An tAigéan Atlantach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clúdaíonn an tAtlantach (nó an tAigéan Atlantach) limistéar 100,000,000 km², agus is é an dara haigéan is mó ar domhan in achar. Is ó scaradh mhór-roinne na hAfraice agus Mheiriceá na miliúnta blian ó shoin a tháinig sé ar an saol. Is é a dhoimhne is mó 9,560 m ag scoilt Phórtó Rícó. Ina lár tá sraith sléibhte fo-mhuireach, an Droim Lár-Atlantach.
Leathann an tAtlantach ón Eoraip siar go Meiriceá Thuaidh, agus ó dheas idir Mheiriceá Theas agus an Afraic. Clúdaíonn an t-aigéan an aistear ar fad ón Artach ó dheas go dtí Antartaice. Tugtar an tAtlantach Thuaidh ar an gcuid ó thuaidh ón Meánchiorcal, agus an tAtlantach Theas ar an gcuid ó dheas uaidh.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.