Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Aleksandr Solzhenitsyn - Vicipéid

Aleksandr Solzhenitsyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aleksandr Solzhenitsyn
Aleksandr Solzhenitsyn

Úrscéalaí, scríbhneoir drámaí agus staraí Rúiseach is ea é Aleksandr Isayevich Solzhenitsyn (Rúisis: Алекса́ндр Иса́евич Солжени́цын, traslitriú scolártha: Aleksandr Isaevič Solženicyn). Saolaíodh i gKislovodsk é ar an chéad lá déag de Mhí na Nollag, 1918. B'eisean ba mhó a tharraing súil an tsaoil mhóir ar oileánra na gcampaí géibhinn san Aontas Sóivéadach. Bronnadh Duais Nobel sa litríocht air sa bhliain 1970, ach díbríodh as a thír dhúchais é ar chúiseanna polaitiúla, ceithre bliana ina dhiaidh sin. Chuir sé faoi i Vermont sna Stáit Aontaithe, ach nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas sa Rúis, d'fhill sé abhaile.


Clár ábhair

[athraigh] A Shaol

[athraigh] A Shaol san Aontas Sóivéadach

Saolaíodh Aleksandr Solzhenitsyn do bhaintreach óg darbh ainm Kseniya Solzhenitsyna (Ксения Солженицына) née Shcherbak (Щербак). Dealraíonn sé gur fear beartach ab ea é athair Kseniya a bhí ábalta a chuid féin a shaothrú go raidhsiúil, go dtí gur cheannaigh sé eastát mór i réigiún Kuban ar an taobh thuaidh de na sléibhte Cugasacha. Chuaigh an iníon ag staidéar i Moscó le linn an Chéad Chogadh Domhanda, agus b'ansin a casadh athair Aleksandr, Isay, uirthi. Oifigeach óg airm ó réigiún na Cugaise ab ea é Isay freisin. Ina dhiaidh sin, bhain an scríbhneoir an-úsáid as scéal grá a thuismitheoirí san úrscéal Август четырнадцатого/Avgust chetyrnadtsatogo ("Mí Lúnasa sa bhliain 1914") agus ina dhiadh sin sa tsraith úrscéalta An Roth Dearg. Sa bhliain 1918, nuair a bhí an bhean óg ag iompar clainne, fuair an fear céile bás i dtimpiste sealgaireachta. B'iad a mháthair agus a aintín a thóg Aleksandr ansin, agus Cogadh Cathartha na Rúise á chur ina dtimpeall. Ar ndóigh, nuair a tháinig an Sóisialachas i réim, baineadh an t-eastát den teaghlach, agus sa bhliain 1930, iompaíodh ina chalchas é. Dúirt an scríbhneoir gurbh éigean dá mháthair an-chath a chur ar a son agus ar son a muintire, agus í ag coinneáil faoi rún go raibh a fear céile ina oifigeach san Arm Impiriúil nuair a bhí sé beo. Thaitin sé go mór leis an máthair go raibh luí ag an mac le litríocht agus le heolaíocht, agus spreag sí chun staidéir é. Fuair sí bás i ndeireadh na bliana 1939.

Rinne Solzhenitsyn staidéar ar an matamaitic in Ollscoil Stáit Rostov na Donu, agus é ag foghlaim cúrsa poist i bhfealsúnacht, litríocht agus staraíocht san am céanna. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ina oifigeach airtléire san Arm Sóivéadach, i bpáirc an áir. Nuair a tháinig an t-arm a fhad leis an bPrúis Thoir, i Mí Fheabhra 1945, ghabh foireann frithspiaireachta an airm é, ó bhí sé tar éis locht a fháil ar Stalin i litir phríobháideach a sheol sé chuig cara leis. Gearradh téarma ocht mbliana i gcampa daorbhroide dó. Mar chuid den phionós, cuireadh ar díbirt inmheánach é, is é sin, bhí sé ceaptha nach bhfaighfeadh sé cead filleadh abhaile i ndiaidh an téarma a chur isteach.

