume III - Volume IV - Volume V - Volume VI - Volume VII - Volume VIII - Volume IX

Ascolta ""Volevo solo fare un audiolibro"" su Spreaker.
CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Bunúsaíocht - Vicipéid

Bunúsaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is bunúsaíocht ann ná ciallú righin coimeádach na scrioptúr reiligiúnda. (Tá an téarma bunaithe ar fundamentalism an Bhéarla; leaganacha eile Gaeilge a chonacthas sna meáin chumarsáide is ea iad fuaimintiúlachas agus bunchreidmheachas.) Is é an chiall is minicí a bhaintear as an bhfocal "bunúsaíoch" sa ghnáthchaint ná go seasann sé do ghluaiseachtaí frith-nua-aoiseacha agus iad ábalta, fiú, dul i muinín na sceimhlitheoireachta lena dtoil a chur i bhfeidhm ar na daoine go léir.

Clár ábhair

[athraigh] Stair na Bunúsaíochta Críostaí sna Stáit Aontaithe

[athraigh] Bunús na Bunúsaíochta

Sa bhunchiall, is ionann bunúsaíocht agus gluaiseacht a tháinig ar an bhfód i measc Phrotastúnaigh na Stát Aontaithe, i measc na bPreispitéireach ach go háirithe, go gairid roimh an Chéad Chogadh Domhanda. B'iad diagairí agus acadúlaigh na Scoile Diagachta i bPrinceton an dream ba mhó a chuir tús leis an ngluaiseacht seo. Bhí an ghluaiseacht dírithe ar an gCríostaíocht Phrotastúnach a chosaint ar an nua-aoiseachas agus ar na naimhde eile, cosúil leis an gCaitliceachas, an Sóisialachas, an t-aindiachas, an Darwineachas, cineálacha éagsúla na hasarlaíochta agus, thar aon rud eile, an diagacht liobrálach. Fuair an ghluaiseacht a hainm ón tsraith de leabhair a foilsíodh sna blianta 1910-1915, agus iad ag trácht ar na naimhde thuasluaite agus ar an dearcadh a bheadh ag an bProtastúnach ceartchreidmheach orthu: The Fundamentals - d'fhéadfá "Na Fírinní Bunúsacha" a thabhairt ar an tsraith sin as Gaeilge. Cé gur fhorbair an bhunúsaíocht i measc na bPreispitéireach, bhí baint ag údair na leabhar seo lena lán eaglaisí Protastúnacha éagsúla, agus b'as Sasana do chuid acu, seachas as Meiriceá. Chuir lucht na n-eaglaisí eile, na Baistigh mar shampla, suim sna scríbhinní seo, agus tháinig dreamanna neamhspleácha bunúsaíocha chun saoil nach raibh baint ar bith acu leis na heaglaisí traidisiúnta.

[athraigh] An Téarma Féin

Creidtear gurb é Curtis Lee Laws, agus é ag scríobh ar an bpáipéar úd Christian Watchman-Examiner, ba túisce a bhain úsáid as an téarma bunúsaí (Fundamentalist), thiar sa bhliain 1920. Chualathas an téarma anseo agus ansiúd i dtús na bhfichidí, agus tagairt á déanamh dóibh siúd a bhí ag cosaint an leagan traidisiúnta den Chríostaíocht Phrotastúnach, mar mhalairt ar an "Liobrálachas". Thug an Baisteach John Roach Straton The Fundamentalist ar an bpáipéar a bhí sé a fhoilsiú sna fichidí. Ní raibh gach duine sásta leis an téarma, áfach. Cé go raibh dearcadh bunúsaíoch ag an scoláire Preispitéireach úd Gresham Macken, ba leasc leis "bunúsaí" a thabhairt air féin, mar a bheadh reiligiún nua i gceist, seachas an seanchreideamh a bhí ann ó laethanta Íosa féin anuas, mar a tuigeadh dó féin é.

