Cogadh Vítneam
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogadh a mhair ó 1957 go dtí 1975 ab ea Cogadh Vítneam (nó An Dara Cogadh Ind-Síneach) ina raibh fórsaí Vítneamacha cumannacha éagsúla ag dul in éadan fórsaí a bhí in ainm is a bheith ag déanamh ionadaíocht do thíortha an Domhain Thiar. Ar thaobh an Vítneam, do bhi fórsaí rialtas na Poblachta Daonlathaigh Viêt Nam, chomh maith leis an bhFronta Naisúnta ar son Saoirse Vítneam Theas (an FNL, nó an Viêt-cong, mar a chuirtear air go minic) ag troid le cuidiú ó Aontas na Sóivéide agus on tSín. Ar an taobh eile, do bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag stiúir na bhfórsaí in éadan Vítneam Thuaidh. Bhí cuidiú ag Vítneam Theas freisin ón Astráil agus ón Chóiré Theas.
Clár ábhair |
[athraigh] Cúlra an Chogaidh
Síneann fréamhacha an chogaidh seo fada siar sa stair. Deirtear go minic gur tír í an Vítneam a bhí ag síortroid ar son a saoirse in aghaidh fórsaí stróinsearacha: an tSín, an Fhrainc, an tSeapáin srl. Is fíor é sin gan dabht, ach sa 20ú haois 'sé an Fhrainc a d'imir an rolla is mó i stair an Vítneam go dtí go gairid héis deireadh an Dara Chogadh Domhanda. B'e thart fán am sin gur éirigh leis na fórsaí réabhlóideacha Vítneamacha a saoirse a bhaint amach - (féach ar Chéad Chogadh na hInde-Síne). Coiscéim an-mhór é sin don phobal bheag choilíneach sin. Ach bhuaigh siad a saoirse in aghaidh praghas daor go leor, óir mar is minice i gcásanna mar sin, bhí coinníol leis an mbua: deighilt na tíre i ndá pháirt. Nuair a síníodh an chonradh Ghinéivach, conradh a chuir deireadh leis an réabhlóid, sa bhlian 1954, chuir sé sin dhá stát ar bun: ceann amháin cummanach, Maoistach - an Vítneam Thuaidh; agus an ceann eile daonlathach, múnlaithe ar eiseimléar an Domhain Thiar (i bprionsabal, ar aon nós) - an Vítneam Theas. Ach nuair a dhiúltaigh uachtarán Vítneam Theas, Ngô Đình Diệm, a bheith ag plé leis an rialtas tuaisceartach, chun oibriú i dtreo athaontais an dá stáit, rud a raibh an rialtas tuaisceartach ag díriú ar óna shínigh sé an conradh, d'éirigh sé soiléir go mbeadh an bealach crua go leor don dá stát.
[athraigh] Tús an Chogaidh
Bhí an strus a bhí ann idir an dá stát óna bunaíodh siad ag fás an t-am go léir. Síníodh an conradh Ginéivach i mí Iúil 1954. De réir an chonraidh féin, bheadh olltoghchán a reachtáil ar an 20ú lá Iúil, 1956 chun an dá stát a athaontú. Ach, i rith na laethanta agus míonna héis síniú an chonraidh, d'éirigh se soiléir nach raibh toghcháin de shórt ar bith a gcoinneáil in áit ar bith. Bhí ró-shuim ag Diem a smacht a choinneáil ar an Vítneam Theas agus i a thógáil amach chun stát stábla frith-chummanachais a chruthú agus a dhaingniú sa deisceart. Níor chréid sé go mbeadh aon toghcháin ina mbeadh an rialtas tuaiscirt páirteach ann saor nó faireálta agus bhí fhios aige go mbeadh ar an stát deisceartacha a reiteach roimh ionsaí dosheachanta de chuid an tuaiscirt luaith ná mall. I ndiadh gach taobh a bheith a ndaingniu agus ag fáil cabhair i foirmeanna eagsúla óná gcuid comhghuaillithe, thosaigh an cogadh i ndairire i 1957 nuair a d'ionsaigh na fórsai tuaisceartacha Vítneam Theas. Suas go dtí an bpointe sin, bhí cúrsaí idir an dá pháirt den tír atá inniu ann ag éirí níos teannta de réir mar a bhí an dá thaobh a bpolaraigh.