Chaith sé an chéad chuid den téarma sna campaí daorbhroide. Bhí sé i ndiaidh insint do na húdaráis, áfach, gur "fisiceoir núicléach" a bhí ann. Bhí tuiscint éigin aige do na cúrsaí sin, ós rud é gur matamaiticeoir a bhí ann agus cúrsaí fisice foghlamtha aige san ollscoil, ach is ar éigean is féidir a rá gur fisiceoir d'aon chineál a bheadh ann. Mar sin féin, i ndiaidh cupla bliain cuireadh ag obair é i "sharashka", nó ionad taighde agus eolaíochta a bhí á reachtáil ag na seirbhísí rúnda, agus saineolaithe cimithe ag obair ansin ar mhaithe leis na fórsaí armtha. Níos deireanaí, scríobh sé úrscéal faoin am a chaith sé ansin - В круге первом ("Sa Chéad Chiorcal"). Sa bhliain 1950, arís, cuireadh i gcampa speisialta do phríosúnaigh pholaitiúla é, in Ekibastuz sa Chasacstáin. Ansin, d'oibrigh sé seal ina bhrícléir, seal ina mhianadóir, agus seal sa teilgcheárta. San am sin, freisin, chuaigh sé faoi scian an mháinlia le sceachaill a bhaint de. Ní raibh a fhios aige san am gur ailse a bhí ann.

I ndiaidh an téarma príosúnachta, chuir sé faoi i gKok-Terek sa Chasacstáin, ó nach raibh cead aige dul in aon chóngar dá fhód dúchais. Tháinig an ailse air arís, agus bhí na cúrsaí ag breathnú go han-dona, ach sa bhliain 1954, fuair sé cead isteach in ospidéal oinceolaíochta i dTashkent, agus leigheasadh é le radaíocht ansin. Níos deireanaí, scríobh sé a úrscéal Раковый корпус ("Barda na hAilse") faoin tréimhse a chaith sé i gclinic na radaíochta.

Sna blianta sin, b'í an mhúinteoireacht a choinnigh bia agus beatha leis, ach má bhí am ar bith ar a phraeic aige, is ag scríbhneoireacht a chaitheadh sé é. Bhí sé suite siúráilte, áfach, nach dtiocfadh oiread is líne uaidh i gcló fad a shaoil, agus ní raibh de chroí ann lorg a láimhe a thaispeáint ach don chorrchara a raibh iomlán na muiníne aige as.

Bhí sé dhá bhliain is dhá scór d'aois, nuair a fuair sé de mhisneach dul i bhfianaise Aleksandr Tvardovskiy, file a bhí ina phríomheagarthóir ar an iris litríochta Novyi Mir, leis an ngearrscéal fada úd Один день Ивана Денисовича/Odin den' Ivana Denisovicha ("Lá amháin i saol Ivan Denisovich") a thairiscint dó. Bhí an scéal seo bunaithe ar an gcineál saoil a bhí aige in Ekibastuz. Foilsíodh an gearrscéal ar an Novyi Mir sa bhliain 1962, le cead pearsanta Khrushchev. Nuair a cuireadh an t-eagrán sin den Novyi Mir faoi bhráid na cinsireachta, bhain an gearrscéal sceimhle agus scanradh as na cinsirí, agus ghlaoigh duine acu ar an Novyi Mir le fiosrú de na heagarthóirí, cé acu acu a cheadaigh a leithéid de scéal a chur i gcló. Ó bhí cead Khrushchev ag na heagarthóirí, ní raibh scáth ná eagla orthu roimh an gcinsire, is é an freagra gealgháireach a thug siad gur "thaitin sé go mór leis an iomlán againn". Chuaigh an cinsire ar an daoraí, ach nuair a chuala sé go raibh cead faighte ó Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh féin, d'éirigh sé i bhfad ní ba chúirtéisí - agus d'iarr sé ar na heagarthóirí, fiú, cupla cóip eile a chur chuige, le haghaidh a chuid cairde!

Bhí Khrushchev go díreach ag iarraidh an Páirtí a chur ar bhealach a leasa agus maolú ar chumhacht na Stailíneach. Mar sin, tháinig gearrscéal Solzhenitsyn isteach úsáideach, mar ghléas bolscaireachta in aghaidh an Stailíneachais. Nuair a chuir Leonid Brezhnev agus na sean-Stailínigh eile Khrushchev as oifig, áfach, ní raibh cara sa chúirt ag Solzhenitsyn a thuilleadh. Thosaigh sé ag cailleadh fóid. Baineadh ballraíocht Chumann na Scríbhneoirí de, agus fuair sé é féin á chiapadh ag scabhaitéirí nach ndéanfadh an stát Sóivéadach aon iarracht a stopadh.