[athraigh] Cogadh na Liobrálach agus na mBunúsaithe

I rith na bhfichidí, bhí cineál cogaidh á chur ag na Liobrálaigh agus ag na Bunúsaithe ar a chéile sna heaglaisí móra i dtuaisceart na Stát Aontaithe. Is é an tuiscint a bhí ag na Bunúsaithe ar an gcath ná go raibh siad ag troid reiligiún neamh-Chríostaí a bhí tar éis a sheadú a dhéanamh taobh istigh de na heaglaisí féin, leis an bhfíor-Chríostaíocht a chosaint ar an gcreideamh coimhthíoch seo. Ina leabhar Christianity and Liberalism ("An Chríostaíocht agus an Liobrálachas"), thug Macken "liobrálachas" ar an gcreideamh sin, ach ina dhiaidh sin, d'éirigh sé ní ba choitianta "nua-aoiseachas" a thabhairt air.

Cé gurbh é dearcadh na nua-aoiseach, cosúil leis an mBaisteach Liobrálach Harry Emerson Fosdick, go raibh siad féin ina gCríostaithe chomh maith le duine, níor aontaigh na bunúsaithe leo. Bhí na bunúsaithe géarbharúlach go raibh na liobrálaigh ag cur na fíor-Chríostaíochta ó mhaith, agus an dóigh a raibh siad ag lorg tuiscint agus ciallú nua do choincheap na Críostaíochta, lena chur in oiriúint do smaointeachas agus d'eolaíocht na nua-aoise. B'é an tuairim a bhí ag na bunúsaithe gurb ar an nua-aois féin, seachas ar an gCríostaíocht thraidisiúnta, a bhí an locht, mura raibh an dá chuid ag teacht le chéile.

B'iad na Preispitéirigh agus na Baistigh na sainchreidimh ba mhó a bhí ina gcnámh spairne sna cogaí eaglasta idir na Liobrálaigh agus na Bunúsaithe, ach b'iad Baistigh an Deiscirt ba mhó a thuill clú na bunúsaíochta dóibh féin sna Stáit Aontaithe.

[athraigh] Scarúint na mBunúsaithe agur Ré an Nua-Cheartchreidmheachais

Timpeall na bliana 1926, bhí sé soiléir nach raibh na bunúsaithe in ann ruaigeadh a chur ar na nua-aoisigh as aon sainchreideamh. Sna tríochaidí, d'athraigh an téarma féin ciall. Tosaíodh ag tabhairt "bunúsaithe" ar na scarúnaithe - is é sin, iad siúd a bhí ag bunú eaglaisí agus sainchreidimh nua le teacht slán ó na liobrálaigh ina gcuid teampall féin.

Thairis sin, níorbh iad na bunúsaithe an t-aon dream amháin, san am seo, a bhí ag criticeoireacht na diagachta liobrálaí. Tháinig an nua-cheartchreidmheachas ar an bhfód, a bhí idir eatarthu idir an liobrálachas agus an bhunúsaíocht. B'é an diagaire Eilvéiseach Karl Barth an smaointeoir ba tábhachtaí de chuid an tsrutha seo. B'é a dhearcadh siúd go raibh na bunúsaithe sa mhícheart agus an dóigh a raibh siad ag áitiú go raibh an Scrioptúr fíor cruinn gan oiread is aon earráid amháin. San am céanna, áfach, bhí Barth den tuairim go raibh na liobrálaigh sa mhícheart agus iad ag tréigean an Bhíobla i bhfách leis an gcultúr daonna. Thaispeáin an Chéad Chogadh Domhanda, dar le Barth, nár leor an cultúr léannta leis an duine a choinneáil ar bhealach ceart na moráltachta, ó bhí daoine léannta cultúrtha ábalta ar a leithéid de chogadh a chur le chéile. Mar sin, b'fhearr filleadh ar an mBíobla mar fhoinse na moráltachta. Fuair smaointeachas nua-cheartchreidmheach Barth an-tacaíocht san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe, áit a raibh sé á chraobhscaoileadh ag beirt diagairí mór le rá de phór Gearmánach, Reinhold Niebuhr agus Helmut Richard Niebuhr.

