Aibítir Laidineach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í an aibítir Laidineach (nó an aibítir Rómhánach) an córas scríbhneoireachta aibítreach is mó in úsáid ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. Tá 26 litir sa bhun-aibítir, agus úsáidtear é, le roinnt modhnuithe, sa chuid is mó de theangacha na hEorpa (roinnt tíortha Oir-Eorpach in easnamh), i Meirceá Thuaidh agus Theas, san Afraic Fo-Sahárach, agus in oileáin an Aigéin Chiúin.