Sa bhliain 1970, bronnadh Duais Nobel sa litríocht ar Solzhenitsyn. Má bronnadh féin, áfach, níor mhaolaigh sé ar an bhfeachtas géarleanúna. Ní dheachaigh sé go dtí an tSualainn, áfach, nó bhí eagla air nach ligfí isteach go dtí an Rúis arís é, dá mbeadh teorainn na tíre trasnaithe aige. Lean sé leis ag scríobh a mhórshaothair, ar ar chrom sé thiar i lár na seascaidí an chéad uair - Архипелаг ГУЛаг, nó "Oileánra GULag", is é sin, stairsheanchas na gcimí ó champaí géibhinn Stalin.

Ar an tríú lá déag de Mhí Feabhra, 1974, d'fhuadaigh lucht na seirbhísí rúnda Solzhenitsyn. Shíl sé ar dtús go rabhthas le hé a mharú, ach is é an rud a tharla gur tugadh ar bord eitleáin é lena dhíbirt go dtí Iarthar na Gearmáine. Chaill sé saoránacht an Aontais Shóivéadaigh, agus b'éigean dó, ar dtús, seal a chaitheamh ar cuairt i dteach Heinrich Böll.

[athraigh] San Iarthar dó

I ndiaidh dó seal a chaitheamh san Eilvéis, fuair an scríbhneoir cuireadh ó Ollscoil Stanford teacht go dtí na Stáit, le go bhféadfadh seisean agus a mhuintir cur fúthu in áit shuaimhneach, agus seans aige féin bheith ag scríbhneoireacht leis. Bhí cónaí air, tamall, ar an chéad úrlár déag de Thúr Hoover, ar cuid é d'Institiúid Hoover. Sa bhliain 1976,. chuaigh sé ina chónaí i gCavendish, Vermont. Bhronn Ollscoil Harvard céim oinigh air sa Litríocht, agus ar an ochtú lá de Mhí Iúil, 1978, thug sé óráid inar cháin sé cultúr comhaimseartha an Iarthair go tréan..

Sna chéad ocht mbliana déag eile, chuir Solzhenitsyn deireadh ar an tsraith d'úrscéalta faoi Réabhlóid na Rúise, mar atá, "An Roth Dearg", chomh maith le roinnt mionsaothar. Sa bhliain 1990, fuair sé saoránacht an Aontais Shóivéadaigh ar ais, agus d'fhill sé go dtí an Rúis in éineacht lena bhean chéile, Natalia, a bhain amach saoránacht na Stát Aontaithe idir an dá linn. D'fhan an bheirt mhac acu thiar sna Stáit.

Cé gur fearadh fíorchaoin fáilte roimhe sna Stáit, agus muintir na tíre sin ag urramú a phríobháideachta, níor mhothaigh Solzhenitsyn é féin compordach riamh i Meiriceá. Níor éirigh leis, fiú, líofacht a bhaint amach i mBéarla cé gur chaith sé scór de bhlianta sna Stáit.

Bhí Solzhenitsyn ag tabhairt rabhaidh faoi chomh dainséarach is a bhí an Cumannachas agus chomh patuar is a bhí an tIarthar i bhfianaise an dainséir seo. Thaitin an chaint seo go mór mór leis na ciorcail choimeádacha san Iarthar, ach má thaitin féin, thosaigh na liobrálaigh agus lucht na saoltachta ag lochtú an dóigh a raibh an scríbhneoir ag moladh an tírghrá Rúisigh agus an reiligiúin Rúisigh. D'ionsaigh Solzhenitsyn ceol agus popchultúr an Iarthair freisin, agus é den tuairim go raibh sé ag marú dúchas spioradálta an duine.

[athraigh] An Filleadh go dtí an Rúis

Solzhenitsyn - Vladivostok - 1994
Solzhenitsyn - Vladivostok - 1994

Ó tháinig sé ar ais go dtí an Rúis sa bhliain 1994, d'fhoilsigh Solzhenitsyn ocht ngearrscéal, sraith de "mhionscéalta" nó dánta próis, cuimhní cinn ar na blianta a chaith sé san Iarthar, agus stair an chaidrimh a bhí ag na Giúdaigh agus na Rúisigh le chéile. Cuid de na léitheoirí, tá siad den tuairim go bhfuil an saothar báúil leis na Giúdaigh, agus an chuid eile ag cur frith-Ghiúdachais i leith an scríbhneora. Ó thaobh amháin de, diúltaíonn Solzhenitsyn go tréan do na náisiúnaithe coimeádacha Rúiseacha a bhíonn ag rá gur "comhcheilg Ghiúdach" ba chúis le réabhlóidí na Rúise sna blianta 1905 agus 1917. Ón taobh eile de, iarrann sé ar an dá phobal, idir Rúisigh agus Ghiúdaigh, a dtrom-mheabhrú féin a dhéanamh ar lucht a gcomhdhúchais a bhí páirteach i gcoireanna an Chumannachais.