[athraigh] Scoilt na Soiscéalach ó na Bunúsaithe

Sna 1940idí, bhí na bunúsaithe scarúnacha in achrann a chéile faoi cheist an scarúnachais féin. Bhí cuid acu den bharúil nach raibh sé chomh ciallmhar sin acu, i ndiaidh an iomláin, a gcuid eaglaisí féin a bhunú in áit a bheith ag obair laistigh de na sainchreidimh mhóra. Iad siúd a chloígh lena gcuid eaglaisí scarúnacha féin, choinnigh siad seanainm na mbunúsaithe freisin. An chuid eile acu, áfach, thréig siad an t-ainm sin, agus thosaigh siad ag tabhairt "soiscéalachas" (evangelicalism) ar an rud a bhí idir lámhaibh acu féin. Chuaigh siad ar lorg comhoibriú leis na heaglaisí móra traidisiúnta, agus iad ag déanamh teanntáis do na baill cheartchreidmheacha de na sainchreidimh sin. B'iad Carl F.H. Henry agus Kenneth Kantzer fir mhóra na gluaiseachta soiscéalaí, agus baint ag Billy Graham, ní ba deireanaí, leis na soiscéalaigh. Cé go raibh dlúthbhaint ag na bunúsaithe scarúnacha agus ag na soiscéalaigh le chéile i gcónaí ó thaobh na heagraíochta agus na diagachta de, chuaigh an scoilt eatarthu go domhain. Bhí na scarúnaithe barúlach go raibh na soiscéalaigh ag tabhairt isteach don Chumannachas agus don Liobrálachas, nach raibh siad ag cáineadh peacaí pearsanta, cosúil leis na peacaí collaí, sách géar, agus go raibh siad róshantach sa measúlacht shóisialta agus intleachtúil le cath maith a chur ar son Íosa. San am céanna, bhí na soiscéalaigh inbharúla go raibh na scarúnaithe ag cur eagla agus coimhthíos ar na daoine leis an stiúir naimhdeach a bhí fúthu i leith na sochaí go léir taobh amuigh dá gcuid eaglaisí.

[athraigh] Ag Filleadh ar an Saol Saolta

Bhí na bunúsaithe scarúnacha ar nós cuma liom i leith na polaitíochta ar dtús. Cé a rachadh le polaitíocht agus an domhan mór ag imeacht chun an donais cibé? B'fhearr fanacht siar agus cloí leis an seanchreideamh. Sna seachtóidí, áfach, thosaigh na scarúnaithe féin ag cur spéise i gcúrsaí polaitíochta arís. Bhí siad thar a bheith míshásta leis an gcuma a tháinig ar an tsochaí i ndiaidh na seascaidí, nuair a scaoileadh iomlán an scóid leis an gcollaíocht, mar shampla. Chuaigh siad i gcomhghuaillíocht le Críostaithe coimeádacha eile, agus iad ag iarraidh a smacht féin a chur i bhfeidhm ar na heaglaisí traidisiúnta. Sa deireadh thiar thall, d'éirigh an teorainn idir na bunúsaithe i mbunchiall stairiúil an téarma agus na Críostaithe coimeádacha eile sách doiléir.

