Karl Marx
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba cheann de na fealsúna ba thábhachtaí é Karl Marx (5 Bealtaine, 1818 - 14 Márta 1883) den 19ú haois.
[athraigh] Saol
Rugadh é i dTrier in aice leis an abhainn Moselle é do chlann meán-aicme Giúdach. D'fhreastal s ar dtús ar dámh an dlí in ollscoil Bonn ach chuir a athair chuig ollscoil Bheirlín é, áit a d'fhan sé ar feadh ceithre bliana. Thóg sé post mar eagarthóir sa nuachtán an Rheinische Zeitung, foilseachán liobrálach. Tháinig sé go Páras ag deireadh 1843, áit a bhuail sé le Friedrich Engels. Cuireadh amach as Páras iad agus bhog siad chuig an Bhruiséil i 1844. Scríobh siad a gcuid smaointe sa An Forógra Cumannach agus díreach tar éis a fhoilsiú, cuireadh roinnt éirí amach ar siúl ar fud na hEorpa. Tar éis seal eile sa Ghearmáin mar eagarthóir ar nuachtán eile a cuireadh faoi chois, an Neue Rheinische Zeitung, chuaigh Marx go Londain i mBealtaine 1849.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.