Rud a chuir leis an staid sin no go raibh na Stáit Aontaithe ag cuir an-shuim sa mhéid a bhí ag tarlú sna cheantracha sin, mar bhí an Cogadh Fuar faoi lán siúl faoin tréimhse sin. Bhí na SA ag coinneáil súil géarr ar ar tharla sa Vítneam ar go leor ábhair. Uimhir a haon acu, ná go raibh siad in aghaidh scaipeadh an chummanachais-domhanda. Tá Vítneam suite in áit eicínte criticeach san Ais agus le titim an réisím Francach do bhí an tír sin ar tí a titim i láimhe na gCummanach.
Chun stop a chur leis an eachtra sin, thosaigh na SA níos mó tacaíocht a tabhairt don réisím deisceartach. Sa chéad dul síos, do thainig an tacaíocht sin i bhfoirm comharleoiri neo-mílite - b'ea mar sin an scéal oifigiúl - ach de réir mar a chuaigh an cogadh ar aghaidh d'éirigh sé níos soiléire fós go mbeadh rudaí eile de dhíth ar na bhfórsaí deisceartacha dá mba mhaith leo bhagairt an tuaiscirt a chloí. D'thoradh conraithe a bhí déanta idir Vítneam Theas agus SA, bhí cead ag na SA cuidiú a thabhairt don Vítneam Theas chun cosaint a thabhairt lei in éadan naimhdeas Vítneam Thuaidh gan páirt foirmeálta a ghlacadh sa chogadh. Agus, ar an mbealach sin, d'éirigh leis an rialtas Meiriceanach tuille acmhainní a fháil ar son sin gan cead a iarraidh ar an gComhdháil (Congress) mar go hoifigiuil ní raibh siad páirteach i gcogadh dairíre. Mar sin, chuaigh an áireamh trupaí Meiriceanacha a bhí ar fónamh i Vítneam in airde agus anois i bhfoirm trúpaí agus gunnaí cé nar chuireadh ar rolla na SA i Vítneam ach "gníomh póilíneacht".
[athraigh] Dhá Eachtra Tábhachtacha
Is ag an am sin, a tharla dhá rud a raibh éifeacht iontach mhór acu ar chursaí chogaidh: feallmharu Ngô Đình Diệm, uachtarán an Vítneam Theas agus feallmharú John F. Kennedy, uachtarán SAM. Tharla an dá rud sa bhliain 1963 agus cá bhfios nach raibh baint ar a laghad ag an aon rud leis an rud eile. Bhí páirt Mheiriceá sa Vítneam rud éicinte a bhí ann mar gheall ar an gCinnéadach. B'é páirt dá pholaitíocht ná an cummanachas a choinneáil amach ón doras agus go háirithe amach o thíortha an domhain thiar. Ní nach ionadh é sin, mar b'shin rud éicinte a bhi dlúth do chroíthe go leor rialtas san Iarthar. B'shin an fáth gur thacaigh na SAM Diem sa chéad dul síos. Ach, ní raibh Diem ábalta an troid sin a chuir i gcrich. Bhi na SA reidh ullamh chun tacaiocht a thabhairt leis go dti pointe airithe, fad's a raibh se abalta e sin a dheanamh ar beallach eifeachtach agus gun tiontaigh in a chineal aintiarna e fein. Ach de reir mar a chuaigh an ama thart, bhi se soileir nach raibh reisim Diem ag déanamh a leithéid. Thart fá 1963 tar éis buanna de chuid an tuaiscirt agus cloíte de chuid an deiscirt, bhí reisim Diem ar tí a thitim. Bhí Diem ag rith amach as smacht, ag deanamh ionsaithe ar gach a raibh boladh amhrasach air: manaigh Buddhisteacha san aireamh. Ní raibh rialtas an Cinnéadaigh sásta tacú le réim Diem muna raibh seisean ábalta a chion a dhéanamh freisin. Mar thoradh, thosaigh siad pleananna a chur le chéile le haghaidh Diem a bhaint de smacht agus duine éicinte nua a chur ina áit. Bhí an focal coup san aer.