An dóigh ar glacadh leis an saothar seo, taispeánann sé gur ábhar conspóide é Solzhenitsyn agus a shaothar sa bhaile agus i gcéin i gcónaí. Deir lucht a cháinte nach bhfuil sa mhórshaothar staraíochta sin ach dearbhú ar a chuid dearcthaí frith-Ghiúdacha agus ar an mbarr feabhais atá ag an Rúis ar na náisiúin eile, dar leis. Cuid mhór de na daoine a raibh meas an laoich acu ar an scríbhneoir agus an dóigh ar chuir sé in aghaidh ollsmacht an Aontais Shóivéadaigh, bhain sé stangadh agus mealladh astu a fheiceáil go raibh a leithéid de bharúlacha aige. Chosain an tOllamh Robert Service ó Ollscoil Oxford Solzhenitsyn, nó dúirt sé go raibh an Giúdach Trotscaí féin den tuairim, lena linn, go raibh ionadaithe thar a gceart féin ag na Giúdaigh i maorlathas an stáit Shóivéadaigh.

Scríobh scríbhneoir clúiteach Rúiseach eile, Vladimir Voinovich, staidéar aighneasach faoi Solzhenitsyn, Portráid faoi scáth an mhiotais ("Портрет на фоне мифа", 2002.), inar cháin sé féinspéis, frith-Ghiúdachas, agus drochscríbhneoireacht Solzhenitsyn. Roimhe sin féin, d'ionsaigh Voinovich é ina úrscéal Moscó sa bhliain 2042 ("Москва 2042"), agus é ag déanamh cur síos ar "Sim Simich Karnavalov", scríbhneoir uaibhreach leithleach atá ag iarraidh an tAontas Sóivéadach a chur de dhroim an tsaoil le rí na Rúise a ghairm de féin. Scigaithris ar Solzhenitsyn is ea é Karnavalov.

Sna scríbhinní polaitiúla is deireanaí a tháinig i gcló óna pheann, cháin Solzhenitsyn an olagarcacht a cruthaíodh sa Rúis le teacht an "daonlathais". Ní airíonn sé uaidh an Cumannachas Sóivéadach, áfach. Cosnaíonn sé tírghrá measartha féinchriticiúil in áit náisiúnachas antoisceach, agus tá an féinrialtas áitiúil ar ceann de na clocha is mó ar a phaidrín freisin. Tá sé buartha faoi chás na Rúiseach a bhfuil cónaí orthu sna poblachtaí iar-Shóivéadacha agus faoi charachtar náisiúnta na hEaglaise Ortadocsaí, agus é den bharúil nár chóir misinéireacht Phrotastúnach ná Chaitliceach a cheadú sa Rúis. Ar feadh tamaill, bhí seó teilifíse dá chuid féin aige agus cead cainte neamhshrianta aige ansin, ach baineadh an seó den teilifís go luath, de cheal lucht féachana. Mar sin féin, bíonn Solzhenitsyn le feiceáil agus le cloisteáil sna meáin chumarsáide go minic, inniu féin.

Bhain clann mhac Solzhenitsyn amach saoránacht Mheiriceánach, agus clú is cáil ar dhuine acu, Ignat, mar phianódóir agus mar stiúrthóir ceolfhoirne sna Stáit Aontaithe.

[athraigh] A Dhearcadh ar Chúrsaí na Staire is na Polaitíochta

Sna blianta a chaith sé san Iarthar, bhí Solzhenitsyn an-ghníomhach sa diospóireacht faoi stair na Rúise, an Chumannachais, agus an Aontais Shóivéadaigh. Bhí sé ag cur a chuid tuairimí chun tosaigh go talcánta tréan, agus é suite siúráilte go raibh an tIarthar ar fad mícheart faoi chúrsaí a thíre dúchais agus go raibh sé de dhualgas air muintir an Iarthair a chur ar bhealach a leasa.