[athraigh] An Bhunúsaíocht mar Fheiniméan

Is minic a bhaintear úsáid an ghnáthmhasla as an bhfocal sin "bunúsaíocht" i mbriatharchathanna sna meáin chumarsáide agus sa díoscúrsa polaitiúil, go háirithe le tagairt a dhéanamh do gach sórt antoisceachais, cosúil le grúpaí nach bhfuil ach ag cur cuma an reiligiúin ar an náisiúnachas biogóideach Faisisteach atá idir lámhaibh acu. Mar sin féin, is féidir sainmhíniú níos cruinne ná sin a thabhairt ar an mbunúsaíocht. Gluaiseacht bhunúsaíoch atá i gceist, más gluaiseacht atá ann atá ag iarraidh filleadh ar fhoinsí an chreidimh, ar na prionsabail a bhfuil an creideamh féin bunaithe orthu. Thar aon rud eile, tagraíonn sé do shainghrúpaí reiligiúnda a choinníonn iad féin scartha ón ngrúpa ar tháinig siad as, toisc go bhfuil siad den tuairim go ndearna an bunghrúpa neamhshuim agus dearmad de na prionsabail bhunaidh, ar mhaithe le prionsabail nua, choimhthíocha, nach bhfuil ag teacht le dúchas an chreidimh chirt.

Creideann na bunúsaithe, mar sin, go gcaithfidh siad féiniúlacht ar leith a mhúnlú dóibh féin a bheadh bunaithe ar an gcreideamh. Ní hionann sin is a rá, áfach, go ndearcfaidís orthu féin mar scarúnaithe. Is dóchúla dóibh a cheapadh gurb é an pobal mór a thréig an reiligiún agus na fírinní bunaidh, agus gurb iad siúd na "scarúnaithe" - ní ag lorg scarúna ón mbunphobal atá siad féin, ach is é an bunphobal a fuair scarúint agus dealú ón bhfíor-reiligiún. Mar sin, tá tuiscint na mbunúsaithe ar an saol bunaithe ar an scrioptúr naofa céanna agus tuiscint an bhunphobail, ach thairis sin, cuireann na bunúsaithe caol orthu féin rialacha a leagan amach a chuirfeadh ar a gcumas an saol nua-aimseartha a chaitheamh de réir phrionsabail an scrioptúir gan truailliú ón tsaoltacht.

Níl coimhlint na mbunúsaithe agus na nua-aoiseach teoranta don Chríostaíocht amháin. Le fírinne, is féidir coimhlintí den chineál chéanna a aithint laistigh de go leor pobal reiligiúnda eile. Sna reiligiúin eile, is é an rud atá i gceist leis an mbunúsaíocht ná gluaiseacht atá ag iarraidh an seansaol agus an fhéiniúlacht reiligiúnda a chosaint ar an gcultúr idirnáisiúnta Iartharach. Beag beann ar an reiligiún áirithe a mbaineann siad leis, creideann na bunúsaithe go bhfuil a gcath ardtábhachtach, agus cor á chur i gcinniúint na hollchruinne féin acu. Ní hamháin go bhfuil foirceadal reiligiúnda ar leith á chosaint acu, thairis sin tá siad ag féachaint lena mbealach traidisiúnta maireachtála agus le slánú an anama mar choincheap a chosaint ar an tsaoltacht agus ar an díreiligiúnú nua-aimseartha. Is é an rud a thairgeann na gluaiseachtaí bunúsaíocha do lucht a leanúna ná saol rialta i bpobal dlúth a gcuireann an creideamh a dhiansrianta féin le gach gné de. Iad siúd a fhaigheann a leithéid de shaol tarraingteach, bíonn siad den tuairim nach bhfuil fíor-bheogacht ná féiniúlacht ar leith fágtha sa saol reiligiúnda seanbhunaithe, "oifigiúil".