Mar a tharla sé, ní raibh sé sin chomh deacair a reachtáil is a breathnaíodh ar dtús, mar bhí an plean céanna ag cuid de na Ginearáil ón arm deisceartach. Deirtear nach raibh se d'aidhm ag rialtas na SA Diem a mharú. Bhi siad go simplí ag iarraidh réim nua, réim níos eifeachtaí a chur isteach ina áit. Ach bhí níos mó ná sin ar intinn na nGinearál a bhí taobh thiar den phlean i Vítneam. Tiocfadh sin chun tosaigh nuair a mharaigh fear acu é agus a dheartháir ar an 2 Samhain, 1963.
Thainig bás an Chinnéadaigh go gairid ina dhiaidh sin. Tá go leor athmhachnamh déanta ar an eachtra sin, níos mó ná is féidir a chur síos ar an leathanach seo. Ach, is mar gheall ar sin gur tháinig Lyndon B. Johnson chun smacht. Agus is seisean a thóg an cinneadh rolla na SAM i Vítneam a leathnú amach agus, ar an mbealach sin, stair na SAM a athrú ar shlí go hiomlán gan choinne.
[athraigh] Murascaill Tonkin
D'fhonn imní poilitiúla, naistiúnta agus idirnaisiúnta, bhí drogall ar rialtas Meiriceá páirt níos gníomhaí a ghlacadh sa chogadh. Is cinnte, bhí suim mhór ag na bpleanaitheoirí míleata díreach sin a dhéanamh ach d'thoradh cúrsaí inmheánacha agus eachtracha ní raibh siad in ann lán a gcumhacht míleata a chuir isteach sa scéal sin. Níor mhaith leo, mar shampla, fearg an tSín a mhúscailt tríd troid ró-mhór a dhéanamh in éadan Vítneam a Thuaidh, stát, dála an scéil, a bhí ag fáil cuidiú ó cé eile ach an tSín féin. Sin ceann de na frithchosúlachtaí den chogadh sin. Ach bheadh cogadh dáiríre idir na SA agus an tSín in ionad an chogaidh "proxy" sin ro-chostasach agus ro-chontúirteach do na SA agus don domhain ar fad. Mar sin, tháinig cuidiú na Mericeanach chuig Vítneam Theas i gceana go reasúnta beaga ach seasta. B'é sin chuid den phlean an Chinnedaigh ón tús: méadu céimseach de thrúpaí agus d'acmhainní i Vítneam ionnas nach mbeadh cuma "chogaireachta" ar an scéal ar chor ar bith don phobal Meiriceánach nó don phobal idirnásiúnta ach oiread. Ach do lucht airm na SA an rud a bhí de dhith orthu ná ábhar (leiscéal?) concréideach chun tacaíocht níos soiléire, níos míleata b'fheidir, a chuir isteach sa gcluiche.
Agus b'shin a bhfuair siad i 2 lá Lúnasa, 1964, nuair a d'ionsaíodh soitheach-troda de chuid cabhlaigh na SA ag Vítneam Thuadh ar sheoladh isteach don soitheach i Bá Tonkin amach as an gcósta Vítneam Thuaidh. Bhí an soitheach-troda Meiriceách MADDOX ag seoladh i bhfarraigí idirnásiúnta ag an am ag déanamh taiscéil chun eolas a bhailiú faoin gcóras cosanta cósta ag na bhfórsaí Tuaisceartacha. Thart fán am céana bhí na SA ag iompar amach rádaí rúnda ar ionaid cosanta i Vítneam Thuaigh. Ansin, nuair a chonacthas go raibh soitheach-troda ag druidiú leis a gcósta d'fhreagair na fórsaí Vítneamacha Thuadh ar an toirt. Ag deireadh an lae, d'éalaigh an soitheach gan mórán damáiste déanta. Ansin tá cúpla lá i ndiadh sin, ar an 4ú Lúnasa, bhí an soitheach céana in eindí le soitheach-troda eile ag seoladh o dheas sa bhá. Ag druidiú le meán oíche agus thugadar faoi deara go raibh siad faoi ionsaí aríst. Ach an uair sin, d'freagair siad agus d'oscail siad an tine.
Ní léir anois arbh ionsaí dáiríre de chuid fórsaí an tuaiscirt a bhí ann mar ní raibh aon fíanise concréideach ann an lá dár gcionn go raibh rud eicínte go fírinneach tar éis bheith tarlaithe. Agus bhí amhras fiú amhain ar chuid dhe na mairneálaigh ar tharla ionsaí ar chor ar bith. Ach, bhí sé sin go leor do na Washington hawks. Thug an eachtra sin deis do Lyndon Johnson, Uachtarán na SA ag an am tar éis bás an Chinnedaigh, adhmaid a bhaint as an staid. agus thapaigh sé an deis. Bhain sé úsaid as chun cead a fháil ón gComhdháil níos mó acmhainní a fháil don bhfeachtas i Vítneam. Chuaigh na SA ar an ionsaí anois, ag fhreagairt le aer-ionsaithe ó iompaithe-aerárthacha ar spriocanna i Vítneam Thuaidh. Cuireadh 5,000 míle "comhairleóir míleata" breise chuig an Vítneam go dtí go raibh an áireamh iomlán de gníomhaithe (operatives) Meiriceanacha i Vítneam thart faoi 21,000.
[athraigh] An Cogadh ar an Talamh

Chuaigh na gnímh naimhdeacha sin ar aghaidh agus chuaigh an oiread saighdiúrí Meiriceanacha a bhí páirteach ann in airde agus san am céanna chuaigh an méid gortaithe agus marbha a bhí ag teacht ar ais go Meiriceá in airde freisin. Bhí páirt an SA agus a gcomhghuaillithe sa chogadh ag éirí an-mhór ar fad. Agus de réir sin d'iompaigh a rolla sa chogadh freisin go céimseach o rolla cosainteach ag cuidiú leis a "gcomhghuaillithe" i ndeisceart na tíre go dtí rolla ionsaitheach.
Sa bhlian 1965 thosaigh an "Operation Rolling Thunder" feachtas pléascána faoi rún a bhí dírithe ar spriocanna i dtuaisceart na tíre. D'aidhm ag an bplean sin, nó stop a chur leis an gcóras solathair tuaisceartach, an raon "Ho Chi Minh" mar a thugtar uirthi. Ach níor oibrigh sé amach mar a bhíodar ag dúil. Bhí na fórsaí tuaisceartacha lán ábalta trúpaí nua agus raon-solathair eile a fháil le cuidiú ó foinsí eile, an tSín mar shampla.
I 1965 tháinig na chéad trúpaí oifigiúla de chuid na SA go dtí an Vítneam. Tháinig 3,500 saighdiúir de chuid an Chabhlaigh SA chun troda. B'shin tosach an chogaidh ar an talamh. I ndiadh sin, d'fhás an uimhir de thrupaí go tréan agus choinnigh leis ag fás go leanúnach ar bun bliantúil go dtí go raibh thart le 400,000 trúpaí ar an talamh i Vítneam. Agus, ar dtús bhí rath de shórt eicínte orthu. Lena bhfórsaí níos mó agus a n-arm ollmhór, bhí siad in ann troid go héirimiúl in éadan na fórsaí cummanacha. Ach rud a bhí ag síor coinneáil siar an fheachtais ná nach raibh an cogadh i gcomhnaí go oifigiúl ach gníomh póilíneacht. Cinnte go raibh níos mó spás anála ag arm na SA chun acmhainní a chur isteach sa bhfeachtas ach níor fhág sé sin gur chogadh oifigiúl sin ar chor ar bith... do na SA ar aon nós.
Ach do mhuintir Vítneam Thuaidh agus Theas, be chogadh é sin cogadh ar son ideólaíocht, ar son saoirse, ar son neamhspleáchas agus ar son féiniúlacht. Agus sin fhíric a dhéanfadh diofear mór ar son beallach an chogaigh. Agus dá bharr, d'éirigh sé go han-thapa soiléir go raibh an troid i bhfad o bheith buaite ag na SA.
[athraigh] An Ionsaí "Tet" agus Athrú Meóin an Phobail
Giorrúchán don fhrása "Tet Nguyen Dan" nó Féile na Bliaina Uire de réir an fhéilire ghealaigh é sin. Féile a bhí tábhacht mhór ag baint leis do na daoine vítneamacha. Agus b'shin an fhéile a bhí faoi lán siúl ar an 30ú lá mí Eanair, 1968. Ar an lá sin, deirtear gur tháinig an ionsaí is eochrach dhen chogadh sin de chuid na bhfórsaí tuaiscearteacha: an Ionsaí Tet. Bhí sé de bheart ag na fórsaí tuaisceartacha airde na Meiriceánach a tharraingt chuig an teorann idir an tuaisceart agus an deisceart agus in a dhiadh ionsaithe eile a iompar amach ar feadh an déiscirt ar fad. Chun e sin a dhéanamh rinne siad ionsaithe a bhreith amach in aiteachaí suite ar an taobh theas dhen teorann idir Vítneam Thuadh agus Theas. I ndiadh sin, thug siad ionsaithe ar spriocanna níos uaillmhianaí sa deisceart, in a measc áiteachaí mar Khe Sanh, ait mar a bhfaigheadh na mílte saighdiúrí ar chaon taobh an bás. Cé nach ro-rathuil an ionsaí féin do na fórsaí Vítneamacha, rud atá le feiceail on uimhir marbha ar an taobh Vítneamach, bhí éifeacht iontach mhór i Meiriceá dá thairbhe mar is thart fa am an chath sin gur thosaigh athrú meóin na meáin cumarsáide in aghaidh an chogaidh. Agus rinne an athrú sin go leor chun meón an phobail a athrú freisin.
Tá difear mhínitha ann arson an athrú meóin sin, athrú céimseach gan dabht ach athrú dáiríre mar sin féin. Déirtear go minic go raibh an phobal Méiriceánach in aghaidh, ni go hairithe an chogaidh féin, ach in aghaidh an modh ar a raibh an chogadh a chur i gcrích ag an rialtas agus ag an arm. Mar bhí pobal na SA don chuid is mó go radaiceach in aghaidh an chummanachais ach ní raibh an stratéis Mericeánach i Vítneam ag tabhairt go leor torthaí sa chogadh le haghaidh sású an tuairim poiblí. Agus chomh maith le sin, de réir mar a tháinig níos mó chorp abhaile i málaí-choirp, nochtadh an mishástacht sin i bhfoirm an meóin frith-chogaidh a bhí ag éirí ní ba choitcheanna i rith an chogaidh (go mór, mór i measc an aois óig ach sin scéal eile).
Ag an am céana, bhí an ghluaiseacht síochána ag dul i dtreise freisin. Bhí an-thuiscint ann ar son na gluaiseachta sin i measc an aois óig agus cuireadh an tuiscint agus an aontú sin isteach sa cheól agus sa chultúr poiblí.