[athraigh] An Cumannachas, an Rúis, agus an Náisiúnachas

Is minic a chreidtear gurbh í brúidiúlacht na nImpirí Rúiseacha a chuir tús le brúidiúlacht an Aontais Shóivéadaigh i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Is é tuairim Solzhenitsyn, áfach, nach bhfuil sa chiallú seo ach deargsheafóid, agus is é an breithiúnas a thug sé ar shaothar an scoláire Mheiriceánaigh úd Richard Pipes nach raibh ann ach "tuiscint na bPolannach ar stair na Rúise". Is é tuairim Solzhenitsyn nach raibh claonadh inmheánach in Impireacht na Rúise chun foréigin, mar a bhí san Aontas Sóivéadach. Creideann sé nach gcleachtadh an Impireacht cinsireacht ar bith, nach mbítí ag caitheamh easaontóirí polaitiúla i dtóin an phríosúin ná á gcéasadh chun báis sna campaí géibhinn. Ní raibh póilíní rúnda an Impire ag obair ach sa trí chathair ba mhó san Impireacht, agus ní raibh cead isteach acu sna fórsaí armtha, - dar le Solzhenitsyn. Deir sé freisin nach raibh na hImpirí leath chomh brúidiúil leis na Cumannaigh riamh.

Tá sé inbharúla fosta nár chóir Impirí na Rúise ón séú haois déag agus ón ochtú haois déag a mhilleánú faoi olltubaistí na fichiú haoise, ó tá sé níos inchreidte foinsí agus réamhshamplaí an fhoréigin Bhoilséivigh a lorg in uafáis na réabhlóide san Fhrainc.

In áit a bheith ag fáil loicht ar an Rúis agus ar na Rúisigh, a deir sé, ba chóir Marx agus Engels a lochtú, agus é barúlach gur dual don Mharxachas féin an foréigean. Is é an tátal a bhaineann sé as an scéal go bhfuil an ollsmachtúlacht agus an foréigean i ndúchas an Chumannachais, agus nach raibh a dhath as an ngnáth faoin gCumannachas Rúiseach.

Níl sé sásta a admháil, ach an oiread, gur stát Rúiseach a bhí san Aontas Sóivéadach. Áitíonn sé gur idé-eolaíocht idirnáisiúnta é an Cumannachas nach raibh ach ag glacadh buntáiste ar an Náisiúnachas leis an gcumhacht a bhaint amach agus le cluain a chur ar na daoine. Nuair a ghabh na Cumannaigh an chumhacht, - a deir sé, - d'fhéach siad le gach náisiún a chur de dhroim an tsaoil, gach cultúr a léirscrios agus cos ar bolg a imirt ar gach pobal.

Deir Solzhenisyn fosta nárbh iad na Rúisigh agus an cultúr Rúiseach a bhí i gceannas ar an Aontas Sóivéadach. Déanta na fírinne, ní raibh aon chultúr náisiúnta ann, a deir sé. Bhí na cultúir náisiúnta éagsúla go léir faoi chois ag an gcultúr aindiach Sóivéadach. Is é is dóigh le Solzhenitsyn ná go raibh an cultúr Rúiseach ní ba mhó faoi chois ná na cultúir bheaga náisiúnta, ó nach raibh eagla ar an lucht rialtais roimh cheannaircí eitneacha i measc na mionlach. Mar sin, níor chóir do mhuintir an Iarthair a shíleadh gur naimhde nó bagairt iad an náisiúnachas Rúiseach nó Eaglais an Oirthir, ach comhghuaillithe, agus gur chóir don Iarthar cuidiú agus spreagadh a thabhairt dóibh.

[athraigh] An Dara Cogadh Domhanda

Cháin Solzhenitsyn na Comhghuaillithe toisc nár oscail siad an dara cathéadan in aghaidh na Naitsithe ní ba luaithe i rith an Dara Cogadh Domhanda. B'é sin ba chúis leis an dóigh ar shealbhaigh na Sóivéadaigh tíortha Oirthear na hEorpa le cos ar bolg a imirt orthu. Dar le Solzhenitsyn gur beag a bhuair muintir na dtíortha daonlathacha san Iarthar a gcloigne le cinniúint na ndaoine san Oirthear, nó b'é ba tábhachtaí leo ná an cogadh a chríochnú san Iarthar chomh sciobtha agus ab fhéidir.

[athraigh] An Stailíneachas

Dhiúltaigh Solzhenitsyn freisin don dearcadh gurbh é Stailín a chruthaigh an stát ollsmachtúil agus gurbh "fhíor-Chumannaigh" iad Léinín agus Trotscaí nár theastaigh uathu aon duine a chur chun báis go héagórach. B'é tuairim Solzhenitsyn gurbh é Léinín a thosaigh na slua-bhásuithe, a chuir an eacnamaíocht ó mhaith, agus a chuir an chéad tús leis na seirbhísí rúnda agus na campaí géibhinn.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com