An sciath chosanta a thógann na bunúsaithe timpeall orthu féin, ní hamháin go bhfuil sí ceaptha leis na reiligiúin choimhthíocha a choinneáil amuigh. Tá sé chomh tábhachtach céanna, ar a laghad, an leagan "truaillithe", comhaimseartha dá gcreideamh féin a chosc. I saol na Críostaíochta, is minic a deir na bunúsaithe go bhfuil siad "athshaolaithe", gurbh iad na Críostaithe a "chreideann sa Bhíobla", murab ionann agus Protastúnaigh an "phríomhshrutha", na "nua-aoisigh", na "Liobrálaigh", nach í an Chríostaíocht ach an "Eaglastaíocht" (Béarla: Churchianity) a gcreideamh, dar leis na bunúsaithe. San Ioslam, tugtar jama'at ar na pobail bhunúsaíocha, pobail dhlútha de dhaoine atá sáite sa sítheád (jihad), is é sin, an streachailt naofa in aghaidh an chultúir Iartharaigh a chuireann faoi chois an fíor-Ioslam agus an cineál saol a d'ordaigh Dia mar dhlí, shari'ah, do na fíréin. Sa Ghiúdachas, arís, dearctar ar na Giúdaigh Haredi, nó na Giúdaigh atá "dílis don Tórá", mar bhunúsaithe. Cuireann na seicteacha seo an-bhéim ar chomh difriúil atá siadsan ó lucht leanúna na reiligiún eile, ach thairis sin, creideann siad gurb é a ndearcadh féin ar an saol an dearcadh "naofa", murab ionann agus dearcadh "saolta" an leagain oifigiúil den chreideamh. Bíonn na bunúsaithe ag fruiliú nua-earcaigh as a measc siúd a théann leis an leagan seanbhunaithe oifigiúil den chreideamh, agus iad ag áitiú orthu nach é sin an fíor-chreideamh údarásúil.

Is é tuairim a lán scoláirí go bhfuil na cineálacha éagsúla bunúsaíochta an-chosúil le chéile. Sin é an breithiúnas is dual don té a bhfuil saoldearcadh nua-aoiseach, neamhreiligiúnda nó aindiach aige féin. Mar a scríobh Peter Huff ar an iris úd International Journal on World Peace:

"De réir mar a deir Antoun, cé go bhfuil go leor difríochtaí idir an bhunúsaíocht Ghiúdach, an bhunúsaíocht Chríostaí, agus an bhunúsaíocht Ioslamach ó thaobh an teagaisc agus na gcleachtas de, is é an dearcadh céanna atá ag an trí chuid acu ar an saol, mar atá, go bhfágann siad an saol ar fad faoi údarás na naofachta, agus iad go léir ar an daoraí leis an dóigh a bhfuil an tsaoltacht nua-aoiseach ag dul i bhfairsinge."

[athraigh] Altanna Creidimh na mBunúsaithe

Creideann na bunúsaithe reiligiúnda gur tháinig an scrioptúr naofa go díreach ó dhia nó ó dhéithe a gcreidimh, focal ar fhocal. Tá an creideamh bunúsaíoch bunaithe ar an dá fhoirceadal gur chuir an dia nó na déithe a thoil nó a dtoil in iúl do na fáithe go cruinn, agus go bhfuil an toil sin curtha ar taifead go húdarásúil sa scrioptúr.

Ó ghlactar leis gurb é an scrioptúr briathar Dé, creideann na bunúsaithe nach bhfuil aon duine i dteideal an briathar sin a athrú, a chiall féin a bhaint as ná easaontú leis. Agus an méid sin ráite, is léir go bhfuil go leor difríochtaí idir na bunúsaithe difriúla. Mar shampla, creideann go leor bunúsaithe Críostaí sa tsaorthoil, is é sin, go bhfuil gach duine i dteideal a rogha féin a bheith aige, ach san am céanna, go bhfuil torthaí áirithe ag dul le roghanna áirithe. Tá an dearcadh taithneamhach ag a lán daoine toisc go bhfuil sé simplí: is féidir le cách an rud is mian leis a dhéanamh, ach iad siúd nach bhfuil ag urramú theagasc Dé, imreoidh Dia díoltas orthu, mura n-éirí siad as an bpeaca. Tá an méid sin soiléir ar na horduithe a thug Íosa sa Tiomna Nua i leith cheist an díoltais: "Is liomsa an díoltas, a deir an Tiarna", mar shampla. Tá creideamh na nGiúdach cosúil go leor, ach is é a ndearcadh siúd nach bhfuil sé mícheart díoltas a agairt.




Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Static Wikipedia (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu

Static Wikipedia February 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu