Led Zeppelin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Led Zeppelin | |
---|---|
Bunús | {{{bunús}}} |
Tír | Sasana |
Gníomhach | 1968 – an lá inniu |
Seánra(í) | Rac-cheol, rac crua |
Lipéad/lipéid | Atlantic Records, Swan Song Records |
Baill | Robert Plant Jimmy Page John Paul Jones John Bonham |
Iar-bhaill | Duine ar bith |
Suíomh Gréasáin/ suímh Ghréasáin |
Ledzeppelin.com (suíomh oifigiúl) |
Racbhanna Sasanach ab ea é Led Zeppelin, a bhí an-rathúil idir na 1960í agus na 1980í. Thóg Zeppelin inspioráid ó na gormacha agus rac-cheol, agus chruthaigh siad fuaim nua a bhí níos crua. Cuid de na céad bannaí sna seanraí rac crua agus miotal troime ab ea iad. Chuir siad amach naoi albam, agus bhí roinnt amhráin a bhí clúiteach, mar shampla Whole Lotta Love, Dazed And Confused, Stairway To Heaven, Black Dog, Immigrant Song, Communication Breakdown agus Kashmir.
[athraigh] Stair
Ba é giotáraí agus cumadóir Jimmy Page a bhunaigh Led Zeppelin i 1968 i Sasana. B'eisean an duine a bhí ag seinm le bannaí eile ag am am, mar shampla The Yardbirds. Nuair a bhris an banna seo suas, thosaigh Page ag iarraidh a bhanna féin a chruthú. Bhí aithne aige ar John Paul Jones, ceoltóir an-tréitheach a bhí ag seinm sa stúidieó le na bannaí móra ag an am. D'aontaigh Jones teacht isteach sa bhanna nua, chun an dord-ghiotár a sheinm. Bhuail Page le amhránaí Robert Plant agus drumadóir John Bonham, nuair a bhí siad ag seinm i gceolchoirm le grúpa eile. Oíche amháin sa teach tabhairne, bhí Keith Moon as an bhanna The Who ag magadh faoin bhanna nua, agus dúirt sé go mbéidh siad chomh rathúil le balún luaidhe. Sin ab ea conas a roghnaíodh an t-ainm Led Zeppelin.
[athraigh] Albaim
- Led Zeppelin (1969)
- Led Zeppelin II, (1969)
- Led Zeppelin III (1970)
- Led Zeppelin IV (1971)
- Houses Of The Holy (1973)
- Physical Graffiti (1975
- The Song Remains The Same (1976)
- In Through The Out Door (1979)
- Coda (1982)
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.