[athraigh] Athrú Rialtais
D'athraíodh rialtas na SA i 1968, agus ceapadh Richard M. Nixon ina uachtarán ar na Stát Aontaithe. I rith a fheachtais, duirt Nixon go gcríochnódh sé an cogadh i Vítneam, agus go bheireadh sé síocháin dosna Stáit san Aigéan Ciúin. Ach níor tharla gach rud díreach mar a duirt sé.
Bhí fhios ag an rialtas go dtógeadh sé treimhse fada sula bhfaigheadh siad amach as an Vítneam. Chun an phróséas sin a chur ar aghaidh níos tapúla bhí sé tábhachtach go mbeadh laghdú ar rolla airm na SA agus rolla níos mó ag na fórsaí Vítneam Theas. Eilimint criticeach den bplean sin ná usaid ionsaithe aeracha in ionad trúpaí talúna. Mar sin, thosaigh na fórsaí Meiriceánacha ar fheachtas buamála, sa Vítneam ach chomh maith sa Chambóid, áit ina raibh na fórsaí Vítneam Thuadh ag fáil cabhrach agus díon.
Go mall reidh, thainig na trupai meiriceanacha abhaile, agus cuireadh nios mo freagracht i laimh na dtrupai Vitneam Theas, agus a n-uachtarán Thieu. Agus cé gur lean arm na SA ar aghaidh lena n-ionsaithe aer, baineadh usaid as sin chun cuitiú leis an titeam sa mhéid trupai de chuid na SA i Vitneam.
[athraigh] Deireadh an Chogaidh
Ag, a bheag no a mhor, an am céana, bhi Henry Kissinger, Runaí Stait de chuid na SA ag obair go crua in eindi le hurlabhraithe de chuid Vitneam Thuaidh i dtreo conradh siochana a bhuladh amach chun deireadh a chur leis an gcogadh. Theip ar an chead iarracht i 1972 nuair a dhiúltaigh rialtas an Deiscirt a mbeannacht a thabhairt don chonradh. Bhi ceannaire an deiscirt faoin taca sin, Thieu, in eadan an chonartha agus ba leisc leisean agus leis an rialtas aigesean an chonradh a siniu oir ba fo-chlasal den chonradh go mbeadh trupai de chuid Vitneam a Thuaidh lonnaithe i Vitneam Theas. Ach, n'uair a chuir Nixon faoi bhraid Thieu go mbeadh an chonradh a siniu fiu muna raibh an Deiseart sasta pairt a ghacadh ann, d'athraigh se an port aige agus chuaigh se i mbun an diaspoireachta. Bhi Nixon faoi bhru ag an am oir bhi pobal na SA direach i ndiadh fail amach faoin scannal Watergate, scannal a gcuirfeadh deireadh leis an reim aige. Mar sin, ni raibh se in ait mar arbh fheidir leis polaisaithe cogaiachta a bhru chun tosaigh in eadain tola a phobail meiriceanaigh. Ba leir do Thieu nach raibh rogha ar bith aigesean ar chursai. Ghlac se leis an gconradh, sa deireadh, conradh a bfhagfadh go mbeadh an deisceart beagnach gan chosaint i neadan an tuaiscirt.
I 1975 tharraing na SA gach cabhrach militearaigh amach as an tír agus fagadh rialtas an deiscirt chun a chinnuna i neadan an Airm tuaisceartaigh. Gabhadh priomh chathair an deiscirt, Saigon, ar 30u la Aibrean 1975.
Mar thoradh den chogadh, d'éirigh le Vítneam Thuaidh an tir an athaontu arist mar thír amháin le foirm rialtais chumannach. Ó thús an chogaidh go dtí a deireadh i 1975, cailleadh thart ar 3,000,000 Vítneamach agus thart ar 50,000 Meiriceánach.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.